rogha as Feasta Márta 2001
Máire Ní Chochláin agus Polaitíocht na Gaeltachta

le Nollaig Ó Gadhra
(Is saoririseoir agus léachtóir sa chumarsáid ag IT naGaillimhe é Nollaig Ó Gadhra)


Fuaireamar léargas an-spéisiúil ar staid na polaitíochta i nuaré na Gaeilge neamhéigeantaí an deireadh seachtaine roimh Lá 'le Pádraig, tús Sheachtain na Gaeilge. Faoin am sin bhí fógraí á rith ag R.T.É. - mar is gnách leo bail ó Dhia orthu! - ag meabhrú Sheachtain na Gaeilge dúinn, ag moladh don phobal - mar a dhéanfadh aon chóras seirbhíse poiblí - a raibh de Ghaeilge acu a úsáid, agus lena gceart a thabhairt do chuid de na bolscairí, ag cleachtadh na gcúpla focal iad féin.

Ag an am céanna bhí fógraí, i mBéarla amháin, ag dul amach ón Roinn Talmhaíochta ar T.G. 4 ag cur comhairle ar fheirmeoirí - feirmeoirí caorach Chorr na Móna agus an Inbhir san áireamh? - faoi na nithe a chabhródh linn an galar crúibe is béil a sheachaint. Agus bhí clár fada seirbhíse poiblí, roimh lón Dé Domhnaigh mar a raibh an tAire Talmhaíochta ó dheas agus Aire Talmhaíochta an Chomhthionóil i Stormont, Bríd Rogers, ag caint.

Céimí de chuid Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh é Joe Walsh. Níl sé líofa sa Ghaeilge, b'fhéidir, ach níl sé dall uirthi ach an oiread, mar is eol do mhuintir Oileán Chléire - fiú an slua mór Béarlóirí atá imithe chun cónaithe ar an oileán sin le blianta beaga anuas. Ar chuma ar bith, tá Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta againn faoi láthair, Éamon Ó Cuív atá ar Ghaeilgeoir chomh dílis is a ceapadh sa Roinn sin ó bhí Alan Dukes ina Aire. Cainteoir dúchais as Tír Chonaill is ea Bríd Rogers, fiú más cois Life a tógadh Dukes agus Ó Cuív araon.

An raibh fáth ar bith ag na meáin chraolta éagsúla gan chlár Gaeilge faoin ghalar crúibe is béil a chur ar siúl ag an deireadh seachtaine céanna, mar eolas don phobal, don lucht scoile, mar aitheantas don scata mór feirmeoirí, idir bheag is mhór, atá sa Ghaeltacht agus a bhfuiltear ag plé leo trí mheán an Bhéarla ón uair a ghlac Comhphobal na hEorpa ceannas ar pholasaithe talmhaíochta ó Oileán Thoraigh go deisceart na Gréige?

Agus mar chruthú go bhfuil sé mar pholasaí ag an stát caitheamh go cothrom leis an nGaeilge agus le lucht a labhartha, fiú mura bhfuiltear in ann a dhéanamh faoi láthair ach beart a dhéanamh sa chás nuair atá Gaeilge mhaith trí thaisme ag triúr de na hurlabhraithe talmhaíochta is tábhachtaí sa tír?

Shílfeá, ar a laghad, go bhféadfadh rannóg pleanála cúrsaí reatha T.G.4 clár eolais a réiteach le Rogers, Ó Cuív, Dukes - agus nach Gaeilgeoir í Mary Upton freisin - ar mhaithe leis an lucht taistil, agus go háirithe na daoine sin atá sall agus anall chun na Breataine go rialta?

Má chruthaíonn an scéal ar fad rud ar bith, cruthaíonn sé gur ó bhonn aníos a bheas an stát ag obair nuair a chuireann siad chun oibre le cearta agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge trí Acht Teanga a rith, agus cé nach bhfuil éinne ag iarraidh aon chreidiúint a bhaint den díograis agus den mhéid a rinne Éamon Ó Cuív le linn dó a bheith ina Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, is cinnte go mbeidh obair mhór dheacair le déanamh ag a chomharba, Máire Ní Chochláin, nuair a fhéachfaidh sí chuige, mar a gealladh, an Bille a chur ar fáil níos déanaí i mbliana, agus a chur tríd an Oireachtas le linn tréimhse oifige an rialtais seo.

Ba é an tAcht Teanga sin an gheallúint ba mhó a thug an rialtas do phobal na Gaeilge ag an Olltoghchán deiridh. Gealladh rudaí eile ag an am nár fíoraíodh. Mar shampla, thug Fianna Fáil le fios níos mó ná uair amháin go mbunóidis Aire Gaeltachta a bheadh freagrach as cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta mar Aire ar leith ag bord an rialtais - duine a bheadh líofa sa teanga agus a thuigfeadh an cruachás ina bhfuil sí i gcónaí.

Bhí caint freisin ar na córais nua ríomhaireachta go léir atá á gcur isteach sna hoifigí stáit, agus go deimhin sna comhlachtaí poiblí - ar nós oifig na gcuntas ag Eircom is dócha, a réiteach don ré nua ar bhealach a chinnteodh go mbeadh an dátheangachas ina ghnáthnós agus nach mbeadh an Ghaeilge agus lucht úsáide na Gaeilge faoi aon mhíbhuntáiste.

Ceithre bliana ar aghaidh, ar éigean más féidir litir i nGaeilge a fháil ó Roinn Stáit ar bith, agus an chuid acu atá 'báúil' le Gaeilge, ar bhonn pearsanta féin, tá orthu a gcuid litreacha a chur amach i mBéarla, ag glacadh leithscéil, nó iad a scríobh de láimh i nGaeilge 'mar níl aon rúnaí san oifig in ann litir i nGaeilge a chlóscríobh!'

Ceist áitiúil í gach ceist pholaitiúil i ndeireadh na dála, agus is baolach go bhfuil seo fíor i gcás na Gaeltachta freisin. Ní hé nach raibh ardú céime tuillte ag Máire Ní Chochláin, bean atá ar an mbóthar le cúig bliana déag, a bhfuil cumas nach beag inti, duine de phór dílis Fhianna Fáil i dTír Chonaill agus duine atá ag feidhmiú mar chomhrúnaí ar an bPáirtí le tamall.

Tuigeann gach éinne freisin go raibh 'díomá an domhain' mar a dúirt sé féin, ar Éamonn Ó Cuív nuair nach bhfuair sé deis a thréimhse leis an nGaeltacht agus leis na hOileáin a chríochnú. Ach bhí polaitíocht áitiúil i nDún na nGall agus i nGaillimh Thiar le cur san áireamh ag an Taoiseach nuair a rinne sé a chinneadh, agus mar is léir bhí an lá leis an riachtanas áitiúil.

Is fíor go mbíonn an tíreolas céanna ag cur as do gach páirtí, go háirithe i nDáil cheantair ilsuíochán. Féach Contae Mhaigh Eo, agus scéal Éanna Uí Chionnaith i bhFine Gael. Dá mbeadh dhá Dháilcheantar trí shuíochán ann i gcónaí, is lú go mór an teannas a bheadh idir Éanna agus Séamas Ó hUiginn in oirthear an chontae, cé go mbeadh Michael Ring ag saothrú leis i gCathair na Mart, in Acaill agus in Iorras.

Ach ó tharla Maigh Eo a bheith ina cheantar cúig shuíochán anois is mó an teannas atá ann, agus is mó ná riamh é an teannas laistigh d'Fhine Gael, mar go bhfuil trí cinn de na cúig shuíochán acu agus mar go raibh ar an gceannaire nua, Mícheál Ó Nuanáin, rogha a dhéanamh maidir le hurlabhraí sinsir ón gcontae.

Deacrachtaí ar fad atá ag Fine Gael i Maigh Eo ó d'éirigh leo an lámh in uachtar a bhaint amach sa chontae ar bhealach nach bhfuil acu in aon áit eile faoin dtuath, seachas iarthar Luimnigh - de bharr easaontais i bhFianna Fáil sa cheantar sin - agus iarthar Chorcaí, dúthaigh thraidisiúnta an Choileánaigh, dúthaigh a d'fhan dílis don Fhear Mór ó shin i leith!

Scéal níos casta é i dTír Chonaill, áfach, mar a bhfuil fonn ar Bheirtí, an Taoiseach, an suíochán a bhuaigh Tom Mac Giolla Dé, ar bhonn argóna faoi chúrsaí teilifíse, a thógáil ar ais. Bhí ráfla ann go mb'fhéidir go dtiocfadh Pat An Cóp Ó Gallchóir ar ais ón Eoraip le polaitíocht na Dála a imirt arís. Ach d'fhéadfadh nach mbeadh Pat sásta sin a dhéanamh gan seans réasúnta maith a bheith ann go mbeadh sé ina Aire rialtais an chéad uair eile, rud nach dtarlódh sa ghnáthshlí, mura mbainfeadh Fianna Fáil móramh glan nó gar dó, agus mura gcaillfeadh Séamas Mac Dáid a shuíochán in oirthear an chontae.

De réir an scenario seo, d'éireodh Pat as Parlaimint na hEorpa, agus é atofa chun na Dála. Bheadh Nollaig Ó Treasaigh, ó oirthear na Gaillimhe, mar chéad fhear ionaid aige i Strasbourg, agus é réidh leis an 'suíochán ó dheas' a choinneáil d'Fhianna Fáil san Eoraip an chéad uair eile, fiú más cosúil go mbeidh laghdú ar líon na suíochán a bheas ag Éirinn ón mbliain 2,004 ar aghaidh. Meastar go gcuirfear ceithre chontae as cúige Laighean atá i limistéar an B.M.W. (Longfort, Iarmhí, Laois agus Uíbh Fhailí, cibé rud faoi Cho Lú, isteach le 'Connacht/Uladh).

Ach tugann ardú céime do Mháire Ní Chochláin droim láimhe don straitéis seo ar fad. Ise is mó a bheadh ag iarraidh suíochán ag bord an rialtais an chéad uair eile, go háirithe má éiríonn léi an dara T.D. a thabhairt isteach d'Fhianna Fáil i nDún na nGall Thiar-Theas.

Glactar leis gur ag Donncha Mac Fhionnlaoich, FG, a bheidh an tríú suíochán, agus cé go ndeirtear go bhfuil deacrachtaí ag an Aire Spóirt i nDún na nGall Thoir-Thuaidh, ní móide go gcaillfidh Séamus Mac Dáid a shuíochán, ná Sally Ní Chomhánaigh ach an oiread - fiú más é loighic na hargóna sin go gcaithfidh Fine Gael, má tá súiochán amháin le buachan ar ais acu, fáil réidh le traidisiún uasal na mBléineach in Oir-Thuaisceart Thír Chonaill.

Tá Harry Blaney sean, níl an tsláinte ró-mhaith aige agus deirtear go bhfuil díomá áirithe air maidir leis an méid is féidir leis a bhaint amach trí chóras Theach Laighean, cé gur chaith a dheartháir Neil 45 bliana ann. Ní fhágann sin áfach nach bhfuil glúin óg Bléineach fós ann a chreideann sa phort a cheol Neil os ard, ar chaith Fianna Fáil amach as an bpairtí é dá bharr. B'ait ar fad an rud é dá dtógfadh Fine Gael oidhreacht na mBléineach orthu féin i dTír Chonaill.

Ach polaitíocht áitiúil amach is amach í scéal na polaitíochta i dTír Chonaill. Cuimhnigh gur sheas athair Cecilia Keaveny in aghaidh Fhianna Fáil agus Fine Gael le chéile ar son 'Fhianna Fáil Neamhspleách' i lár na seachtóidí agus bhuaigh sé suíochán Dála i bhfothoghchán!

Maidir le Máire Ní Chochláin, bhí a huncail agus a hathair ina dTeachtaí Dála i dtús na n-ochtóidí. Bhí Clem, an t-uncail, ag tacú le naimhde C.J.H. sa pháirtí - Ó Máille, Harney, Molloy, Colley, Martin O'Donoghue - nuair a maraíodh é i dtaisme agus é ag brostú go Baile Átha Cliath aimsir sheacha.

Tá staraithe ann a deir gur thug an sos seachtaine a ghlac páirtí Fhianna Fáil i ngeall ar an tubaiste sin deis do Chathal Ó hEochaidh na cosa a thabhairt leis i gceann de na hiarrachtaí ba láidre a rinneadh ina choinne. Athair Mháire a bhuaigh an fothoghchán, ach trí bliana ina dhiaidh sin cailleadh den ailse é, agus tá an tAire Stáit nua ina Teachta do Thír Chonaill ó shin i leith. Tharla mí-ádh eile di cúpla bliain ó shin, nuair a gortaíodh a fear, Garda de bhunadh Chontae Mhaigh Eo, go dona i dtaisme gluaisteáin agus chaill sé a chos nuair a bhí sé á ghearradh amach as an gcarr.

Ní cainteoir dúchais í Máire Ní Chochláin. Fuair sí a cuid méanoideachais i gClochar na nUrsalach i Sligeach, agus rinne sí freastal ar U.C.D. Ní fíor áfach nach bhfuil ach beagán Gaeilge nó nach labhraíonn sí í go rialta le fonn agus le slacht. Chaith sí tréimhsí ina Cathaoirleach ar Choiste Gaeilge Tithe an Oireachtais tar éis an tsaoil.

Maidir lena bhfuil i ndán di i Roinn na Gaeltachta, sin scéal agus aiste eile. Tá beirt bhan i mbun na Roinne anois agus mhol Eamonn Ó Cuív a cholcheathrar, Síle De Valera, go mór, agus é ag imeacht, mar gur thug sí cead a cinn dó sna réimsí úd d'obair na Roinne a bhain leis an nGaeltacht agus leis na hOileáin.

Beifear ag faire féachaint cén t-athrú a bheas ar an socrú sin as seo go ceann bliana. Beifear ag faire go géar freisin, ní hamháin ar scéal an Bhille Teanga, ach na céimeanna nach foláir a thosú láithreach má tá ciall ar bith le bheith leis an bhfiontar.

Oiliúint lucht ríomhaireachta agus rúnaíochta in úsáid chruinn na Gaeilge an chéad rud atá de dhith ón státhcóras. Sin agus córas ceart leictreonach a chinnteodh rogha idir an dá theanga ag an té a chuireann glaoch ar oifig stáit. Beidh gá ní hamháin le cúrsaí oiliúna clódóirí ach le ceartúsáid na Gaeilge. Caithfear tosú láithreach ar nósanna imeachtais a chur le chéile, chomh maith, maidir le córas atá dátheangach i ndáiríre a chur i dtreo. Níl i bhfógraí Béarla na Roinne Talmhaíochta ar TG ach sampla beag dá dtarlaíonn i gcás práinne; tá brú Béarla an stáit ar mhuintir na Gaeltachta féin mar ghné bhunúsach den chóras. Cuir glaoch ar an Roinn Oideachais, nó ar do Theachta Dála áitiúil.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta