Taobh istigh de bhliain beidh Olltoghchán sna 26 Chontae. Ní móide gurb é an
rialtas atá anois i gcumhacht a bhéas fós i mbun cúrsaí tar éis an
Toghcháin, cé go bhféadfadh an dá pháirtí atá sa Chomhrialtas a bheith fós
ann. D'fhéadfadh athrú mór a bheith ann agus na Glasaigh, an Lucht Oibre
agus, b'fhéidir, Neamhspleách nó Neamhspleáigh a bheith faoi cheannas Fine
Gael, agus Micheál Ó Nuanáin a bheith ina Thaoiseach. D'fhéadfadh
Comhrialtas a bheith ann arís idir Fianna Fáil agus an Lucht Oibre.
D'fhéadfadh Comhrialtas a bheith ann idir Fianna Fáil agus Sinn Féin.
Ar ndóigh, d'fhéadfadh Fianna Fáil agus Bertie Ahern bua iomlán a bhaint
amach agus rialtas de chuid Fhianna Fáil amháin a bheith ann den chéad uair
ó aimsir Chathail Uí Eochaigh. D'fhéadfadh na Daonlathaigh a bheith
páirteach in aon cheann de na beartais sin, seachas an ceann deiridh. Ní
easpa prionsabail atá i gceist; is amhlaigh go bhféadfadh gach aon pháirtí i
dTeach Laighean, seachas, b'fhéidir, Sinn Féin, comhoibriú i rialtas le gach
páirtí eile. Is ar éigean atá aon difríocht bhunúsach idir na páirtithe
anois, cé nár mhaith leo féin sin a admháil.
Tá cúlra den eite dheis ag Fine Gael ach ní fhéadfadh aon duine a rá anois
go fírinneach go bhfuil sé níos coimeádaí ná páirtithe eile Theach Laighean.
Bhíodh sóisialachas ag baint leis an Lucht Oibre tráth, go háirithe nuair is
san bhfreasúra a bhíodh sé. Ach tá deireadh ar fad leis sin anois. Is páirtí
lárnach é ar nós Fine Gael. Bhíodh Fianna Fáil radacach; bhí réabhlóideachas
ag baint leis sna blianta tosaigh, ní áirím poblachtánachas fréamhach. Is ar
éigean a d'fhéadfadh an té is fábharaí d'Fhianna fáil a rá go bhfuil sé mar
sin anois. Is eagraíocht ar fónamh é ar é a phríomhaidhm a bheith i mbun
rialtais agus atá sásta a bheith ar dheis, ar chlé, nó sa lár de réir mar a
fheileann dá pháirtithe.
An bhfuil prionsabail ar leith ag páirtithe na 26 Chontae anois? Muna bhfuil
cathain a thosaigh sin ag tarlú? Ceist eile nár mhiste a chur ná an cuma
prionsabail ar leith a bheith ag páirtithe in aon chor? Tuige an vótáileann
daoine don té sin nó siúd nó don pháirtí sin nó siúd? Bhí an tráth ann agus
bhí sé sách éasca sin a fhreagairt. Níl anois. Ach sílim go vótáileann a lán
mar a dhein a muintir rompu. Glacaid leis go mbainid ar shlí éigin le Fine
Gael nó leis an Lucht Oibre nó Fianna Fáil, ar údair nach dtuigid go cruinn
ach a bhaineann cuid mhór leis an stair. Mar sin féin, tá an líon daoine a
athraíonn a vótaí ó am go céile ag méadú; níl dílseachtaí chomh láidir is a
bhí siad tráth.
Is dóigh liom go mbítear anois ag meas an iarrthóra níos mó ná mar a bhítear
ag meas páirtí. Ach, ar an taobh eile den scéal, tuigeann daoine níos glinne
ná riamh gur dóigh gur dhá rogha a bhíonn acu maidir le rialtas, ceann agus
Fianna Fáil i gceannas air nó ceann ar a mbeadh Fine Gael i gceannas.
Tá Fianna Fáil 75 bliain ar an margadh i mbliana. Bunaíodh é sa bhliain 1926
agus chuaigh an páirtí isteach in Dáil Saor Stát Éireann an bhliain dar
gcionn tar éis mharú Chaoimhghin Ó hUiginn. Bhí baint ag an dá tharlachtaint
lena chéile. Bhí ar a laghad duine den triúr a mharaigh an tAire Dlí agus
Cirt ina bhall d'Fhianna Fáil in Inse Chór i mBaile Átha Cliath, cé ar
ndóigh nach mar bhall den pháirtí a dhein sé an gníomh. Chinn rialtas
Chumann na nGaedhael nach ligfí d'iarrthóirí seasamh in Ollthoghcháin muna
mionódh siad roimhré go nglacfaidís a suíocháin san Dáil dá dtoghfaí iad.
Sin an brú a thug ar Éamon de Valera agus a chomhtheachtaí an Mhóid
Dílseachta do Rí Shasana a thabhairt i dTeach Laighean. B'fhiú go mór dóibh
sin a dhéanamh. Taobh istigh de chúig bhliana bhí an páirtí i gceannas an
stáit agus tá Fianna Fáil i mbun rialtais le 46 bliain den 75 bliain a
bhfuil sé ar an bhfód. Ar ndóigh, chuir de Valera deireadh leis an Móid
Dílseachta an chéad dheis dá bhfuair sé, agus de réir a chéile cruthaíodh
manadh Mhichíl Uí Choileáin a bheith fíor, gur chloch chora chun na
Poblachta a bhí sa Chonradh Angla-Éireannach.
Bhí deighilt do-chreidte idir Fianna Fáil agua Fine Gael (Cumann na
nGaedhael) a mhair go dtí le gairid. An féidir a rá an deighilt sin a bheith
ann anois? An gceapann daoine sa dá pháirtí é a bheith ann? Is spéisiúil an
rud é go ndeacha daoine as Fianna Fáil leis an Lucht Oibre agus a mhalairt
sin thar na mblianta, ach gur fíordheacair cuimhneamh ar dhuine a d'fhág
Fine Gael agus a chuaigh le Fianna Fáil, nó a mhalairt. B'fhéidir go bhfuil
an deighilt do-sháraithe i gcroí daoine fós.
Bhíodh John Kelly, Fine Gaelaí dílis agus Aire maith, ag iarraidh an dá
pháirtí a thabhairt le chéile agus chreid sé go dtarlódh sin lá éigin. Ar
mheasc sé loighic le polaitíocht? Dar leis, ba chóir don dá sheaneite de
Shinn Féin dearmad a dhéanamh ar na cúiseanna stairiúla ar scar siad lena
chéile agus páirtí amháin a bhunú in athuair. Ní raibh an oiread sin
argóintí loighiciúla i gcoinne a raibh uaidh. Ach níor glacadh lena leagan
amach i gceachtar den dá pháirtí.
Go teoriciúil, thabharfadh athaontú den chineál sin deis ar leith don Lucht
Oibre dul chun tosaigh; bheadh sé ina phríomhpháirtí freasúra ar an bpointe,
mar shampla. Nár thagair duine éigin don dá mhórpháirtí i stáit Aontaithe
Mheiriceá. Is beag atá eatarthu ach ceapaid siúd a thacaíonn le ceachtar
dream gur mór é an beagán sin féin, go bhfuil nádúr cinnte áirithe dá chuid
féin ag an Daonlathach agus ceann eile ar fad ag an bPoblachtánach.
An mar sin don té a thacaíonn go stairiúil le Fine Gael agus an té a
bhaineann le Fianna Fáil? Féach, áfach, nuair a bhíonn nithe áirithe
bunúsach i gceist go mbíonn Fianna Fáil agus Fine Gael, agus an Lucht Oibre
freisin, mar a tharlaíonn, ar an taobh céanna. Féach Conradh Nice. Beidh
Reifreann ann ina n-iarrfar ar an bpobal glacadh leis an gConradh seo. Níl a
dhath sa Chonradh a dhéanfadh leas na hÉireann ach tá cuid mhaith de a
lagóidh pé seasamh atá ag an stát seo i dtionóil éagsúla an Aontais
Eorpaigh. Dá bharr méadófar de réir a chéile an tAontas Eorpach. Dá bharr
sin ní bheidh Coimisinéir ag Éire i gcónaí mar a bhí go dtí seo; laghdófar
líon Feisirí Eorpacha na 26 Chontae ó 15 go dtí 12 nó 9, b'fhéidir; beidh sé
de cheart ag an gCoimisiún rialacha a chur i gcionn, ní d'aon ghuth mar atá
faoi láthair, ach le tromlach; tabharfar cumhacht as cuimse d'Uachtarán an
choimisiúin; laghdófar neodracht míleata an Stáit seo; rachfar cuid mhór
eile chun tosaigh ar an mbóthar chun Stát Cónascach Eorpach a bhunú, nach
mbeidh sna baillstáit ann ach macasamhail Státaí Mheiriceá.
Ní shéanann na páirtithe atá ar son Chonradh Nice gur mar seo atá. Deirid,
áfach, gur chaith an tAontas Eorpach go maith leis na 26 Chontae go dtí seo
agus go bhfuil sé de dhualgas morálta ar Éireannaigh glacadh leis na
mórathraithe atá molta. Níl bunús ná ciall ná réasún leis an argóint seo.
Déanann náisiún an rud a fheileann do náisiún, ní an rud a brúitear ar
náisiún. Go fiú is Brian Cowen, d'admhódh sé go mb'fhearr leis gan an
Conradh seo a bheith ann. Ní Éire oifigiúil a chuaigh dá lorg; cuireadh
iachall ar Éire glacadh leis.
Ach tá deis ag an bpobal seasamh ar a chosa féin mar a dhein na Danair
roinnt bhlianta ó shin agus a rá nach foláir athbhreithniú ón mbun a
dhéanamh air. Is féidir socraithe níos fearr a dhéanamh don Stát seo agus do
Stáit bheaga eile: ní gá glacadh le máistreacht na dtíortha móra.
Ach níl seo dá rá ag Fine Gael ná ag an Lucht Oibre; táid siúd chomh gafa
leis an gConradh contúirteach seo is atá Fianna Fáil. Go deimhin féin,
thiocfadh dó gur mó ar a thaobh atá cuid de mhuintir Fine Gael ná a lán de
mhuintir Fianna Fáil. Ceist gur dheas freagra a fháil uirthi ná cén chaoi a
mbeidh Charlie McCreevy, Síle de Valera, Mary Harney agus Eamon Ó Cuiv ag
vótáil lá an Reifrinn!
Tá na Glasaigh, Sinn Féin, na Sóisialaigh agus a lán, lán daoine
neamhspleácha i gcoinne Chonradh Nice agus ábhar acu. Ach ní acu siúd ach ag
an trí pháirtí eile atá na vótaí móra, más fíor. Nó an fíor sin? Bhí an
tráth ann nuair a vótáileadh thart ar 83 faoin gcéad den phobal ar son
athruithe éagsúla ar Chonradh na Róimhe. Ach san Reifreann faoi Chonradh
Amsterdam chuir 40 faoin gcéad ina choinne. B'shin vóta fíorard nuair a
chuimhnítear ar an oiread propaganda a dhéantar de shíor sa Stát seo ar son
gach a mbaineann leis an Aontas Eorpach.
Bíonn an propaganda sin chomh láidir is go gceapann daoine áirithe gur
cineál tréas é cur i gcoinne aon rud a mholtar as an mBruiséal. Creidim gur
féidir stop a chur leis an gConradh seo. Níl de dhíth ach thart ar a deich
faoin gcéad eile de bhreis orthu siúd a thug a gcúl do Chonradh Amsterdam.
Ach beidh sé deacair feachtas a reachtáil chomh hollmhór agus a dhéanfas an
rialtas. Nach mbeidh cúnamh mór airgid le fáil go hoscailte nó faoi choim le
Conradh Nice a bhrú thall ar an bpobal. Tá ceist amháin anois ann, áfach, ar
féidir é a chur go soiléir agus go hoscailte ar na polaiteoirí a bhéas ag
brú Nice chun cinn - tuige go gcreidfí rud ar bith dá ndeireann sibh? Is
ceist í ba cheart a dhíriú ar gach polaiteoir, go fiú iad siúd a bhfuil cáil
na macántachta orthu, tá an cheird náirithe ag an oiread sin díobh.
Is ceart a rá, mar sin féin, nach daoine atá ag iarraidh aimhleas an Stáit a
dhéanamh a cheapaimse a bheith in Bertie Ahern, Brian Cowen, Alan Dukes agus
cuid eile díobh. Sílid nach féidir leo a dhath eile a dhéanamh ach glacadh
le treoir na Bruiséile, agus gur mar mhionchuid den Aontas Eorpach is fearr
don Stát seo a bheith. Creidid, mar a chreid siad siúd a bhí ar son Acht na
hAondachta, gur féidir brath ar choimhthígh chun leas na hÉireann a
dhéanamh. Sí fírinne an scéil gur gá do stát é féin a chosaint an t-am ar
fad. Ní hé go bhfuil náisiúin eile námhadach linn; ach sé a leas féin a
dhéanfaid agus ní hé leas na tíre seo muna mbíonn Éire i láthair ag gach
cruinniú agus comhdháil agus tionól chun cás na hÉireann a chur agus a
chosaint.
Is sampla maith cúrsaí seo Chonradh Nice ar an gcaoi gur ionann anois na
Daonlathaigh, Fine Gael, Fianna Fáil, agus an Lucht Oibre. Ní shin le rá
nach mbeidís in árach a chéile maidir le roinnt áirithe nithe. Ní hionann an
té a bheadh ina Theachta ag an Lucht Oibre agus an duine ba dóigh a
chuirfeadh na Daonlathaigh chun tosaigh, go hiondúil ar aon nós. Ar an taobh
eile den scéal, bhí beirt Sheanadóir de chuid an Lucht Oibre a chuaigh leis
na Daonlathaigh nuair a thosaigh siad! An é Sinn Féin an t-aon pháirtí nach
mbaineann, fós ar aon nós, leis an gcomhthuiscint idir na páirtithe? Agus na
Glasaigh, is dóigh. An é atá ón bpobal go mbeadh na bainisteoirí is cliste i
mbun an Stáit agus gur chuma céard a thugaid orthu féin? Tiocfaidh athrú air
seo uair éigin amach anseo. Ach go dtí sin nach iad an dá mhar a chéile iad
Fine Gael agus Fianna Fáil seachas ar roinnt nithe áirithe?
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|