Smaointe Polaitíochta Feasta Eanáir 2001
Smaointe Polaitíochta

le Proinsias Mac Aonghusa

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Eoraip na náisiún! Comhpháirtíocht idir stáit cheannasacha neamhspleácha. Cothromaíocht ar gach leibhéal. Cearta na náisiún cosanta go hiomlán! Sin mar a dúradh le pobal na hÉireann, nó pobal na Sé Chontae Fichead ar aon nós, nuair a bhí ballraíocht sa Chomhargadh Eorpach i gceist ar dtús. Eisíodh páipéir éagsúla rialtais ag tabhairt geallúintí breátha don phobal. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Ghlac pobal na 26 Chontae le ballraíocht sa Chomhargadh. Nuair a athraíodh ainm an Chomhargaidh faoi thrí níor chuir sin isteach ar dhaoine. Nuair a iarradh ar dhaoine glacadh le hathruithe éagsúla ar Chonradh na Róimhe, ar a raibh an fiontar bunaithe, glacadh leo siúd freisin cé go raibh an vóta ar son na n-athruithe ag titim roinnt. Chonacthas do na vótóirí gur mhaith ann ballraíocht san Aontas Eorpach, agus nach raibh na contúirtí a dúirt daoine áirithe a bhaineadh le ballraíocht fíor in aon chor.

Níl amhras ar bith ann ach go ndearna ballraíocht in Eoraip na náisiún leas na hÉireann. Is dá bharr a tháinig cearta ghnáthdhaoine isteach go láidir sa dlí, mar shampla. Thairis sin, tá baint nach beag ag ballraíocht san Aontas Eorpach le hardú ollmhór chaighdeán eacnamaíochta an Stáit. Is fearr as beagnach gach duine sa Stát seo anois de bharr ár gceangal leis an Aontas. Ní bheadh sé ciallmhar gan díriú ar an bhfíric sin in aon chaint faoin scéal.

Cé gur ceileadh sin ó na pobail cuid mhór, ní ar shlí dhaonlathach atá an tAontas Eorpach á reachtáil. Sé Coimisiún na hEorpa, a roghnaíonn Taoisigh na mballstát éagsúla, seachas pobail an Aontais atá i gceannas. Is fíor gur féidir an Coimisiún go léir a bhriseadh, mar a dhein an Pharlaimint Eorpach ar iarratas an Fheisire Pat Cox, an t-ionadaí Éireannach is gníomhaí ar fad sa Pharlaimint sin. Deineadh é de bharr camastáil Choimisinéirí áirithe. Ach is tarlachtaint ar leith amach is amach a bhí ansin.

Ar an ngnáthchaoi tá ceannas iomlán ar gach rud ag an gCoimisiún Eorpach, ceannas mídhaonlathach, ceannas atá ag dul i méid. Go dtí seo bhí ionadaíocht ag gach ballstát ar an gCoimisiún seo. Ní bheidh amach anseo. Faoi cheann roinnt blianta ní bheidh aon choimisinéir seasta sa Bhruiséil thar ceann Thaoiseach Éireann. Beidh a leithéid ann anois agus arís, ní nach ionadh, gach deich mbliana nó cúig bliana déag, b'fhéidir, de réir mar a thagann baillstáit úra isteach san Aontas Eorpach, ach sin an méid.

Deireann John Bruton agus Ruairí Quinn dá mbeidís féin sa rialtas nach dtarlódh seo, nach ngéillfidís. Cá bhfios? Níl aon dea-cháil ar leith orthu mar chosantóirí cearta Éireann. Ach sin atáid a rá. Deirid gur ghéill Bertie Ahern agus Brian Cowen do bhrú ón bhFrainc agus ón nGearmáin. Is cosúil gur fíor sin. Ní fios fós cé chomh mór agus a bhí an brú agus céard a bagraíodh ar an Stát seo.

Ach is cinnte nár theastaigh ón Taoiseach ná ón Aire Gnóthaí Eachtracha dochar a dhéanamh don Stát. Theip orthu Éire a chosaint. Bheadh meas níos mó anois orthu dá n-inseodh siad an fhírinne ar fad faoinar tharla dóibh i Nice.

Is de réir a chéile agus ní thar oíche a chuaigh an chéad leagan amach don Chomhargadh Eorpach le cúr na habhann, agus go ndeacthas i dtreo ollstáit Eorpaigh. Dá ndéarfaí i dtús báire nach mbeadh ionadaíocht ag gach ballstát ar na coistí ceannais ar fad sa Chomhargadh, agus go háirithe ar an gCoimisiún, thiocfadh dó nach nglacfaí sa Stát seo leis an gcéad mholadh Reifrinn a cuireadh os comhair an phobail. Ar thuig siad siúd a leag amach an Comhargadh céard a d'fhéadfadh tarlú amach anseo? An é sin a bhí uathu? An rabhadar thar a bheith glic, seachantach, mímhacánta?

Gealladh sa stát seo thar rud ar bith eile nach gcuirfeadh an Comhargadh isteach ná amach ar sheasamh neodrachta míleata na hÉireann. Dúradh go speisialta gur cúrsaí eacnamaíochta gnó an Chomhargaidh, agus nach le cúrsaí míleata agus polaitíochta a bheadh sé ag plé per se. Is faoi NATO is mó a bhíodh trácht an uair sin, nuair a shíltí brú a bheith ar Éirinn an neodracht a thréigint. Bhain agus baineann formhór bhaillstáit an Chomhargaidh/ Aontais le NATO arbh é Stáit Aontaithe Mheiriceá an príomhpháirtí ann. Ní raibh trácht san am ar arm Eorpach a bhunú, cé go ndúirt cuid díobh siúd a bhíodh imníoch faoin bhfiontar ar fad go dtiocfadh an lá nuair a bheadh sin i gceist.

Séantar fós in Eanáir na bliana 2001 go bhfuil plean ar bith ann chun arm Eorpach a chur le chéile. Séantar aon cheangal a bheith ag an bhfórsa mór armtha atáthar a bhunú faoin ainm Béarla Rapid Reaction Force le harm Eorpach. Thiocfadh dó go bhfuiltear ann a chreideann an méid seo ar an tslí chéanna go bhfuil daoine ann nach gceapann an domhan a bheith cruinn agus daoine eile a shíleann go dtig le muca eitilt.

Is fréamhshamhail d'Arm Eorpach atá á chur ar bun. Ní hé an tArm Eorpach foirfe é a bhéas ann faoi cheann deich mbliana, nó níos luaithe b'fhéidir, má thuigtear i gceart a bhfuil i gceist maidir le dualgaisí Mheiriceá thar lear ag comhairleoirí an Uachtaráin Geoerge W. Bush. Agus tá Éire sáite isteach sa bhfréamhshamhail armtha seo ag an Taoiseach Bertie Ahern, an tAire Gnóthaí Eachtracha Brian Cowen, an tAire Cosanta Michael Smith, agus an Rialtas fré chéile.

Bhí an-imní ar David Andrews faoi seo agus faoi nithe eile gaolmhar dó. Ach tá seisean anois imithe as an Rialtas agus tá daoine nach bhfuil aon cheangal ar leith acu le prionsabail agus le traidisiúin náisiúnta Fhianna Fáil i gceannas. Is breá le ceannasaíocht an Airm Náisiúnta na ceangail le hairm eile Eorpacha. Ní léir aon spéis ar leith a bheith sa neodracht mhíleata ag an gceannasaíocht sin anois ná le fada. Ní hiontas ar bith é sin, ach is trua é.

Mar an gcéanna le cuid mhaith d'ardstátseirbhísigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Seo Roinn thábhachtach Stáit, Roinn a bhfuil obair thar na bearta déanta aige riamh agus i gcónaí ó thosaigh sé mar chuid den Scáil-Phoblacht le linn Chogadh na Saoirse. Is daoine thar na bearta a bhí ina bhformhór siúd a bhí agus atá go dtí an lá inniu ag obair sa Roinn sin. Is údar bróid iad don tír.

Ach ní gá le tamall gur cosantóirí an pholasaí neodrachta mhíleata gach duine tábhachtach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. An síltear ansiúd gur ualach anois ar an Stát an neodracht gus nach bhfuil ciall nó gá leis agus an stát mar chuid den Aontas Eorpach?

Is dócha gur féidir a rá gur mar sin a fhéachann Fine Gael agus an Lucht Oibre ar an neodracht le fada. Ní shéanaid go hiondúil gur mhaith ann é tráth, ach go bhfuil an tráth sin imithe. Is fiú i gcónaí cuimhneamh ar leagan amach lucht polaitíochta agus iad sa bhfreasúra agus a ndéanaid ina dhiaidh sin agus iad i gcumhacht. Bhí Fianna Fáil go láidir in aghaidh an Stáit a bheith i bPáirtnéireacht NATO nuair a bhí an páirtí sin sa bhfreasúra. Arsa Bertie Ahern le Dáil Éireann ar an 28 Márta 1996, tar eis dó ceannlíne a fheiscint san Financial Times ag rá, Irish may seek to join NATO partnership:

While the Government may reasure the public that there are no implications for neutrality - and that may be technically true at this time - it will be seen by other countries as a gratuitous signal that Ireland is moving away from its neutrality, and towards gradual co-operation in NATO and Western European Union in due course. It is the thin end of the wedge which will be justified for all sorts of practical reasons and to increase our alleged influence, whereas in reality we will have no influence on alliance thinking as junior or second-class partners.'

Is aige a bhí an ceart ar fad, ar ndóigh. Labhair sé go dána, go misniúil. Labhair sé ar son na hÉireann agus tharraing sé dea-cháil air féin dá bharr ....

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'