rogha as Feasta, Aibreán 2001
Dánta mí Aibreáin

Seoda na Síne (3)
á gcur i láthair ag Gabriel Rosenstock


Inscríofa ar Phictiúr a Dheineas Féin
le Ní Tsan (1301 - 1374)

Ar an gcósta thoir tá cónaí ar fhear breoite,
deir sé féin go bhfuil seachmall air agus speabhraídí.
Bíonn sé ag scríobh ar na fallaí, ag péinteáil ar shíoda is ar phár:
ní foláir nó gur gealt amach is amach é.


Chuig Díthreabhach sna Sléibhte
le Hsú Pen (1335 - 1380)

Nach fada ann duit, i bhfad ó chúraimí oifige,
d'aigne faoi shuaimhneas, scoite amach ón saol.
Sna prócaí: luibheanna a fuairis ód mháistir.
Sna málaí: íocshláinte scagtha ag do lámh féin.
Tú ag feadaíl os ard na beanna lastall,
tú ag siúl go sámh i measc na gcéadta sruthán.
Is cur isteach ort iad na gearrthóirí crann agus na haoirí fiú,
ba mhian leat anois dul níos doimhne fós sna néalta.


Scríofa ar Fheiscint na mBláthanna Dom
agus ag Cuimhneamh ar m'Iníon,
le Kao Chíi (1336 - 1374)

Caoinim an dara hiníon agam.
Ar feadh sé bliana d'iompraíos thart í,
D'fháiscinn le m'ucht í, chothaínn le greim bídh í.
Mhúineas rannta di agus í ina suí ar mo ghlúin.
D'éiríodh sí go luath agus aithris á déanamh aici ar fheisteas a deirféar,
Í ag gliúcaíocht uirthi féin sa scáthán maisiúcháin.
Thug sí taitneamh do shíodaí gleoite agus do lása,
Ach is beo beocht a bhíomarna agus chuaigh sí á gceal.
Nach iomaí osna a d'éalaigh uaim is mé ag cuimhneamh ar chora crua an tsaoil,
Mé ag siúl na mbóithríní faoin mbáisteach is faoin sneachta.
Nuair a d'fhillinn tráthnóna is í a bhíodh romhamsa
Is í a thógadh i gcónaí an cian dem chroí.
Cad d'fhéadfaimis a dhéanamh an lá a bhuail an galar í?
Aimsir na dtrioblóidí a bhí ann.
Chuir an turlabhait sceimhle uirthi, bhí an bás ina haice.
Ní raibh uain againn ar leigheas a ullmhú di.
Réitíos féin cónra bheag di, monuar;
D'iompraíos go deorach í go dtí an cnoc úd i gcéin:
Cheana féin ar strae sa bhfolús mór.
Mór mo bhuairt, caoinim i gcónaí í.
Maith is cuimhin liom an t-earrach seo d'imigh tharainn,
Na bláthanna go rábach cois linne sa tseanghairdín
Threoraigh sí faoi na crainn mé, greim láimhe againn ar a chéile
Is d'iarr orm craoibhín cumhra a stoitheadh di.
Is rábach iad na bláthanna arís i mbliana.
Tá cónaí anois orm i bhfad ó bhaile, anseo ar bhruach na habhann.
Tá an teaghlach go léir anseo, ise amháin atá ar iarraidh.
Féachaim ar na bláthanna agus titeann na deora go fras.
Ní sólás dom cupán fíona
Is goirt an fhuaim a níonn an ghaoth sna cuirtíní oíche.


© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta