Eagarfhocal Feasta Lunasa 2000
Eagarfhocal, Feasta, Lunasa 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo


Tíonól Gaeltachta Ghort a¹ Choirce

Níl aon amhras ná gur ceann de na himeachtaí is fearr ar fad a eagraíonn Conradh na Gaeilge gach bliain ná an Tionól Gaeltachta. Is dócha go bhfuil na Tionóil seo ar siúl anois le thart ar deich mbliana, agus iad ag gluaiseacht ó Ghaeltacht go Gaeltacht an taca seo gach aon bhliain.

Bhí an Tionól ar siúl i mbliana i nGort a¹ Choirce i dTír Chonaill agus mar is gnách is breá mar a d¹éirigh leis. Ní hé go mbíonn slua ollmhór i láthair, ach tá a bhlas ar leith féin air mar ócáid. Is iontach mar a léirítear conas mar atá a éagsúlacht féin ag baint le gach Gaeltacht, ach fós go bhfuil an teanga, pé acu Gaeilge í nó Gaelainn, mar a bheadh snáithe óir á gceangal le chéile.

Tá aon ní amháin a chuireann na Tionóil seo i gcuimhne dúinn arís cad é mar thragóid a bheadh ann dá sleamhnódh na Gaeltachtaí uainn de bharr neafais agus neamhsuim an phobail i gcoitinne, ach go háirithe na n-údarás a bhfuil cúram rialaithe agus riaracháin na tíre orthu.

Ní haon fháilte rómhór a cuireadh roimh bhunú Choimisiún na Gaeltachta sa chúinne seo cúpla mí ó shin, ach fiú mura ndéanfadh sé ach a chur i gcuimhne don phobal agus do na húdaráis arís an tábhacht ar leith a bhaineann leis na ceantair seo, bheadh lá maith oibre déanta. Ní hé atá á rá againn ach oiread go mairfidh pobal na Gaeltachta ar bhriathra amháin ná ar an teanga amháin, seachas mar a dhéanfadh pobal áit ar bith eile.

Nuair a cuireadh tús leis na Tionóil seo bhí sé i gceist go dtabharfaí aird ar leith ar Ghaeltachtaí 'laga'. Ní gach duine a bhíonn sásta leis an téarma seo 'lag¹ sa chás seo, ach luíonn sé le réasún go mbeadh an teanga níos láidre i gceantair seachas a chéile.

Anuraidh bhí an Tionól ar siúl i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Ní bréag é nach í an Ghaeltacht is treise í ó thaobh labhairt na teanga, ach fós bhí Tionól ar fheabhas ar fad ann. Ní hamháin go raibh togha coiste áitiúil ann i bhfeidhil eagrúcháin, ach bhí pobal na háite ag glacadh páirte in imeachtaí uile na deireadh seachtaine. Ba léir a suim agus a dtuiscint ina n-oidhreacht agus go háirithe ina dteanga. Ba phríbhléid a bheith ina measc ag éisteacht leo ag cur síos ar a ndúthaigh féin agus ar stair agus seanchas na dúthaí sin.

Áit eile ar fad í Gort a¹ Choirce, trí chéad éigin míle ó thuaidh i dTír Chonaill. Más láidre í an Ghaeilge anseo, ba bheag a bheadh eatarthu ó thaobh gnaíúlachta an phobail, ach thar aon ní, bheadh an tsuim agus an bród céanna acu ina n-oidhreacht a bhí le tabhairt faoi deara in Uíbh Laoire.

Ba bhreá a bheith ag éisteacht le daoine mar Phádraig Ó Ceallaigh agus Noel Ó Gallchóir, agus go leor eile acu, ag cur síos ar sheanchas na háite. Cad a déarfá le hOileán Toraí agus leis an bpobal bríomhar atá ansiúd? An bhfuil rí ar aon ríocht faoin spéir chomh líofa le Peatsaí Dan Mac Ruairí, nó an bhfuil tuiscint níos fearr aige ar na dualgaisí a ghabhann lena ghradam. Agus tá súil againn go dtugann Éamon Ó Cuív cé dóibh i Machaire Rabhartaigh ar aon dul leis an gceann breá atá i dToraí. Is beag is fiú ceann gan an ceann eile.


.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >