Smaointe Polaitíochta Feasta Lunasa 2000
William Halliday - Díograiseoir dílis Gaeilge

le Seán Ua Cearnaigh

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Tá dhá áit i gcathair Bhaile Átha Cliath, iad gar go leor do Pháirc an Fhíonnuisce, a ainmníodh in ómós d¹Angla-Éireannach gustalach a thabhaigh clú dó féin mar riarthóir agus mar ársaitheoir. Ba é William Halliday (1789-1866) an duine ud, trádalaí rachmasach a bhain gradam amach i gcúrsaí baincéireachta - bhí sé ina stiúrthóir ar feadh tamaill ar Bhanc na hÉireann.

B¹aontachtaí é Halliday ar mhór leis an ceangal le Sasana. Bhí a shliocht air: chaith sé tréimhse mar Chonsal Briotanach sa Ghréig. Bhí ardspéis aige i seanstair Átha Cliath agus scríobh sé an leabhar spéisiúil úd 'Scandanavian Kingdom of Dublin.¹ Is in ómós don duine seo, ar chomhairle aontachtaithe na hardchathrach, gan amhras, a ainmníodh Bothar Halliday agus Cearnóg Halliday.

Bhí Halliday eile ann, áfach - deartháir le Charles - a bhfuil a chuimhne imithe i léig ar fad anois. Níl bóthar ná cearnóg ná plaic bheag ar dhoras tí againn, fiú, chun a chur i gcuimhne dúinn gur mhair a leithéid riamh. Cén dochar ach bhí sé ar laochra móra ghluaiseacht na Gaeilge sa tseanaimsir. Má sheas a dheartháir ar mhaithe leis féin agus le hImpireacht na Breataine, sheas William Halliday leis an sean-náisiún Gaelach agus bhí sé ar cheannródaithe móra ghluaiseacht na teanga.

I mBaile Átha Cliath a rugadh William Hallilday sa bhliain 1788. Chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide agus bhain sé céim dlí amach sa bhliain 1811. Chuir sé spéis sa Ghaeilge agus é ina stócach. D¹éirigh sé cáirdiúil le triúr fear ón Mumhain, ar chainteoirí ó dhúchas iad, agus d¹fhoghlaim sé an Ghaeilge go seoigh uathu.

Sa bhliain 1807 agus é ina mhac léinn ollscoile, bhunaigh sé Cumann Gaelach Átha Cliath agus d¹éirigh leis díograiseoirí dílse, idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh agus eile a mhealladh chuige, a bhí sásta gníomhú go lándáiríre ar son na Gaeilge. An bhliain dár gceann d¹fhoilsigh sé a mhórshaothar, Grammar of the Irish Language, leabhar a bhí ina áis chuidiúil d¹fhoghlaimeoirí na teanga.

D¹aistrigh sé an chéad chuid de mhórshaothar an Chéitinnigh, Foras Feasa ar Éirinn go Béarla.

Sa bhliain 1812 thosaigh sé ar fhoclóir cuimsítheach Gaeilge a chur le chéile agus bhí ag éirí go geal leis. Faraoir, bualadh go dona tinn é i bhFómhar na bliana céanna. Níor tháinig sé slán as an mbreoiteacht. Ar an 26ú lá de Dheireadh Fómhair 1812 d¹éag an Gael dílis seo agus gan ach ceithre bliana agus scór slánaithe aige.

Leaca ná comhartha dá laghad níl sa phríomhchathair inniu féin chun ainm an tírghráthóra seo a bhuanú. B¹fhiú agus ba chóir do Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath féachaint chuige go leigheasfar an scéal sin amach anseo.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >