|
|
| |
| Cúlra Eo Feasa |
| An bhrí atá le hEo Feasa
-- Dearadh agus Cothabháil an Láithreáin seo -- Cúlra
an Údair -- Gaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh -- An
Coláiste Samhraidh san Eachléim, Gaeltacht Mhaigh Eo. |
|
| |
| EO FEASA |
| Cláraíodh an t-ainm Eo Feasa in Éirinn mar ainm gnó ag an údar a bhfuil áisíneacht aistritheoireachta á reachtáil anois aige agus láithreáin éagsúla ar an idirlíon á gcóiriú aige. www.eofeasa.ie |
|
| |
| EO FEASA |
| Is ionann EO FEASA
agus "bradán an eolais". Sa bhéaloideas
deirtear gur loisc Fionn a ordóg ar an mbradán seo
a bhí á bhruith aige agus as sin amach go raibh fios osnádúrtha
aige. Bradán ar leith ab ea an t-eo feasa ar nós an chrainn
toirmiscthe i nGáirdín Phárthais. Is i Léim an
Bhradáin, Contae Chill Dara atá cónaí ar údar
an láithreáin oideachais seo. |
|
| |
| DEARADH AGUS COTHABHÁIL |
| Mar mhúinteoir theastaigh ón údar
an meán nua leictreonach seo, an t-idirlíon, a chur chun
leasa na Gaeilge agus seirbhís teagaisc a chur ar fáil sa
bhaile do scoláirí ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid
Gaeilge. Toisc go bhfuil beagán cur amach aige ar dhearadh láithreáin
agus ar an nGaeilge tá dóchas aige go mbeidh ar chumas EO
FEASA seirbhísí eile agus ábhair eile a
chur ar fáil do scoláirí a bhfuil teacht acu ar an
idirlíon |
|
| |
| AN tÚDAR |
|
Múinteoir Gaeilge ab ea an t-údar ar feadh tríocha
bliain. Tháinig a thuismitheoirí ó Bhreifne
Uí Ruairc i dtuaisceart Chontae Liatroma agus an Chabháin
mar a mbíodh Breac-Ghaeltacht i dtús na haoise
seo. Bhíodh Coláiste Samhraidh i nGleann Gaibhleann
tráth. Tá rún ag an údar a chuid eolais ar an teanga a roinnt le foghlaimeoirí ar an láithreán seo.
[Mír breise 2003 ] Tá bród
ar an údar gurb é atá i bhfeighil láithreán Éigse Chathal Buí
láithreán a dhéanann
ceiliúradh ar oidhreacht cheantar a mhuintire. Is féidir
níos mó eolas a fháil ar a
láithreán gnó www.eofeasa.ie
[Mír breise 2004 ] I ngeall ar bhrú oibre tá an tseirbhís ceartaithe aistí á scor. Iarrtar ar scoláirí a chláraigh roimhe seo a gcuid oibre a sheoladh isteach ar an ngnáthbhealach. Leanfar le foilsiú na leathanach ar ghramadach na Gaeilge. |
|
| |
| SCOIL CHEARBHAILL UÍ
DHÁLAIGH |
| Sa bhliain 1979 bhí an t-údar páirteach i mbunú na Gaelscoile seo i Léim an Bhradáin. Tá os cionn ceithre chéad dalta bunscoile ag foghlaim trí Ghaeilge sa scoil sin anois agus líofacht mhaith acu go léir sa teanga.
|
|
| |
| EACHLÉIM |
| Bhí an-bhaint ag
an údar leis an gcoláiste samhraidh Gaeilge, Coláiste
Riocáird Bháiréid, i gceanntar na hEachléime
in Iorras i nGaeltacht Mhaigh Eo. |
|
|
|
|
|
|
|