Agus seo á scríobh níl aon mhaolú ag teacht ar an ngéarchéim chrúibe is
bhéil. Fiú nílimid cinnte ar chóir an téarma 'géarchéim' a úsáid ar chor ar
bith. Ní cosúil go bhfuil an rialtas féin cinnte go bhfuil na céimeanna atá
tógtha ag dul rófhada nó ná fuil siad ag dul fada go leor. Is féidir a
bheith cinnte d'aon ní amháin, cuirfear an milleán air, dá mhéad nó dá
laghad a deintear.
Tá an cheist seo faoi na céimeanna atá riachtanach chun an galar a cheansú
tábhachtach. Is sa Bhreatain a thosnaigh sé, agus go mór is go fada, is ann
is fairsinge é. Mar sin féin, tá na céimeanna atá tógtha sa tír seo i bhfad
níos déine ná iad sin atá tógtha ag ár gcomharsa. Gan amhras, tá tionscal an
bhia agus na talmhaíochta i gcoitinne i bhfad níos tábhachtaí dúinne ná mar
atá dóibh siúd. Dá bharr sin, féachann sé dúinne go bhfuil na céimeanna atá
tógtha sa Bhreatain i bhfad rólag, ach seachas ár ngearán a chur in iúl, níl
sé soiléir cad eile is féidir a dhéanamh.
Tá an t-ádh dearg linn ná raibh ach an dá chás ar an oileán go dtí seo. Is
féidir a rá, mar sin, gur oibrigh na céimeanna atá tógtha, agus gur fiú
leanacht ar aghaidh leo. Is beag an sásamh é sin do na dreamanna is mó atá
thíos leis na coscanna atá i bhfeidhm. Is í an turasóireacht an earnáil is
tábhachtaí díobh sin, ach ní hí amháin atá san áireamh. Caithfear breathnú
go géar arís ar an gceist seo féachaint cén faoiseamh a d'fhéadfaí a
thabhairt, i dtreo ná beadh stop curtha ar fad leis an tionscal. Tá a lán
daoine fostaithe ann, go díreach agus go hindíreach, agus má leanann an
dianchosc mar atá, d'fhéadfaí dul chun cinn eacnamaíoch na tíre ar fad a
chur i mbaol.
An bhfuil sé riachtanach, i ndáiríre, go gcuirfí an Fhéile Phan-Cheilteach
nó Féile Drámaíochta na hÉireann ar ceal? Tá go leor imeachtaí eile i
gceist, agus tá sé in am go mbeadh breithiúnas éigin níos cruinne ann faoi
cad a d'fhéadfaí a ligean ar aghaidh agus cad ba chóir a stop. Tá coiste
bunaithe ag an rialtas atá ag coimeád súil ar an ngéarchéim ó lá go lá, ach
níl aon treoir uathu faoin ngné thábhachtach seo den bhfadhb.
Tá ceisteanna tábhachtacha eile le cur faoin ngalar, fiú má bhaineann siad
níos mó leis an bhfadtéarma. Cad faoin treo i gcoitinne in a bhfuil an
fheirmeoireacht ag dul le blianta anuas? Tá an scála ag méadú de shíor agus
i ngach treo. Caithfidh an bhó níos mó bainne a thál, an bullán níos mó
meáchana a chur suas, an t-acra níos mó féir nó cruithneachtan a fhás, fiú
an chearc níos mo uibheacha a bhreith. Is beag ceist a chuirtear faoi conas
a deintear é seo, pé acu faoin mbia a thugtar don ainmhí nó faoin leasú a
chuirtear ar an talamh.
Bia saor agus gan teora atá i gceist. Chuige sin ní hamháin go nglactar leis
na cleachtais atá luaite, ach caithfidh na feirmeoirí beaga an bhróg a fháil
chomh maith. An bhféadfadh go bhfuil baint ag na nithe seo ar fad leis an
ngéarchéim seo?
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|