|
||||||||||
| le | ||||||||||
| Mí-shásta | ||||||||||
| le caoinchead Chlár Plé BEO | ||||||||||
| 26 Bealtaine, 2002 | ||||||||||
|
ÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÉÉÉÉÉÉÍÍÍÍÍÍÍÍÍ ! Bhain an scréach taobh thiar díom geit uafásach asam. Bhíos chomh dírithe ar an monatóir nár thugas mo bhean fé ndeara is í ag teacht isteach gan choinne chomh ciúin leis an gcat. “Ahá” ar sise “GAFA, sa deireadh, bhí a fhios agam gur ag breathnú ar phorn gránna a bhí tú istigh anseo san oifigín”. Cléireach den sean-déanamh is ea an t-Athair Flannigan, an sagart paróiste. Ina shagart óg dó, bhíodh sé ag seanmóireacht mar gheall ar an mbaol morálta a bhí insna scannáin Hollywood, ansan nuair a tháinig an teilifís ba ócáid mhór pheacaí a bhíodh insna cláir. Níos déanaí b’iad na físeáin gorma a bhí ag déanamh tinnis dó. Anois, dar ndóigh, tá sé an-bhuartha faoin idirlíon. Tá mo bhean go mór faoi thioncar an tsagairtín agus bíonn sí ag iarraidh i gcónaí teacht anuas orm agus mé ag féachaint ar na suíomhanna craicinn. Bíonn díomá mór uirthi nuair nach bhfeiceann sí ach teachtaireachtaí léannta as Gaeilge-A ar an scáileán.Ach an babhta seo cad a bhí ós a comhair amach ach radharc seomra leapan le grúpa ban leathnocht i mbun gníomhaíochtaí soiléire leisbiacha. “Tá dul amú ort”, arsa mise, “ní porn atá ann ach árd-ealaíon.” Is beag cur amach atá aici ar aon saghas ealaíona, árd ná íseal. Uair amháin agus í ar oilithreacht go dtí an Róimh, thugadar cuairt ar mhusaem na Vatacáine. An t-aon rud a bhí le rá aici faoi, ná go raibh sé uafásach mór, go raibh na cosa á marú agus gur cheap sí nach sroisfídís an exit go deo. Nuair a dúras léi nach raibh an áit go léir feicthe aici mar go raibh sciathán amháin dúnta don phobal a bhí lán de ealaíon angrách ón ré clasaiceach i leith, cheap sí go rabhas ag magadh. Ach chun filleadh ar an oifigín anseo …… “Cad atá ar súil ag na striapaigh siúd” a d’fhiafraigh sí. “N’fheadar” arsa mise “is ar na fo-éadaí a bhíos ag díriú mo shúile, agus ní striapaigh iad ach mná uaisle na Fraince”. “Táir ag admháil go dána go rabhais ag breathnú ar phictiúr de mhná i bhfo-éadaí” a scréach sí. “An mbeifeá níos sásta dá mbeinn ag féachaint ar fhir i bhfo-éadaí” d’fhreagraíos.
“Dochreidte” arsa mo bhean “ tá tú bainteach le bean óg ‘deas’ i bhfeitisíochas ar fho-éadaí”. “Ní hea” arsa mise” ní feitisíochas, stair na bhfo-éadaí atá idir chamáin againn. Agus creid é nó ná creid, táim díreach tar éis fionnachtain rí-thabhachtach a dhéanamh, de thaisme”. “No, ní chreidim in ao’chor thú, cén discovery atá aimsithe agat?”. “Féach air sin” arsa mise”. “Aigh!, cá bhfuil an gabhal?” ar sise. “Huh?” a d’fhiafraigh mé. “Níl aon ghabhal sa bhrístín sin” ar sise. " Ó! N’fheadar! B’fhéidir faisean na haoise! Ní hea, bhíos ag féachaint ar an síniú beag sa chúinne, Jean-Honoré Fontaine”. “Agus cé hé an Jean-Honoré céanna?” a d’fhiafraigh sí. Jean-Honoré Fontaine, duine de mhór-ealaíontóiri Francacha an ochtú aois déag, libertine, ball den Academie Francaise, cara le Voltaire agus Rousseau, confidante de Madame Pompadour. Bhain sé cáil amach de bharr a phictiúir de bhaill na cúirte sa stíl rocócó ‘fete galante’, agus bhain sé mí-chlú amach de bharr a scenes d’amour, de boudoirs na n-uaisle. Tá aithne níos fearr air mar an Marquis de Made. Chaith Luis XVI isteach sa Bhastille é, mar gheall ar phortráid scannalach a dhein sé de Marie Antoinnette. Scaoileadh saor é nuair a gabhadh an Bastille i dtús na Réabhlóide ach dódh a chateau go talamh níos déanai agus cailleadh an cnuasach dá ealaíon anghrách. Is as an chateau céanna a ainmníodh an fíon cáiliúil ‘Chateau Neuf du Made’. Nuair a osclaíodh an Gran Tour arís i ndiaidh Waterloo, d'aimsigh fear óg desna Chetwyndes, Vivian St.John, roinnt pictiúir de chuid de Made i siopa ealaíona i bPáras. Cheannaigh sé iad ar shlad-mhargadh mar bhí an stíl rocócó imithe as faisean faoin am sin. B’iad na pictiúir sin croí an chnuasaigh ealaíne cháiliúla a bhailigh na Chetwyndes.Ach in ath-imirt na staire, dódh Castle Chetwynde go talamh le linn na dTrioblóidí agus cailleadh an cnuasach go léir. Cheap na saineolaithe gurbh shin deireadh le healaíon anghrách de Made. Ach anois ta ceann aimsithe agam ar an idirlíon. “A leithéid de leithscéal ráiméiseach níor chuala mé riamh” arsa mo bhean. “Ó! mo léan, m’fhear céile ag íoslódáil porn ón idirlíon, caithfidh mé cómhairle a lorg ón Athair Flannigan.” “Away leat” arsa mise “agus nuair a bheidh tú ag caint leis, cuir ceist air an mbeidh sé in ann pas a fháil duit chun ealaíon anghrách na Vatacáine a fheiscint ar do chéad turas eile go dtí an Róimh, mar creid é nó ná creid is insan sciathán sin atá an bunphictiúr lonnaithe, an radharc boudoir a fheiceann tú ar an scáileán anseo.” Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall |
||||||||||