|
|||||||||||
| le | |||||||||||
| Mí-shásta | |||||||||||
| le caoinchead Chlár Plé BEO | |||||||||||
| 23 Bealtaine, 2002 | |||||||||||
|
Táim ar mo shuaimhneas anseo i m’oifigín coinneal-lasta anocht, rós dearg amháin i mbláthchuach fliúite, gloine fliúite seaimpéin i mo láimh. Mise gléasta i dtuxedo sofaisticiúil. Mórphiano oscailte ós mo chomhair amach. Bhuel, chun an fhírinne a rá, níl aon phiano ann, nílim ach ag ligint orm fhéin. Bhí piano beag sa tolglann tráth ach bhí orainn fáil réidh leis chun slí a dhéanamh don mheaisín pinball. Agus ní rabhas riamh in ann aon rud a sheinnimt air ach amháin na céad bharraí den tiúin ragtime sin le Scott Joplin, an téamacheol as 'The Entertainer,' nach ea? An cuimhin libh:- Da Da Da Da – Da Da Da – Da Da, Da Da Da Da – Da Da Da – Da Dum. Ach ní bhaineann mo cheiliúradh beag príobháideach anseo le Scott Joplin, ach le hoirfideach mór le rá eile, an tAirméineach-Fhrancach, Charles Aznavour. Rugadh Charles cothrom an lae seo i 1924. Bhuel, cothrom an lae inné mar tá sé ag éirí déanach. Lá Breithe Sona dhuit, a Shéarlais an bhéil bhinn. Anois ba mhaith liom amhrán a chanadh go speisialta do Róisín Dubh. Tá fhios agam, a Róis, nach mhaith leat Béarla ar an gclár seo ach faraoir níl mo chuid Fraincíse thar moladh beirte (ná mo chuid Gaolainne ach an oiread). Fan go nglana mé an scornach, Hhhh, Hhhh, Hhhmmm. A h-aon , a dó, a trí: She Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall |
|||||||||||