rogha as Feasta, Bealtaine 2001
Dánta mí Bealtaine

Miorita ' An tUascán '

Tá beagnach naoi gcéad leagan de Miorita, bailéad mór na Rómáine, ar fáil. Is ar an leagan a d'fhoilsigh an file Vasile Alecsandri céad go leith bliain ó shin a bhunaigh Aodh Ó Canainn an t-aistriúchán seo.


Miorita ' An tUascán '

Ar thamhnach sléibhe
I mbéala néimhe
Amharc anois ar chosán
- Dul síos i ngleanntán,
Trí thréad caorach
'S gach tréadaí aireach,
Tréadaí Moldáiveach,
Tréadaí Ungáireach,
Is tréadaí Vrainseach.
Ungáireach an fhill
'S an Vrainseach le toil,
Iad i ndáil chomhairle
Faoin té ba mhómhaire,
An Moldáiveach buach,
Maisiúil, maoineach,
A cheap siad a mharú
Is an oíche ag crónú.
Shantaigh siad a chaoirigh,
Samplaí mór-adharcaigh,
A chaiple fíoroilte
Is madraí dochloíte.
Ach an t-uainín groí
Den olann bláthbuí
Trí lá gan scíth,
Ag méileach 's ag crith,
Is blas den fhéar níor ith.
- A uainín is trua
Liom do smut donnrua,
Le trí lá gan scíth,
Ag méileach 's ag crith,
Ach blas den fhéar níor ith.
Labhair liom faoid' bhreoiteacht,
A chaoirín, a ansacht.
- A thréadaí an chóir,
Cuir caoirigh chun bóthair,
Don mhóinéar faoi scáth,
'S ann atá ár sáith
Is do dhídean go brách.
A thiarna, a thiarna,
Glaoigh chugat an madra,
Fíochmhar i gcathláthair,
Ach cion ort mar bhráthair.
Ag dul faoi don ghrian,
D'fheallmharú is mian
Leis an Ungáireach
Is leis an Vrainseach.
- A chaoirín Barsan,
Fuair fios ar mo dhán,
Mo mharú más duit is léir
Ar fhiteog an mhóinéir,
Abair leis an Vrainseach
Is leis an Ungáireach
Mo chnámha a chur
San áit sin thoir
Taobh leis an ghabhlach
Faoi éisteacht caorach,
Nó clamhsán madraí
Fán chró ag corraí.
É sin ráite leo,
Déan m'adhairt díobh seo,
Feadóg deas feá
A chanann faoin ghrá,
Feadóg ghreanta cnáimh'
A cheolann go sámh,
Feadóg chrann troime
Teasghrá mar thine.
Beidh an ghaoth le fórsa
Ag feadaíl domsa
'S ag gairm na gcaorach
A thiocfas go caointeach
Deargshúileach, brónach.
Ná tabhair an leid is lú
Dóibh faoin fheallmharú
Ach abair leo go glinn
Gur phós mé ó shin
Le hiníon álainn rí
Ar stáidbhean domhain í.
Le linn an tsacraimint
Thit réalt ón fhirmimint.
An ghrian 's an ghealach
A sheas linn go meanmach.
Crainn feá is giúisigh
Aíonna na bainise,
Sléibhte mar chléirigh.
Na héin is ansa linn
An cór a cheol go binn
Is réalt-tóirsí os ár gcionn.
Má chastar ort sa tslí
Nó má fheiceann tú í
Seanbheainín críonna
Le crios-éadaigh olna
Sna gorta ag deifriú,
Deor a súl ag lonnrú,
Gach duine á ceistiú,
Ag fiafraí gan staonadh
Cé acu a chonaic é,
'S fuair eolas ar a thréith,
Mo thréadaí sciamhach
Chomh seang le saileach,
A ghnúis le breáthacht
Mar chúr ar leamhnacht,
Croiméal le foirfeacht
Mar dhias ar chruithneacht,
Gruaig le dathúlacht
Fiach dubh sa dorchacht,
Súile le draíocht,
Sméara ar thírdhreach.
Agat a bheagchaora
Bíodh meas ar chríonna.
Abair léi go glinn
Gur phós mé ó shin
Banphrionsa an rachmais
I mbéala Pharthais.
Ná habair, a ghrá,
I gcluas na seanmhná,
Cad a thit ón fhirmimint
Le linn an tsacraimint
Ná gur feá is giúisigh
Aíonna na bainise
Ná faoi shléibhte mar chléirigh,
Ná faoi chór chomh binn
Na n-éan is ansa linn,
Ná faoi thóirsí os ár gcionn.


© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta