Buann an dorchadas orainn
Ár gcur amú le cruthanna cama,
Le méid a scáile nó go ngealann
An solas an tslí dúinn.
Ach is é dorchadas na huaighe
An dorchadas is measa.
Slogann sé an mhuintir
Is ansa linn.
Cur i gcéill í gleoiteacht na mbláth;
Feonn siad chun duibhe, le grian
Nó le bos chrua an tseaca.
Fágtar sinn ag breathnú uainn
Trí cheo ár gcaointe. Dúnaimid
Ár súile ag triomú súl is srón dúinn.
An smúsáil agus an srónaíl,
Folaíonn siad boladh na mbláth.
Fuar, fann é an Creideamh
Cois tuama dúinn,
Muna dtagannan Solas
Dár ngoradh.