Dán na Míosa, Feasta, Eanáir 2001
Dán na Míosa, Feasta, Eanáir 2001

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



le Siobhán Ní Shíthigh


San Eoraip 2000

Bhí mealladh
san aistear,
neamhthuiscint
a mheasas,
Ar uairibh bhí
clós cúirte
báite fén ngréin;
An tarrac
san ionadh
ag dealú
is ag cúngú
go spéice fén spéir,
go dtí nach raibh
fágtha ach mothú
is mé ag feitheamh
le traein,
Nuair a ghluais
carráistí na staire
fém dhéin;
Sa séanas
chonac an sánas
sa bhearna
idir dorn is béal;
Idir tonn
ins an lon
shnámh an smaoineamh,
ag dubhachtaint
fén gcuimhne -
Scanraíos.
Éalú

D'éalaíodar tharam
mo dhrom
leis an bhfuinneoig
is mé ag póirseáil
i measc na n-áras
sa chófra gloine
ag ardú
is ag ísliú
babhlaí
is crúscaí,
á gcur síos ina spás,
leagtha amach ina n-áit
fé réir na smúite;
Níor dheineas
aon chur isteach
ar na seanphíosaí páipéir
fillte ina mbun -
fógraí báis iadsan,
nuair a chasas timpeall
bhí an lá éirithe
is ceo an fhómhair
á dhó,
thuigeas ansan
go rabhadar
bailithe leo.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'