Smaointe Polaitíochta Feasta Eanáir 2001
Goirt Ológa - Gearrscéal

le Pádraig G. Ó Laighin

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



An bhfaca an tSiúr Concepta an tréadaí sa bhreacsholas agus é ag tiomáint na n-eallach roimhe agus í ag breathnú amach ar an bhfáslach uaigneach tíre mórthimpeall Bhaile na dTor ó fhuinneog a cillín loim. Ar éigean é - ar fhásach eile a bhí a haire.

Ionann is ceithre bliana a bhí sé ó d'imigh an tAthair Ó Dónaill thar n-ais chun na misiún i Sierra Leone.... nó arbh é an Nigéir é.... ag saothrú na n-anam do chum ghlóire Dé. Dhéanadh sí léarscáil na hAfraice a iniúchadh go mion minic ag iarraidh a shamhlú cén cuma go beacht a bhí ar an bhfíongort sin, mar ní raibh aici, dála an scéil, ach na blúiríní eolais agus samhlaíochta a chloistí ón gcúléisteacht ar chaint na misinéirí a thagadh thar n-ais ó am go céile agus a thugadh cuairt ar an Máthair Ab agus ar an gcuallacht.

Dhéantaí an corrgháire anseo is ansiúd fá eachtraí aisteacha a bhain don mhisinéir seo agus don mhisinéir siúd, agus théití sna trithimh gháire ar fad nuair a dhéantaí aithris ar an mbealach ar chaith Beairtlí Ó Tuathail leis an taoiseach mór treibhe, ach seachas sin ní raibh a fhios ó Neamh anuas aici cén sórt áite é go deimin a raibh an tAthair Liam Ó Dónaill ann.

Shamhlaíodh sí an teas agus an fhoraois agus ba ródhóbair go raibh na kraals - nach mar sin a ainmnítí áiteacha chónaí na n-áitreabhach - ar sheanaithne aici ón tsamhlaíocht chéanna. Chuireadh sí an fáslach lártíre a bhí ag síneadh amach go riascach riamh óna fuinneog féin i gcomórtas leis na samhailtí sin, ach níos minicí chuireadh sí i gcomórtas é le radharcanna níos suntasaí - an Róimh agus an Iodáil a ndéanadh an tAthair Liam tagairtí dóibh sna litreacha chuici tráth, 'na goirt aibreoga is ológa, na fíonghoirt eile úd is an ghrian mar mhatail loiscneach ar fhallaí aoldaite is ar linnte gorma mara'. Imithe i dtaithí ar na háilleachtaí san a bhí sé na blianta a chaith sé sa Róimh ag foghlaim diagachta ann.

Ní raibh Liam Ó Dónaill oirnithe an uair úd, agus bhí aithne acu beirt ar a chéile, pé scéal é, ó chaitheadar araon cúig bliana ar scoil i mBaile na dTor, eisean ag freastal ar Choláiste na mBráthar agus í féin sa Chlochar.

Dheineadh siad cosán na habhann a shiúl, ag breathnú na n-iasc san uisce doimhin agus ag faire na mionéan sna sceacha - iad beirt beag beann ar imeachtaí an tsaoil, iad ar aon-tuiscint ar litríocht agus cúrsaí ealaíne agus ar fhealsúnacht. Bhí sí tógtha go mór le Liam an uair sin, leaid a bhí chun tosaigh ar an gcomóntacht i mBaile na dTor.

'D'fhéadfadh Dali anois crot nua ar fad a chur ar íomhá an tséipéil sin,' a deireadh sé, nó 'Samhlaigh Gatsby in a aonar ar oíche úd ar imeall an locha.' Bhíodh sí faoi dhraíocht aige.

B'shin mar a bhí an scéal go dtí gur scaoil sé a rún léi lá Samhraidh an bhliain deiridh go raibh sé ar intinn aige dul leis an sagartóireacht, agus bailiú leis chun na sagartlainne a thúisce agus a thiocfadh an fómhar.

D'fhéach Concepta an fhuinneog amach ar an mbaile thíos uaithi, brádán ceo na maidine ag bailiú leis ón bpríomhshráid ar éirí na gréine, glioscarnach na gréine ag bualadh cheana féin ar fhuinneog Shiopa Éadaigh Uí Dhuibheagáin agus ag cur loinnir úrnua ar an gculaith chróndearg bréide inti'.

....Is go tobann a bhuail an fógra sin uaidh í an lá samhraidh úd. Níorbh é nach raibh tnúth aici go ndéanfadh sé beart éigin anois go raibh an scolaíocht thart. Níor chinn sí ach go leanfadh an cairdeas eatarthu ar aghaidh gan aon chur isteach air.

'Ná bíodh aon easpa muiníne ort ach go scríobhfaidh mé chugat agus go n-inseoidh mé gach rud faoin sagartlann,' a dúirt sé. Le hais Shiopa Uí Dhuibheagáin, a bhíodar. Is rinne sé amhlaidh an fómhar úd agus an uile fhómhar ina dhiaidh sin, fiú an fómhar ar imigh sé chun na Róimhe ag foghlaim diagachta.

'Is tá loinnir éigin speisialta, loinnir chróndearg, ar an aer teacht an ama seo san Villa d'Este' a scríobh sé chuici, nó 'Ach tú Santa Maggiore a fheiceáil teacht na maidine agus solas na gréine ag teacht aniar air chuirfeadh sé i dtuiscint duit....'

Chuir an tSiúr Concepta na samhailtí sin uaithi agus í ag féachaint an fhuinneog amach athuair ar Bhaile na dTor agus ar an tír máguaird. Ba rómhinic a bhí an radharc céanna feicthe aici ó bhailigh sí isteach chun an chlochair le bheith in a beanrialta i ndiaidh an tSamhraidh chéanna. Níorbh fhearr rud a dhéanfadh sí ag an bpointe áirithe sin dar léi, cé go mba leasc léi diúltú don saol....

....Ba ar ámharaí an domhain a bhí ar a cumas na naíonáin a mhúineadh sa bhunscoil. Bheadh uirthi na samhailtí uilig a chuir Liam Ó Dónaill ina ceann a chaitheamh ar leataobh, luath nó mall, dá mba i bhfeighil na glantóireachta nó na cócaireachta a cuireadh í arna theacht isteach sa chlochar di.

Ba bhealach éalaithe aici é, agus dheimhnigh sé go mbeadh neart beag airgead póca le caitheamh aici ó am go céile.... ar na riachtnaisí sin, a dtuigeann tú, a cheadaití dóibh ar mhaithe lena n-íomhá os comhair an phobail. Ba chuige sin a ligtí amach iad an chorruair sa bhaile féin, agus tharla gurbh shin a thug an deis di an chulaith chróndearg bréide a fheiceáil i bhfuinneog Shiopa an Duibheagánaigh an lá cheana.

'Culaith chróndearg bhréide den fhaisean is déanaí,' a d'fhógair an lipéad air. Chuir sé seanchailleacha an bhaile ag magadh fá na striapacha ban a mbeadh sé de dhánaíocht iontu a leithéid a chaitheamh, nuair ba chóir dóibh bheith sona sásta leis an dubhéadach agus an donn ba nós le gnáthdhaoine umhlaíocha a chaitheamh.

'Cuma deas néata atá air, de réir mar a thuigim,' adúirt an tSiúr Isolde sa seomra an oíche sin. Bhí an tSiúr Isolde ag múineadh snoídóireachta do na cailíní fásta sa mheánscoil agus do bhíodh sí in ainm a bheith au fait leis an coutoure ba nua aoisí a thagadh go Baile na dTor, rud a d'fhágadh go raibh nuaíocht Isolde go mór i bhfábhar sa chomhrá sa seomra suite istoíche.

'Tagtha ón gcathair ar an traein atá sé, mar a chloisim. Deirtear liom go bhfuil na mná faiseanta go léir thuas sa chathair ag caitheamh cultacha mar é na laethanta seo.'

'Iníon an Duibheagánaigh a chaith seal sa stóras mór sa chathair atá i bhfeighil ceannach earraí mar é. Chuaigh sí i gcleachtadh ar an gcoutoure ann.'

'Meas tú, anois, nach bhfuil an crón dearg beagáinín ródhanartha?'

'Ach d'oirfeadh sé d'iníon Uí Bhroin, an máistréas Matamaitice. Tá sé in am di sin fear a phósadh.'

....Ní mórán suime, de réir cosúlachtaí, a chuir Concepta sa chaint an oíche chéanna. In ainm is a bheith ag ceartú cóipleabhar a bhí sí an t-am go léir, ach ag samhlú an loinnir chróndearg sa Villa d'Este a bhí sí idir an dá thráth, agus grian na maidine ar Santa Maggiore.... é sin nó ar na goirt aibreoga agus ológa nó ar fhallaí aoldaite agus linnte gorma faoin loiscearnach Iodáileach.

'Is goidé do thuairimse fán gculaith chróndearg bhréide sin i Siopa Uí Dhuibheagáin, Concepta. Bhí tusa ar na cailíní b'áille sa bhaile seo. Is cuimhin liom do mháthair-altroma a bheith a rá liom go bhféadfadh tú a bheith i do réalt scannán ach gur chinn tú a dhul leis an gcuallacht seo, buíochas le Dia. Caithfidh go bhfuil do bharúil féin agat faoin bhfaisean nua atá ag cur mná Bhaile na dTor dá dtreoir.'


Ba chuimhin léi anois nach ndearna sí ach meangadh beag gáire, nach raibh ag teacht le tuairim ar bith a thabhairt, agus nár thug le fios d'éinne go raibh morán suime aici ann a bheag ná a mhór - agus feadaíl traenach an tráthnóna ag filleadh ón gcathair mhór i dtreo na haigéine a chuir in iúil dóibh sa seomra suite go raibh sé in am scor leis an gcaint beag is fiú agus dul leis an bpaidreoireacht.

'An rud is annamh is iontaí riamh,' a deireadh an Dónallach ina litreacha chuichi, 'agus is é an rud is lú coinne agat leis a chuirfidh an saol in a chíorthuathail agat.'

D'fhéach sí amach ar an maidin bhreacsholasach sin, agus ghreamaigh chuici an litir ba dhéanaí uaidh. Ón Róimh a bhí sé tagtha - an lá cheana - á rá go raibh an sagartóireacht tréigthe aige agus go mb'áille ná Parthas féin na goirt ológa agus aibreoga ann, agus go mbainfeadh sí taithneamh as an radharc.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'