[Siar / Back]

Beannachtaí na Féile
le
Mí-shásta
 
le caoinchead Chlár Plé BEO
 
4 Iúil, 2002
 

Beannachtaí na Féile ar ár gcáirde go léir sna Stáit ar bhur lá náisiúnta.

Tá na Réalta & Stríoca ar an deasc os mo chomhair amach, buidéal “Wild Turkey Rare Breed” taobh leis, agus T-leine le pictiúir de Mickey Mouse agus an mana “Póg Mé, Is Poncán Mise” á chaitheamh agam.

Tá máirseálacha de chuid Sousa le Banna Ceoil Sráid na Beairice á chasadh ar an sean-sheinnteor Pye laistiar díom.

Ó! Nár bhreá liom bheith thall i lár an aonaigh, i mbaile beag meán-Mheiriceánach, na boinn ag glioscarnaigh ar uchtanna mórtasacha na sean-shaighdiúirí is iad ag gabháilt thart sa mhórshiúl, cosa dea-chumtha árdchéimeacha gleoite na majorettes ag druidim linn. Ach faraoir táim dúnta istigh anseo im’oifigín i “Chetwynde Downs”, na bairillí báistí ag lascadh anuas ósna firmimintí amuigh.

Anois seasaimís agus canaimís le chéile (an lámh dheas trasna an uchta) in onóir síor-cháirdis idir ollchumhacht Mheiriceá agus na Seanfhóid – an t-oileáinín iathghlas uisciúil s’againne.

I'm singing in the rain
Just singing in the rain
What a glorious feeling
I'm happy again

I'm laughing at clouds
So dark up above
'Cause the sun's in my heart
And I'm ready for love

Let the stormy clouds chase
Everyone from the place
Come on with the rain
I've a smile on my face


I'll walk down the lane
With a happy refrain
'Cause I'm singing
Just singing in the rain

Le caoinchead Gene Kelly

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall