|
|
| |
| An duitse an láithreán seo? |
| |
| MIC LÉINN |
Má tá
tú ag foghlaim Gaeilge -- ar scoil, ar an ollscoil, nó
i d'aonar -- tig le hEo Feasa cuidiú leat.
Más maith leat cur le d'eolas ar ghramadach, ar fhoclóir,
agus ar chora cainte na Gaeilge tá oide pearsanta ar fáil
anseo duit. |
|
| |
| FOGHLAIMEOIRÍ |
| Tabharfaidh an láithreán
seo cúnamh pearsanta duit "ar
líne" má tá tú ag foghlaim Gaeilge -- ar
scoil, ar an ollscoil, nó i d'aonar. Mínítear gramadach
na Gaeilge anseo ar bhealach feidhmiúil de réir
mar a labhraítear agus mar a scríobhtar í agus soláthraítear
stór focal a bheidh oiriúnach
don scrúdú béil. |
| |
| CEARTÚCHÁIN / CEISTEANNA |
| Inis dúinn an leibhéal atá
sroichte agat. Tig linne do chuid ceapadóireachta a cheartú agus
tú a chur ar an eolas faoi na pointí
gramadaí arbh fhiú duit díriú orthu. Tá
oide pearsanta anseo chun do chuid ceisteanna
a fhreagairt, comhfhreagras a choinneáil leat, agus do chuid foghlama
a threorú. |
| |
| LUCHT OLLSCOILE |
| Más mian leat feabhas
a chur ar do chuid Gaeilge féin bain triail as ár seirbhís
ceartúcháin. Níl slí ab fhearr chun cruinneas
gramadaí a bhaint amach ná staidéar
a dhéanamh ar do chuid botún féin. |
| |
| CLÁRAIGH ANOIS |
|
Ní gá duit do theach féin a fhágáil
le teagasc a fháil sa Ghaeilge! Níl ort ach cuimhneamh
ar an láithreán seo!
Nuair a léifidh tú na leathanaigh réamhrá seo
léigh an chaoi le clárú. Líon
isteach an fhoirm iarratais, Foirm Iarratais,
agus seol chugainn í tríd an ngnáthphost mar aon leis an
táille.
Más fearr leat tig leat an
fhoirm ar líne a sheoladh chugainn agus an táille a
íoc le PayPal.
|
| |
|
|
|
|
CÓIPCHEART © EO FEASA 1999 / 2003
|
|