Nuacht EO FEASA Homepage (English)
Read this in English Clár Cinn i nGaeilge
NUACHT

8 Deireadh Fomhair, 2004

Caithfear an láithreán seo a athrú arís i ngeall ar bhroid oibre. Nílim in ann freastal ar an tseirbhís ceartaithe aistí níos mó agus is oth liom go gcaithfidh mé deireadh a chur leis. Ba chóir do scoláirí a chláraigh liom go dtí seo leanacht orthu ag seoladh a gcuid oibre chugam agus leanfaidh mé orm á ceartú mar is gnách. Ní bheidh ar mo chumas glacadh le scoláirí nua áfach.

Tá athchóiriú iomlán beartaithe agam don láithreán ar scála níos lú agus níos áisiúla don bhfoghlaimeoir.

19 Meitheamh, 2004

I ngeall ar bhrú oibre níorbh fhéidir liom mórán a dhéanamh leis an suíomh seo le tamall agus ó tharla gur athraíodh an láithreán ar a bhfuil na scrioptanna cgi do na foirmeacha ní raibh cuid acu sin ag obair i gceart. Níor thugas é sin faoi deara go dtí gur cuireadh ar mo shúile dom é. Táim á gceartú liom oiread agus is féidir liom agus glacaim leis go mbeidh ina cheart i gceann cúpla lá.

10 Deireadh Fomhair, 2003

Diaidh ar ndiaidh nuair a fhaighim an t-am chuige cuirim leis an láithreán seo. Obair mhall í ach taitneamhach. Faoi láthair táim ag ullmhú ceacht ar an módh coinníollach. Chomh maith leis sin táim tosaithe ar chluichí beaga a chur leis na ceachtanna chun suimiúlacht a chur sa bhfoghlaim. Beidh tuilleadh faoi seo ar ball beag. Feicfidh tú an chéad iarracht ar Cheacht 101. Tá na cleachtaí ar Cheacht 102 leasaithe agam chomh maith.

25 Bealtaine, 2003

Foilsíodh an láithreán seo, EO FEASA, chun an Ghaeilge a mhúineadh thar an idirlíon den chéad uair i mí an Mheithimh, 1999. A bhuíochas do roinnt bheag foghlaimeoirí ar fud an domhain ón tSeapáin go dtí an Astráil go dtí na Stáit Aontaithe agus Meiriceá Theas tháinig sé slán.

Anois i mí Bhealtaine 2003 táthar ag cur leis an bhforléargas cuimsitheach seo d'fhoghlaimeoirí ar ghramadach na Gaeilge ar an ngréasan domhanda. De bhreis air sin leanfar ar aghaidh leis na gnéithe seo a leanas den láithreán:

  • Gheobhaidh foghlaimeoirí a chláróidh le hEO FEASA ceartúcháin ar a gcuid scríbhinní agus freagraí ar a gceisteanna. [ Cláraigh ]
  • Faoin teideal FAQs about Irish foilseofar cuid de na freagraí a thugtar ar na gnáth-cheisteanna is minicí a chuirtear i dtaobh gramadach na teanga. [ FAQS ]
  • Foilsítear anseo cuid de na haltanna a scríobh "Mí-shásta" i dtaobh "Chetwynde Downs" bruach-bhaile samhailteach cheann dár gcathracha. [ "Chetwynde Downs" ]
  • Ar deireadh tá dialann dár teideal "Beachaireacht" á scríobh ag an údar anseo. [ "Beachaireacht" ]
CLÁRÚ
Is féidir le foghlaimeoirí Gaeilge clárú anois chun comhairle agus ceartúchán a fháil ar a gcuid obair scríofa. Níl mórán coinníollacha i gceist agus níl na táillí daor. Má tá tú féin ag foghlaim Gaeilge seo seans duit slacht a chur ar do chuid gramadaí, nó má tá mac nó iníon leat ag ullmhú do scrúdú b'fhéidir nár mhiste dó nó dí cupla aiste breise a dhéanamh. Smaoinigh air. >>>>

Go raibh maith agat as do shuim go dtí seo.

Go maire ár dteanga beo!

Beir bua agus beannacht!

 
Ar ais chuig barr Léigh i mBéarla Treoir don láithreán &
chuig leathanaigh eile.
Application Form.
an leathanaigh seo. Read in English Foirm Iarratais.

Arna dhearadh ag EO FEASA