MODHANNA EO FEASA Homepage (English)
Read in English Clár Cinn i nGaeilge
 
Modhanna Múinte
 
Léamh --- Leabhra Gramadaí --- Foclóirí --- Cleachtaí
--- Aistriúcháin --- Leabhra Gramadaí --- Foclóirí
 
Léamh
 
Sna ceachtanna seo gheobhaidh tú comhrá, scéal, litir, nó aiste le léamh i dtosach. Seo ceacht samplach.
 
Tuiscint
 
Mínítear na focail, na cora cainte, agus gramadach na n-abairtí sa scáileán thíos faoi bhun gach ceachta. Níl ort ach bualadh ar na nascanna cuí. Seo sampla de leathanach gramadaí.
 
Scríobh
 

Cuirfear roinnt ceisteanna bunaithe ar an sliocht ort ansin agus tabharfar cleachtaí ceapadóireachta duit. Má chláraíonn tú linn soláthróimid freagraí samplacha ar na ceisteanna agus ceartóimid do chuid ceapadóireachta duit taobh istigh d'achar ghearr. Ar deireadh iarrfar ort sliocht bunaithe ar an gceacht a aistriú go Gaeilge nó aiste de do chuid féin a chur chugainn le ceartú. Seo cleachtadh samplach.

Nuair a gheobhaidh tú d'aiste ceartaithe ar ais beidh deis agat foghlaim ó do chuid earráidí féin agus ard-chruinneas sa Ghaeilge a bhaint amach.

 
Ceisteanna
 
Má tá ceist ar bith agat féin a bhaineann le hábhar tig leat í a chur chugainn agus déanfaimid ár ndícheall í a fhreagairt gan mhoill. Cliogáil anseo
 
Leabhra Gramadaí
 

Nuair is gá soláthróimid tagairtí do na ceachtanna cuí sna leabhra gramadaí. Faoi láthair molaimid:

NEW IRISH GRAMMAR
leis Na Bráithre Críostaí
arna fhoilsiú ag Muintir Uí Fhallúin

agus

TEACH YOURSELF IRISH
arna fhoilsiú ag
Hodder and Stoughton.

 

 
FOCLÓIRÍ
 
Seo iad na foclóirí is feiliúnaí atá ar fáil don bhfoghlaimeoir sa Ghaeilge faoi láthair. Foilsítear sainfhoclóirí ar ábhair ar leith ó thráth go chéile.

Gaeilge-Béarla:
FOCLÓIR GAEILGE-BÉARLA,
Eagarthóir Niall Ó Dónaill,
Arna fhoilsiú ag Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath.
An foclóir is mó agus is údarásaí.

Béarla-Gaeilge:
ENGLISH-IRISH DICTIONARY
,
Eagarthóir Tomás de Bhaldraithe,
Arna fhoilsiú ag An Gúm, An Roinn Oideachais, Baile Átha Cliath. 1959.
Tá an foclóir seo beagán as dáta faoi seo ach is é an ceann is mó dá bhfuil ar fáil.
Tá géarghá le foclóir nua cuimsitheach Béarla-Gaeilge
a chuirfeadh an téarmaíocht nua ar fáil.


Béarla-Gaeilge / Gaeilge-Béarla:
FOCLÓIR PÓCA
Arna fhoilsiú ag An Gúm, An Roinn Oideachais,
Baile Átha Cliath.
Foclóir an-mhaith do fhoclóir chomh beag leis.
Níos cuimsithí ná de Bhaldraithe

Béarla-Gaeilge / Gaeilge-Béarla:
COLLINS POCKET IRISH DICTIONARY
Harper Collins Publishers
Leagan amach an-deas.
Roinnt focal nua-cheaptha atá thar a bheith cliste.

 

 
Homepage (English) Suas leat arís! Clár Cinn i nGaeilge
An duitse é seo? Réamhrá Ceartú aistí
Na Ceachtanna Eo Feasa féin An Ghaeilge féin
Seirbhísí eile Nuacht Eo Feasa An chaoi le clárú
Coinníollacha Foirm Iarratais Scimigh leat! Slán!
 
CÓIPCHEART © EO FEASA 1999