Eagarfhocal Feasta Mí na Samhna 2000
Eagarfhocal, Feasta, Mí na Samhna 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



An tAire agus an Oidhreacht

Cad a bhí i gceist ag an Aire De Valera le déanaí nuair a dhein sí an ráiteas úd faoinár gcultúr a bheith i mbaol de bharr ár gceangal leis an Aontas Eorpach? Ní hé nach bhfuil sí i dteideal a leithéid de ráiteas a dhéanamh, má shíleann sí go bhfuil sin amhlaidh, go háirithe ag féachaint don aireacht atá faoina cúram - ach b¹fhearr go mór go mbeadh sí níos soiléire maidir le cén gnéithe dár gcultúr nó dár n-oidhreacht a fheictear di a bheith i mbaol, nó cén reachtanna de chuid an Aontais atá ag cur isteach orthu.

Tá tábhacht ar leith leis an gceist seo in Éirinn, mar is minic nach mbíonn daoine ar aon fhocal faoi cad atá le háireamh mar ár gcultúr nó ár n-oidhreacht. Tá cuid againn, mar shampla, a shíleann gurb í an Ghaeilge an ghné is tábhachtaí ar fad díobh. Tá daoine eile sa tír, cuid díobh sa tsaol poiblí agus i measc ár lucht rialaithe, nach gcreideann gur aon chuid sainiúil dár n-oidhreacht í an teanga chéanna. Ní hé, ar ndóigh, go sílimid an tAire a bheith sa champa sin.

Is cinnte go bhfuil an teanga i mbaol, ach ní ó chuamar i bpáirt leis an Aontas Eorpach a tharla sin. Tá sí faoi ionsaí anois le breis agus ceithre chéad bliain. Go deimhin, tá daoine ann a déarfadh cur cosaint bhreise di sinn a bheith i bpáirt leis an Eoraip, ní hamháin toisc an éagsúlacht teangacha atá ann, ach go bhfuil na teangacha sin, a bhformhór díobh i bhfad níos láidre ná mar atá an Ghaeilge, faoi bhrú leanúnach ag an mBéarla.

Gan amhras, b¹fhéidir gur chóir dúinn a bheith ag súil le níos mó cabhrach ón Eoraip chun ár dteanga a chosaint, ach ag cur san áireamh gur olc a sheas ár rialtas le stádas na teanga sa Bhruiséal, is ar éigean gur chuige sin a bhí an tAire.

Nach aisteach leis gur thall sna Stáit Aontaithe a rinne sí an ráiteas conspóideach. Tá fhios ag an saol go bhfuil iomaíocht ghéar idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach, iomaíocht eacnamaíoch don chuid sí mó, ach tagann cúrsaí cultúrtha i gceist freisin. Ar ndóigh, bhí ceangal ar leith ag an tír seo leis na Stáit, de bhrí go bhfuair an oiread sin dár muintir dídean agus fostaíocht ann, nuair a bhí siad san go mór de dhíth orainn. Ní hé nár mhaith linn go mairfeadh an ceangal sin. San am céanna is ball den Aontas Eorpach sinn. Is ann atá ár ngealltanais pholaitíochta agus eacnamaíochta tugtha. Tá go leor a déarfadh leis gur mó an brú ar ár gcultúr ó na Stáit Aontaithe ná ón Eoraip.

Tá gach ceart againn sa tír seo polasaithe agus rialacha an Aontais Eorpaigh a cheistiú, mura n-oireann siad do leas ár muintire. I gcás airí rialtais is dualgas é. Níl ann ach nach dóigh linn gur thall i mBoston is cuí é a dhéanamh. B¹fhearr go ndéanfaí anseo sa bhaile é, nó fiú amuigh sa Bhruiseál. Ar a laghad ansin, ba ghá a mhíniú cad chuige a bhíothas. Cá bhfios nach bhfuil i gceist ach polaitíocht logánta an Chláir, ach má sea, is fada ó bhaile a chuaigh an tAire leis.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >