Is fíor ná bíonn aon easpa conspóidí orainn sa tír seo. Ní dócha gurb é an
ceann is déanaí faoi 'bhreab' an Taoisigh de £60 milliún do Chumann
Lúthchleas Gael le haghaidh Pháirc an Chrócaigh an chonspóid is mó a bhí
riamh againn, ach tá sé suimiúil mar sin féin, de bharr an choinníll, más
coinníoll é, go mbeadh an pháirc ar fáil le haghaidh sacair agus rugbaí.
Ar dtús ba mhaith linn a rá go neamhbhalbh, dá mhéid é ár meas ar Chumann
Lúthchleas Gael agus ar a bpáirc oirirc, go sílimid go bhfuil an tsuim
airgid atá i gceist as cuimse ard. Gan aon dua, d''fhéadfaimis smaoineamh ar
fiche bealach a bhféadfaí úsáid níos fearr a bhaint as a leithéid d'airgead.
San am céanna pé treo a gcaitear airgead den chineál seo, beidh daoine ann a
déarfaidh gurbh fhearr é a chaitheamh i dtreo éigin eile. Is maith is eol,
leis, go bhfuil aicme ann a bhíonn de shíor ag saighdeadh faoin gCumann,
agus go bhfuil baint ag cuid mhaith den aicme sin leis na meáin chumarsáide.
Tá an Cumann róchúng, rónáisiúnach, in aigne na ndaoine seo. Is cuid den
tsaol é sin, agus thosaigh an seanchlampar arís nuair a dhiúltaigh teachtaí
ag a gcruinniú bliantúil na rialacha a athrú, bíodh ná raibh i gceist ach
vóta nó dhó.
Sé is mó a chuir ionadh ar chuid againn ná go raibh a oiread sin de na
teachtaí sásta go mbeadh Páirc an Chrócaigh ar fáil le haghaidh sacair agus
rugbaí. Ní ar bhonn ideolaíoch a deirimid sin ar aon chor - nár chóir go
n-imreofaí cluichí 'Gallda' ar pháirc coisricthe ár gcluichí náisiúnta.
Éirimíd chomh corraithe le duine ar bith nuair a bhíonn an tír seo ag imirt
rugbaí nó sacair in aghaidh tíortha eile.
Tá éacht oibre déanta ag C.L.G. le céad bliain, agus níl aon tomhas ar an
leas atá déanta aige do shaol sóisialta na tíre, ach sí an fhírinne go
bhfuil an pheil Ghaelach agus an iománaíocht in iomaíocht le sacar agus
rugbaí maidir le himreoirí agus lucht féachana. Tá buntáiste an-mhór ag na
cluichí sin de bhrí gur cluichí idirnáisiúnta iad, agus go bhfuil próifíl
an-ard acu. Ba bheag ionadh dá mbeadh leisce ar an gCumann a chuid
páirceanna a chur ar fáil le haghaidh na gcluichí sin.
B'fhéidir go ndéarfaí gur mó de mhothúchán ná d'argóint chríochnúil é sin.
Sé is mó a bheimis in amhras ina thaobh ná go mbeifí ag imirt cluichí mar
rugbaí agus iománaíocht ar an bpáirc chéanna. Is cluiche í an iománaíocht a
bhfuil dromchla an-mhaith riachtanach di. Tá sé olc go leor go mbeifí ag
imirt peil Ghaelach agus iománaíocht ar an bpáirc chéanna, ach is measa go
mór an rugbaí.
Ní Páirc an Chrócaigh amháin atá i gceist anseo. Deirtear go bhfuil Páirc
Thuamhumhan i Luimneach róbheag anois chun cluichí móra rugbaí a imirt ann.
An dtarlódh go mbeifí ag lorg Staid Semple i nDúrlas Éile chun iad a imirt
ansiúd. Gan amhras sí an pháirc sin príomhionad na hiománaíochta in Éirinn.
Ba dhóigh linn go mbeadh go leor a déarfadh nár chóir rugbaí a imirt sa
pháirc sin. Cad a cheapann na hiománaithe? S.Ó.L.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|