rogha as Feasta, Aibreán 2001
Smaointe Polaitíochta Sílim gur sa bhliain 1957 a thosaigh daoine de chineál eile ag teacht isteach i nDáil Éireann, daoine a bhíodh ag fiodmhagadh go minic, cé nach i gcónaí é, faoi Phádraig Mac Piarais agus a chomhleacaithe.....

le Proinsias Mac Aonghusa (Craoltóir agus iriseoir gairmiúil)


Óchtó cúig bliana ó shin an mhí seo d'éirigh cuid de na fir agus na mná ba mhisniúla agus b'fhadradharcaí sa tír seo amach i gcoinne rialtas Shasana. Maraíodh cuid mhaith díobh le linn Sheachtain na Cásca. Cuireadh seisear déag díobh chun báis ina dhiaidh sin. Gearradh tréimhsí fada príosúin ar na céadta.

Séard a bhí uathu ná deireadh a chur le riail Shasana ar an oileán seo. Ní hé drochriail Shasana a bhí ag cur imní orthu, ach riail Shasana bíodh sé olc nó maith. Ach shíl siad gurbh fhearr d'Éirinn agus d'Éireannaigh gurbh iad féin a bheadh i mbun rialú a dtír féin.

Glacaimse leis gan cheist go raibh an aidhm cheart acu. Glacaim leis freisin gur éirigh maith go leor cuid den tréimhse, agus thar cionn ar fad amanna eile - le cúig bliana anall, abair - le hÉireannaigh a dtír féin a reachtáil. Tá caighdeán beatha den scoth ag formhór mór Éireannach anois; tá na 26 Chontae, an stát saor ar an oileán seo, ag déanamh go breá ó thaobh na heacnamaíochta de, agus thiocfadh dó, muna dtarlaíonn mí-ádh uafásach éigin, gur tuilleadh feabhais a bhéas ann. Is lú imní faoina gcás atá ar Éireannaigh ná ar dhaoine eile san Eoraip; glacann daoine óga leis go mbeidh saol maith acu ina dtír féin.

Ach bhí nithe eile ag baint le laochra 1916. Bhí uaisleacht agus ionracas agus macántacht as an gcoitiantacht ag baint leo.

Bhí sin freisin ag baint lena lán dá dtáinig ina ndiaidh agus a bhí i mbun rialtais thar na blianta. Ba mhaith liom glacadh leis gan mórán ceiste gurb amhlaidh dá bhformhór siúd atá anois, agus a bhí leis an bhfaid sin, i gcumhacht. Ach tá sé de chosúlacht ar chúrsaí go raibh aeráid pholaitíochta sa Stát le thart ar daichead bliain nár bhain go speisialta le caighdeáin arda ná le hardaigeantacht.

Ní hé nach daoine cumasacha a bhí i gceannas go minic. Ba dhaoine iad a n-éireodh thar na bearta leo i saol na heacnamaíochta, seans. Ach chuadar leis an bpolaitíocht, céard nár chóir airgeadas mór a bheith mar aidhm acu siúd a thaithíonn í.

Níorbh ionann iad agus leithéid Frank Aiken, Seán MacEntee, Risteard Ó Maolchatha, Jim Larkin, Brendan Corish, Paddy Bergin, Éamon de Valera, T.J. O'Connell, Paddy Little, Gearóid Mac Phartholáin, Seán T. Ó Ceallaigh. Ba chinnirí polaitíochta iad siúd i bpáirtithe éagsúla tráth. Ní raibh éirí in airde orthu; ní raibh siad sanntach ná alpach; ní raibh acu ach a bpá, agus ní airgead mór a bhí i gceist. Chaitheadar saol gnáthdhaoine agus bhíodar sásta leis sin. Ní raibh siad ag lorg a mhalairt. B'shin an gnáthbhealach. Níor smaoiníodh ar a mhalairt. B'ionann prionsabail na ndaoine sin go hiondúil agus bunphrionsabail dhaonlathach mhuintir Sheachtain na Cásca.

Sílim gur sa bhliain 1957 a thosaigh daoine de chineál eile ag teacht isteach i nDáil Éireann, daoine a bhíodh ag fiodmhagadh go minic, cé nach i gcónaí é, faoi Phádraig Mac Piarais agus a chomhleacaithe. Bhíodar seo ar dhá thaobh na polaitíochta, ach ba mhó díobh a bhí i bhFianna Fáil ná i bhFine Gael.

Bhí dul chun cinn ag baint leo. Níorbh ionann iad agus Teachtaí a chuaigh rompu, a raibh cosúlacht an tseansaoil orthu. Ba bhuachaillí iad seo a raibh fuadar fúthu. Is cuimhin liom go maith iad. ba chomhluadar breá iad.Rinneadar, nó dhein cuid díobh ar aon nós, leas an stáit. Ach ba dheacair dóibh an difríocht a thuiscint idir leas an Stáit agus an phobail agus a leas pearsanta féin.

Ní hé go rabhadar cam. Ní coirpigh a bhí iontu in aon chor. Ach sa mhéad go raibh prionsabail acu bhíodar siúd bog. Níor thuigeadar gur gá caighdeáin arda phearsanta a bheith ag lucht polaitíochta. D'fhéach cuid acu ar a gcuid oibre mar ghnáthobair, obair ar leith ach gnáthobair mar sin féin. Bhí dul amú orthu. Bhí éirí in airde orthu de chineál ná facthas cheana sa saol poiblí.

Bhain na focla siúd, nach raibh ann lena linn, Masters of the Universe, leo féin agus lena bhféinmheas. Níl sé i gceist agam iad a ainmniú; ní bheadh sin cóir ná ceart faoi láthair. Ach is cuimhin liom duine ar leith díobh ag déanamh gaisce oíche amháin Tí Groome, teach ósta i mBaile Átha Cliath san am, ina mbíodh boic óigeanta Fhianna Fáil agus aisteoirí agus lucht ealaíon eile ag ól ann mall san oíche ar feadh na mblianta. Seans gur thart ar an mbliain 1962 a tharla seo, mar go raibh an leabhar The Making of the President 1960, le Theodore White, foilsithe agus go mór faoi chaibidil.

Cur síos den scoth a bhí ann, nó sin a síleadh ag an am ar aon nós, ar fheachtas toghchánaíochta Mheiriceá na bliana úd, nuair a toghadh Jack Kennedy mar Uachtarán. Ba gheall le lámhleabhar é ag polaiteoirí. Arsa an Fianna Fáilí seo, 'Beidh Fianna Fáil i mbun oifige gan bhriseadh go deireadh an chéid. Ní féidir buachaint orainn. Tá an eagraíocht againn. Tá an chinnireacht againn. Tá an t-airgead againn. Tá lucht gnó an Stáit taobh thiar dínn. Agus tuigimid cé mar a bhain an Cinnéideach an Teach Geal amach.'

Mar a tharla, ar ndóigh, ní mar sin go baileach a bhí an saol. Ach choinnigh Fianna Fáil a ngreim ar an rialtas ó 1957 go dtí 1973, sin sé bliana déag ar fad. Nílid in aon chor le cáineadh faoi seo: sin a ngnó. Ach d'éirigh cuid mhaith díobh thar a bheith sotalach. Deiridís féin ina dhiaidh sin gur éirigh Airí Fhine Gael agus an Lucht Oibre chomh sotalach céanna leo i dtréimhse sé mhí dhéag idir 1973 agus 1974 agus a bhíodar féin tar éis sé bliana déag!

Ait go leor thiocfadh go raibh sin fíor. Ba dheabhlaí ar fad an t-éirí in airde a tháinig ar Airí Chomhrialtais 1973­'77. B'iad siúd Airí an Heavy Gang; chailleadar a dtuiscint ar an saol go scioptha. Nuair a fuair an pobal deis tugadh an buille is mó dóibh dár tugadh riamh d'aon rialtas sna 26 Chontae. Ní dóigh liom, áfach, go raibh aon chamastaíl phearsanta ag baint le haon duine díobh. Ach sílim baint a bheith ag an aeráid shotalach dhíomasach a bhain le dhá thaobh na polaitíochta le teacht chun cinn na camastaíle mar chuid den tsaol poiblí.

Bhíodh caint le céad bliain agus tuilleadh ar Chomhairleoirí Áitiúla a dhéanfadh gar, agus a ghlacadh le beagán airgid bhuíochais. Ní raibh sin le moladh, ach is beag dochar a dhein sé don chóras i gcoitinne. Is nuair a tháinig tábhacht le ceadúnais phleanála, agus go raibh airgead mór ar fad i gceist, a tosaíodh ar bhreabaireacht i ndáiríre.

Is léir anois gur eagraíodh córais bhreabaireachta agus go raibh daoine gairmiúla a thuig an saol go maith, agus a raibh teacht acu ar eolas rúnmhar, sula raibh sin ar fáil go coitianta, i mbun eagraíochta. Bhí cuid de na daoine seo ceangailte le páirithe agus scaití fostaithe acu, agus ag an rialtas. Ní timpist ar bith a tharla. Bhí airgead mór ar fáil le híoc le Comhairleoirí Contae a vótáilfeadh ar shlite áirithe.

Is cosúil go raibh sé sách éasca teacht ar Chomhairleoirí a bhí lánsásta glacadh leis an airgead seo. Is mór é obair Chomhairleoirí agus thar na blianta ní bhíodh pá ar bith dlite dóibh seachas costaisí. Ar iontas ar bith é gur cuireadh cathú ar an oiread sin acu? Nach féidir a rá nach orthu is mó a bhí agus atá an locht, ach orthu siúd a thairg na breabanna dóibh?

Thugadar faoi deara an t-airgead mór millteach a bhí ag tógálaithe agus a leithéid, agus an fonn a bhí orthu an t-airgead sin a scaipeadh.

Chonaicedadar stíl bheatha Airí agus Teachtaí Dála áirithe a bhí ábalta maireachtáil amhail is dá mba tiarnaí talún den tseandéanamh a bhí iontu, agus sin a dhéanamh ar an teacht isteach íseal go leor a bhí an Stát ag íoc leo.

Chuaigh an t-éad agus an tsaint agus an easpa eitice i dteannta a chéile. Sin cúlra Bhinse Flood, agus cá bhfios, Binse Uí Mhuircheartaigh freisin.

Go dtí go gcuirfear an dlí orthu siúd a chuireann, agus a chuir le fada, an t-airgead ar fáil chun polaiteoirí a bhreabadh, ní thiocfaidh deireadh leis an drochobair. Fiú, dá gcuirfí roinnt polaiteoirí a ghlac breabanna i bpríosún ba chuma sin. Is beag a chuirfeadh sin isteach ar lucht an airgid. Ach dá mbeadh roinnt stiúrthóirí comhlachtaí tógála agus daoine den chineál sin i bPort Laoise, mhúinfí ceacht géar dóibh féin agus dá gcairde.

Creidim gur gá dul sa tóir ar na daoine seo chomh géar céanna agus a chuathas sa tóir ar dhrongadóirí druganna Bhaile Átha Cliath tar eis dhúnmharú Veronica Guerin. Tá a bhfuil déanta agus á dhéanamh acu i gcoinne an phobail i gcoitinne chomh nimhneach céanna is atá obair na máistrí druganna.

An bhfuil ceachtanna anois foghlamtha acu siúd ar fad atá i dTeach Laighean, bídís i bhFine Gael, Fianna Fáil, nó an Lucht Oibre? An dtuigid gur gá dóibh go léir caighdeáin phearsanta níos airde a bheith acu ná mar a chonacthas le daichead bliain anall?

Is ceart a rá gur cosúil Teachtaí an Lucht Oibre a bheith ar chaighdeán níos airde ná cuid mhaith eile. Is féidir a rá freisin gur maolán solais sa saol poiblí é Éamon Ó Cuív. Leantar a shampla.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta