|
||||
|
|
||||
| Maisiúcháin Nollag | ||||
| le | ||||
| Mí-shásta | ||||
| le caoinchead Chlár Plé BEO | ||||
| 26 Nollaig, 2001 | ||||
|
M'anam ón Diail, ní féidir iontaoibh a chur in éinne! Níor thugas aon cheann do Clifden nuair a diarr sé airgead orm chun soilse nollag nua agus roinnt mhaisiúcháin eile a cheannach. Thugas seic bán sínithe dó. Bhíos as baile ar feadh dha lá an tseachtain seo caite, agus nuair a thánag abhaile níor chreideas an radharc a bhí ós mo chomhair amach: an tigh go léir clúdaithe le soilse, bolgáin mhórá, fhada, chasta, ribín-soilse, bána, dearga, buí, ag glioscarnach, ag loinniú is ag preabarnach; fear sneachta leictreach i lár na plasóige, fíoracha ar thomhas nádúrtha le naomhluanta neon den Teaghlach Naofa istigh sa chonservatory. Nach fada an bóthar a chuireadar díobh ón stábla umhal i mBeitheal go dtí ár gconservatory PVC nua-Victeoireach le gloinniú dúbailte, glais tríghníomhacha agus teas lárnach. Ar bhárr an dín, Santaí meidhreach lena réinfhianna ag sodar ó bhinn go binn, agus mar bhárr ar an donas, ar bhiorr na haeróga, síóg ag rinnce an can-can. Ó, an náire, an deargnáire!. Sinn inár gceap magaidh sa chlub gailf. A leithéid de thaispeántas gáiréadach, a leithéad de chomóntacht nua-rachmasach. Cumann Áitritheoirí Chetwynde Downs ag rá go scriosfaidh an seó gáifeach seo luachanna na dtithe is ag maíomh gur chóir cead pleanála a bheith fachta roimh ré. Údaráis an aerfoirt ag éileamh go laghdaímís cumhacht na soilse ar eagla go gcuirfimís eitleáin ar mhíthreoir. Na Gárdaí ag clamhsán faoin tranglam tráchta de bharr na sluaite ag teacht chun an taispeántas a fheiscint. Daoine ag bualadh ar an bhfrontdoras chun a fháil amach cá bhfuaireamar fíoracha an Teaghlaigh Naofa. Sinn go léir bodhraithe ag Buachaillí an Dreoilín ó Bhloc an Phiarsaigh i mbun bhacachais ar na cuairteoirí amuigh lena véarsa amháin de The Wran, the Wran, the king of all birds. An córas á thripeáil go rialta de bhárr forualaigh. Agus mo chúntas reatha laghdaithe £1253.68 (Euro1591.83) Níor cheapas, nuair a chuaigh Clifden le hinnealtóireacht leictreach in UCC, go mbeadh sé ag baint úsáid as ár dtighne mar thionscnamh experimenteála. Agus an t-airgead go léir a chaitheamar ar scoileanna príobháideacha. Bah Humbug! Uainn go léir anseo in #37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall PS Táim ag cuimhneamh ortsa go speisialta, a Róisín, is tú amuigh ansan ar mhachairí reoite oighreata Mheiriceá Thuaidh. |
||||