Eagarfhocal Feasta Eanáir 2001
Eagarfhocal, Feasta, Eanáir 2001

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo


Níl ach cúpla mí ó bhíomar ag gearán anseo faoi ráiteas an Aire De Valera go raibh an tAontas Eorpach ag cur isteach ar ár luacha cultúrtha. Ag smaoineamh siar air dúinn, b'fhéidir gur moladh a bhí tuillte aici sa mhéid go raibh sí ag díriú ár n-aird ar an Aontas, tráth a bhfuil tuilleadh athruithe agus forbartha i ndán dó.

Tá sé soiléir anois go mbeidh tíortha in oirthear na hEorpa, go háirithe an Phólainn, an Ungáir agus Poblacht na Seice ag teacht isteach san Aontas go luath - laistigh de thrí nó ceithre bliana. Sa chás sin, d'fhéadfadh ná beadh an tionchar céanna ag an tír bheag seo ó thaobh cearta vótála. B'athrú ollmhór é dá mba leor go mbeadh móramh na mballstáit i bhfábhar aon chinneadh, in áit mar a a bhí go dtí seo go gcaithfidís uile aontú leis. Ina theannta sin is cosúil, má leantar den síormhéadú go bhféadfadh go gcaillfimis an ceart atá againn coimisinéir a ainmniú. Mar sin féin, bíodh go gcruthódh sé deacrachtaí dúinn ar ball, ní bheadh sé ceart dúinn cur ina aghaidh cead isteach a thabhairt do na tíortha seo. Is mó d'ábhar imní fós dúinn go bhfuil sé i gceist go mbeadh arm Eorpach ann agus go mbeadh an tír seo páirteach ann. Níl aon amhras ná go bhfuil a lán daoine in aghaidh aon pháirt a bheith againn le haon chomhghuaillíocht mhíleata - go gciallódh sé go mbeadh an neodracht a sheas go maith dúinn san am atá thart á ghéilleadh againn.

San am céanna is deacair a shamhlú gur féidir dúinn seasamh ar leataobh i gcónaí agus diúltú go bhfuil aon dualgas, nó fiú freagracht mhórálta, orainn, is cuma cén priacal nó gábh ina bhfuil stáit eile an Aontais. B'fhéidir gurb é is cóir a dhéanamh maidir leis an arm seo ná a chinntiú go mbeadh soiléire ann maidir lena réimse gníomhaíochta agus freagrachta i dtreo go mbeadh cead diúltaithe ag aon stát lasmuigh den réimse sin.

Ach tá ábhar imní níos mó fós a bhaineann leis na hathruithe ar fad. An féidir go bhfuil siad ag tarlú róthapaidh agus go bhfuilimid, diaidh ar ndiaidh, ag dul i dtreo ollstát feidearálach Eorpach? D'fhéadfadh baol an-mhór a bheith lena leithéid. Ní dóigh linn go mbeadh glacadh ag na pobail sna ballstáit éagsúla le stát mar sin.

Ní dóigh linn go bhfuil sé riachtanach fiú, agus go mb'fhearr oiread cearta agus cumhachta agus is féidir a fhágáil ag na tíortha éagsúla. Is eol dúinn conas mar a thit an Rúis Shóibhéadach agus an Iúgsláiv as a chéile beagnach thar oíche. Bíodh nach slán ar aon chor don chomparáid leis na tíortha sin, d'fhéadfadh sé tarlú amhlaidh do Stáit Aontaithe na hEorpa.

Is gearr uainn anois go mbeidh nótaí agus boinn an Euro ar fáil ar fud fhormhór thíortha an Aontais. Is céim mhór chun cinn é sin agus tá sé fíorthábhachtach go n-éireodh leis. Is eol dúinn conas mar a tháinig sé faoi ionsaí cheana féin ar stocmhargaí an domhain. B'fhearr dúinne go mbeadh an Ríocht Aontaithe, Tuaisceart na hÉireann go háirithe, laistigh den chóras a luaithe agus is féidir. Má leantar leis an lárú agus comhshamhlú, tá baol ann ná tarlóidh sé sin.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'