|
Tá fáilte romhat chuig láithreán EO
FEASA. Láithreán is ea é seo chun teagasc
pearsanta sa Ghaeilge a chur ar fáil ar an idirlíon.
Mar mhúinteoirí tá ár saol caite againn ag
teagasc sa seomra ranga. Anois is le fonn agus le díograis
a thugaimid faoin meán nua seo chun an teanga a chraobhscaoileadh.
Is é atá á dhéanamh againn ná sraith
ceachtanna sa Ghaeilge mar aon le míniúchán ar
an ngramadach agus cleachtaí ag leibhéil éagsúla
a fhoilsiú anseo. Beimid ag cur leo de réir a chéile
agus á n-athrú ag brath ar an éileamh ó fhoghlaimeoirí.
Níl slí is fearr chun teanga a fhoghlaim go maith ná
í a scríobh agus breithiúnas múinteora a fháil
ar do chuid oibre. Uime sin más mian leatsa do chuid ceapadóireachta
a chur chugainn le ríomhphost ceartóimid agus márcálfaimid
duit í agus cuirfimid ar ais chugat í maraon le ceartúcháin
agus comhairle.
Is féidir le foghlaimeoir
cláruithe ceisteanna, fiosrúcháin, agus
iarratais ar chabhair a chur chugainn agus seolfaimid freagra
ar ais chomh luath in Éirinn agus is féidir. Gheobhaidh
tú eolas faoin gcaoi le clárú
ag An chaoi le clárú agus
táillí ag Coinníollacha.
Tá aiféala orainn nach mbeidh ar ár
gcumas feasta ainmneacha Gaeilge a sholáthar le haghaidh
báid, cait, gadhair, ná tithe; ná mallachtaí
Mhamó a aistriú ón nGaeilge cé go mbainimis
taitneamh as ár gcomhfhreagras ar na hábhair sin le
daoine ar fud an domhain. Tá an t-am éirithe giortach
orainn anois agus ní mór dúinn é a chaitheamh
go ciallmhar.
|