Eagarfhocal Feasta Deireadh Fómhair 2000
Eagarfhocal, Feasta, Deireadh Fómhair 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



CLG & Plean na Gaeilge

Bíonn Cumann Lúthchleas Gael go mór i súilibh an phobail an taca seo bliana, nuair a bhíonn na craobhchluichí ar siúl san iománaíocht agus sa pheil. Thart ar bhliain ó shin bhíomar ag caint anseo ar an réabhlóid a chruthaigh an eagraíocht sin i saol na tíre, nuair a bunaíodh í in 1884, naoi mbliana sular bunaíodh eagraíocht réabhlóideach eile, Conradh na Gaeilge. Bheadh sé deacair an tír seo a shamhlú inniu gan na cluichí a d¹eagraigh agus a d¹fhorbair Cumann Lúthchleas Gael le céad bliain anuas.

Ní miste dúinn smaoineamh i gcónaí nach eagraíocht í a bhí gafa go huile leis na cluichí céanna, dá fheabhas a d¹éirigh léi sa chúram sin. Múscailt spiorad agus mheanma an phobail a bhí mar phríomhaidhm ag na bunaitheoirí - a chur i gcuimhne do dhaoine go raibh cultúr agus saíocht dá gcuid féin acu, agus gurbh fhiú agus gur chóir iad sin a chaomhnú agus a chur chun cinn. Má bhí, agus má tá daoine ann a shíleann gur eagraíocht í seo nach bhfuil de chúram uirthi ach cluichí a eagrú, níl an ceart acu. Tá méar i gcónaí ag an gCumann ar chuisle an náisiúin agus seasann sé fós le fealsúnacht na mbunaitheoirí.

Is ábhar lúcháire é mar sin go bhfuil plean nua don Ghaeilge foilsithe le déanaí ag C.L.G., Plean Gaeilge na Mílaoise. Cuirtear i gcuimhne dúinn arís sa réamhrá, a ghabhann leis an bplean, gur 'ceann de bhunchlocha an Chumainn an Ghaeilge agus an cultúr a chaomhnú agus a leathnú.¹ Is gníomh fíorthábhachtach ar son na Gaeilge é an plean seo, ag eagraíocht a bhfuil a thionchar le brath i ngach paróiste sa tír. Ba mhór an feall é mura dtugtar aird air agus aitheantas dó i measc an Chumainn i gcoitinne, agus i measc na n-eagraíochtaí a bhfuil an Ghaeilge mar chúram orthu chomh maith.

Níl sé i gceist an plean a phlé go mion anseo, bíodh gurbh fhiú é sin a dhéanamh dá mbeadh spás ann chuige. Is leor a rá gur plean cuimsitheach atá ann, go bhfuil béim á leagan ar ghníomhaíocht phobail, agus go mbeifear ag comhoibriú leis na heagraíochtaí eile atá ag obair ar son na teanga. Beifear ag súil go dtabharfaidh Conradh na Gaeilge aird ar leith ar an bplean, agus go bhféachfar chuige go mbeidh comhoibriú praiticiúil le fáil dó ó chraobhacha an Chonartha ar fud na tíre. Is fíor go bhfuil ceangal ar leith idir an dá eagraíocht ó bunaíodh iad araon breis agus céad bliain ó shin, agus is minic gurb iad na daoine céanna a bhí gníomhach sa dá eagraíocht.

Dúradh ní ba luaithe gurb é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht dheonach is mó tionchair i saol poiblí na tíre seo. Ní bheadh sé feiliúnach d¹aon dream eile a bheith ag rá leo conas a bplean a chur i gcrích. Tá céim thábhachtach glactha acu ar son na teanga. Tá súil againn go mbeidh an t-aitheantas úd le fáil acu, go léifear agus go bpléifear an plean, agus ansin go mbeidh an comhoibriú praiticiúil á iarrann siad ar fáil acu.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >