[Siar / Back]

Nollaig na mBan
le
Mí-shásta
 
le caoinchead Chlár Plé BEO
 
6 Eanáir, 2002
 

A Mhná na h-Éireann, a Mhná na Cruinne, guím beannachtaí agus gach rath oraibh go léir, ar bhur lá seo - - Nollaig Bheag, Nollaig na mBan.

Go maire sibh an céad, is bliain chun aithrí, go bhfaighe sibh bhur Vailintín dathúil a thabharfaidh fíorghrá seasmhach daoibh, fear céile a nífidh na gréithe, máthair chéile a thabharfaidh comhairle cabhrach gan clabhsán daoibh is cúram dosna leanaí, agus paistí a staonfaidh ó dhrugaí dleathacha is mídhleathacha.

Sibhse nach bhfuil ról traidisiúnta mháthair tí i ndán daoibh, go mbaine sibh árdthaithneamh as bhur saoirse is go gcoimeáda sibh an rince ar siúl go dtí éirí na gréine.

Agus sibhse a bhfuil aois “áirithe” bainte amach agaibh, go bhfana an tsláinte libh agus go raibh cáirde dílse agus comharsana cineálta i ngar daoibh.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

PS Táim ag cuimhneamh ortsa go speisialta, a Róisín, is tú amuigh ansan ar mhacairí reoite oighreata Mheiriceá Thuaidh.