Smaointe Polaitíochta Feasta Lunasa 2000
Smaointe Polaitíochta

le Proinsias Mac Aonghusa

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



De réir a lán foinsí sé seo séasúr na seafóide maidir le cúrsaí poiblí, nuachta, polaitíochta agus saoil. Is dóigh gurb é séasúr na saoire é leis an gceart a dhéanamh, dóibh siúd a chaitheann saol atá leagtha amach go néata agus a mbíonn tréimhse cinnte saoire acu. Ach ná déan dearmad de gur i Lúnasa 1914 a thosnaigh an Cogadh Mór, agus gur i Lúnasa na bliana 1969 a thosaigh an chogaíocht sna Sé Chontae. Agus is i mí Lúnasa 1649 a tháinig Oilibhéar Cromaill chun na tíre seo. Is i mí Lúnasa, freisin, sa bhliain 1882 a tharla maraithe gránna Mhám Trasna. Thairis sin ar fad, nach ar an 21 Lúnasa 1970 a bunaíodh an SDLP agus Gerry Fitt mar cheannaire air?

Meastú an bhféadfadh an dáta áirithe sin a bheith in intinn an dream spéisiúil dlíodóirí, lucht páipéar nuachta, ailtirí agus eile a ndeirtear fúthu go bhfuilid ar tí páirtí nua polaitíochta a bhunú?

Tá roinnt ann a shíleann gurb é sin díreach ainm an pháirtí, An Páirtí Nua. Ní drochainm é. Is fíor gur sin an t-ainm a thug Sir Oswald Mosley ar a pháirtí féin i dtús na dtríochaidí, An Páirtí Nua - ach b¹shin i dtír eile. Tar éis an tsaoil nár thug Deasún Ó Máille an t-ainm Progressive Democrats ar a dhream féin sa bhliain 1985, cé gur páirtí den eite dheis a bhí aigesean, agus páirtí den eite chlé a bhí ag Noel Browne agus Jack McQuillan nuair a bhunaigh siadsan na National Progressive Democrats. Thiocfadh dó nach bhfuil an oiread tábhacht in ainm is a síleadh tráth.

Ní móide go mbaineann cóipcheart le hainm páirtí a bhíonn imithe leis an ngaoith. Ar chaoi ar bith nach mór an spórt caint a bheith ann faoi pháirtí nua? Níl fhios agam mórán faoin té a ndeirtear é a bheith á chur ar bun, Colm Mac Eochaigh. Cá bhfios nach mbeidh trácht mhór air fós?

Sé Colm is cionn tsiocair le beart a dhéanamh a thug imeachtaí aite a bhain le hairgead, tógáil, vótáil Chomhairle Contae, agus ceangail aisteacha chairdis chun solais. Is fíor nach bhfuil a dhath cruthaithe os comhaire cúirte agus nach bhfuil aon chúiseanna dlí i gceist go fóill. Mar sin féin, is léir go raibh nithe éigin as bealach ag tarlú ar feadh tamaill fhada scór bliain ó shin i gContae Átha Cliath, agus murach a ndearna Colm Mac Eochaigh go dtiocfadh dó nach mbeadh fios go deo orthu. Is duine é atá le moladh.

Is i Scoil Lorcáin agus i gColáiste Eoin, institiúidí Gaeilge, a cuireadh oideachas air. Is dóigh mar sin go bhfuil Gaeilge aige, bua a d¹fheilfeadh d¹aon chinnire páirtí.

Go hiondúil níor ghá an oiread sin aird a thabhairt ar luaidreáin go mb¹fhéidir go mbunófaí páirtí úr. Ach tá an saol polaitíochta athraithe. D¹éirigh leis an Daonlathas Clé agus gan aige ach sé shuíochán i nDáil Éireann a bheith i Rialtas agus ceithre theachta dá chuid a bheith sa Chomhaireacht. D¹éirigh níos fearr fós leis na Daonlathaigh sa bhliain 199 .......

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >