Ní theastaíonn uaim go ndéanfása aon athrú ar ghnáthchúrsaí an tí ná ar
ghnáthchúrsaí do shaoil féin,' ar sé lena bhean an lá gur éirigh sé as a
phost ar shroicheadh na haoise scoir dó. 'Lean tusa ar aghaidh mar a dhein
tú go dtí seo agus lig domsa mo bhealach féin a ghearradh amach. Tá go leor
le déanamh agam, geallaimse dhuit.'
Ní dúirt sise tada, mar ba bhean den chineál san í agus, ar ndóigh, dob
fhear eisean a bhí go maith in ann a aigne féin a shocrú faoi cad ba mhian
leis agus faoi cad nár mhian.
Ar an gcéad amharc ní cheapfadh duine go raibh sé in aois scoir in aon chor.
Bhí an bheocht san intinn aige agus an lúth sa chéim; bhí an droim díreach,
an ghnúis geal agus ar éigean rian den fheoil bhreise air. Na roic ar an
gclár éadain, faoi na súile agus ar na leicne, dob iadsan amháin a
sceithfeadh air agus ansan féin níor léir i gcónaí iad don té nach
gcaitheadh ach an fhéachaint fhánach air.
Níor fhulaing sé lá tinnis riamh ina shaol ná ar éigean cuairt ar dhochtúir
aige ach an oiread: deireadh sé, agus an gáire leis, nach mbíodh an t-am
aige lena bheith breoite. Deireadh sé an méid sin, áfach, i slí nach dtugadh
le tuiscint ach go raibh sé beagáinín in éad leosan go raibh sé de chaoi acu
lá a chaitheamh sa leaba nó ina suí thart sa bhaile i mbun na féintrua nó ag
déanamh peataireachta orthu féin.
Rud eile a dhearbhaíodh sé ná gur rugadh faoi dheabhadh é agus dá bharr san
nach raibh an dara rogha aige ach saol dithneasach faobhrach driopásach a
chaitheamh. Go magúil a thagadh an méid sin uaidh, ar ndóigh, ach i ndáiríre
b'shin bunchloch na beatha i gcónaí aige, é ag rith is ag rás, an fuadar
faoi ar an gcúis ba lú, an fústar á thiomáint agus an mhífhoighne á
chreimeadh, cibé beag mór an gnó a bhíodh idir lámha aige.
Tharla dá bharr san nach raibh seans aige riamh an fíorcharadas a shnadhmadh
le haon duine, lasmuigh dá bhean is dá chlann féin, agus go deimhin d'fhás
na leanaí is phósadar agus gan aon dlúth-theagmháil acu riamh leis an athair
a bhíodh chomh gafa san lena mbíodh ag déanamh scime dó féin nach mbíodh an
t-am aige páirt a ghlacadh in aon ní a bhíodh ar siúl acusan.
Dhéarfadh sé gan amhras gur thrua go deo leis gur tharla san, ach nach raibh
dul as aige ón uair go leagtaí an méid sin cúraimí air ina chuid oibre, ach
le fírinne a insint níor ní é gur chás leis go dtí gur....ach....is fearr an scéal
a chur síos san ord ceart.
Ní bhíodh aon bhréag aige nuair a luadh sé an t-ualach oibre a chuirtí air
sa chomhlacht. Go luath ina shaol san áit ba léir do chách nárbh fhear é a
thabharfadh an fágaim fút ar an gcuirim ort, gur dhúshlán aige gach dualgas
a leagtaí air agus nach mbíodh sé riamh chomh sásta is a bhíodh nuair a
bhíodh sé báite ag an ultach oibre agus gan seans aige an anáil féin a
tharraingt. Ní nach ionadh bhíothas ann a bhí sásta na dualgais a scaoileadh
leis ionas go mbeadh saol ní ba chiúine acu féin. Bhíodh sé ag rith anseo is
ansiúd, an staighre suas agus an staighre síos, ar a thóir sin agus á lorg
seo, ag caint ar an nguthán is ag freastal ar chruinnithe agus níorbh annamh
na braoiníní allais ar sileadh de bhun na smige air le teann saothair.
Ná ní bhíodh nóiméad le spáráil aige ar dhul abhaile dó ag deireadh an lae,
ach an oiread, bhí sé chomh gníomhach san in eagraíochtaí éagsúla sa
cheantar. Diaidh ar ndiaidh, áfach, níorbh fholáir dó éirí as na cumainn
sin, toisc an brú a bhí air sa chomhlacht. Lena chuid oibre sa chomhlacht a
chaitheadh sé a chuid díograise ina hiomláine as san amach. Théadh sé chun
na háite go luath ar maidin agus d'fhágadh go déanach í, sa chaoi is nach
raibh de shaol aige feasta ach éirí imeacht chun na hoibre filleadh
abhaile agus an leaba a thabhairt air féin.
Agus anois bhí sé scortha. Ach, mar a dúirt sé lena bhean, bhí an-chuid le
déanamh aige. Bhí ceithre sheomra sa teach le maisiú aige, obair nár fhéad
sé teacht uirthi go dtí seo. Ghlacfadh san sé seachtain nó b'fhéidir dhá mhí
uaidh.
Thosaigh sé an lá tar éis dó an comhlacht a fhágáil agus bhí an gnó curtha i
gcrích aige laistigh de choicís. B'fhéidir nach raibh an obair mhaisiúcháin
déanta go ró-shlachtmhar ná go ró-chríochnúil aige, ach bhí sí déanta, agus
ba bhua san aige. Thug sé aghaidh ar an ngairdín ansan agus chaith trí lá
saothracha ag gabháil dósan, an féar á bhearradh aige, na sceachacha á
ndiogáil, na fiailí á stoitheadh, smacht á chur ar an an-fhás gránna agus an
áit á fágáil aige sa riocht a thaispeánfadh go raibh aire éigin á tabhairt
di. Agus b'shin aidhm eile curtha i gcrích aige.
An chéad rud eile a bhí le déanamh aige ná cuairt a thabhairt ar an Músaem
Náisiúnta, rud ba mhian leis le blianta fada agus gan an chaoi aige chuige.
Chaith sé trí uair a' chloig ann agus b'shin rud eile tugtha chun críche
aige. Mar an gcéanna leis an Dánlann an ceann náisiúnta agus Dánlann na
Cathrach thriall sé orthusan, d'fhéach orthu agus d'imigh leis. Cuspóir
eile bainte amach aige. Ardteampall Chríost, Ardeaglais Phádraig, Príosún
Chill Mhaighneáin agus iontais eile na cathrach, ghlac a dturas san
seachtain eile air. Agus b'shin sprioc eile sroichte aige.
Rud eile a bhí ar intinn aige ná cuairt a thabhairt ar an gclann, iad uile
pósta um an dtaca seo, ar ndóigh. Níor oir sé don bhuachaill i nDún
Gheanainn cuairteoir a bheith acu díreach anois ('Is trua san, a Dhaid, cad
faoi am éigin san athbhliain?'); ná níorbh éagsúil é an scéal i gcás an mhic
a bhí i nGaillimh ('Eadrainn féin, a Dhaid, níl cúrsaí go maith sa teach
agus níor mhaith liom go bhfeicfí go mbeadh lámh agatsa san aighneas. Féach,
fág go fóill é, go dtagann feabhas ar an scéal.'). Níor bhac sé le cur chuig
na cailíní, ar eagla nach bhfáilteoidis san roimis ach an oiread.
Shíl sé go ndéanfadh sé roinnt bheag léitheoireachta, ach loic sé. Níorbh
fhear mór leabhar riamh é; ní raibh an t-am aige dóibh.; agus bhí sé
ró-dhéanach ina shaol dó tosú anois. Go deimhin, ní raibh sé i dtaithí ar na
nuachtáin féin a léamh; ní raibh seans aige riamh ach an tsracfhéachaint a
thabhairt orthu agus anois féin bhí sé mífhoighneach leo.
Smaoinigh sé ar dhul ag obair sna heagraíochtaí ina mbíodh sé páirteach
tráth, ach ní bhfuair sé blas ar aon cheann acu: dob fhada imithe na
seanbhaill agus ba dhaoine óga ar fad a bhí i mbun cúrsaí anois, is gan le
tuiscint aige uathu ach gur bheag é an meas a bhí acu ar chumas seanóra.
Thug sé cúl leo uile agus don chéad uair bhraith an folús ina shaol.
Ghlac a bhean go lán-dáiríre leis an gcomhairle a chuir sé uirthi an lá a
d'éirigh sé as an gcomhlacht. Lean sí uirthi lena saol faoi mar a dheineadh
nuair a bhí seisean fostaithe go fóill an níochán an iarnáil ullmhú
béilí glanadh turas siopadóireachta cuairt ar an gcathair le cupán
caife a ól lena cairde imirt cártaí babhta bingo cadráil leis na
comharsana na nithe uile a bhí fite fuaite i ngnáthamh a beatha de thoradh
chleachtais na mblian. Ba léir dó go raibh sí an-sona agus bhraith sé mar a
bheadh frídín den éad á phriocadh.
Ach níorbh é sin an scéal iomlán. Níor thuig sé go dtí anois cé chomh
heagraithe is a bhí cúrsaí an tí ag a bhean. Bhíodh rud éigin le déanamh
aici gach aon nóiméad den lá agus gan am ar bith le spáráil aici don chaint
ná don chomhluadar.
Níor thúisce an bricfeasta thart ná b'shin i mbun oibre í; ba mhar an
gcéanna aici am lóin agus b'annamh moill aici tar éis bhéile an tráthnóna
toisc an gá a bhíodh aici le dul amach le cuairt a thabhairt nó le caidreamh
a dhéanamh. Don chéad uair lena bheo mhothaigh sé an t-uaigneas, agus ón
uair nach raibh a leithéid sin riamh air cheana níor aithin sé mar uaigneas
é, ach mar staid intinne a bhí ina spreagadh aige le tabhairt faoi rud éigin
nár pháirt dá shaol go dtí seo é.
B'fhacthas dó nach raibh aithne cheart aige ar an gceantar ina raibh sé ina
chónaí ó pósadh é. Níor chuimhin leis fad a bhóthair féin, fiú, a shiúil
leis na blianta fada. Go deimhin, ba cheantar tuaithe é seo ar a theacht dó
féin chuige agus anois bhí sé fásta suas ina thimpeall i ngan a fhios dó.
Mar sin, thug sé ar an áit a shiúil, 'Bóthar' i ndiaidh 'Sráide', 'Doire' i
ndiaidh 'Ascaille', 'Clós' i ndiaidh 'Coille' agus dob ionadh leis an
fhorbairt a bhí déanta, na bóithre nua, na tithe nua, na foirgnimh
ilchineálacha a bhí ann.
Ach ní fhaca sé aon cheann ar leith díobh, mar dob é an pictiúr ginearálta a
thug sé leis agus níorbh iad na mionsonraí. Ní ag spaisteoireacht a bhíodh
sé ach ag gabháil roimhe go hinneallta saothrach, na súile roimis amach aige
agus an anáil ag teacht ina gáilleoga chuige. Má bhuaileadh sé le daoine nó
má bheannaíodh sé dóibh, ní dócha go n-aithneodh sé arís iad bhí a laghad
san ama aige lena n-aghaidheanna a thabhairt leis. Bhíodh sé tuirseach ag
deireadh na siúlóide ach bhíodh sé sásta gurbh fhiú í an iarracht is go
raibh aidhm eile bainte amach aige.
Ar ndóigh, ba ghearr go raibh an ceantar uile siúlta aige feicthe aige,
dar leis, agus nár bhfoláir dó réimse an taiscéalta a leathnú. Shiúil chomh
fada le lár na cathrach, fad ceithre mhíle slí b'fhéidir, agus d'fhill
abhaile ar an mbus. Ba shásúil aige san ar dtús ach ar ball níor leor leis a
thuilleadh é. Shiúil sé go lár na cathrach agus shiúil díreach abhaile arís
gan stopadh; dhein sé san lá i ndiaidh an lae go ceann míosa sarar éirigh an
turas stálaithe air is go bhfacthas dó gur ghá an t-athrú.
Níor buaileadh riamh air go dtí sin cé chomh mór is ba mhian leis turas na
sléibhte a thabhairt air féin. I ndeireadh na dála, ar éigean gan na
sléibhte céanna ar thairseach an tí aige. Ar ndóigh, b'amhlaidh san dóibh i
gcónaí ach bhíodh sé chomh gnóthach san i gceann a chuid oibre nach raibh an
seans aige smaoineamh orthu. Níor luaithe smaoineamh aige anois ná gníomh.
Cheannaigh sé péire láidir bróg, bata breá draighin agus mála beag ina
bhféadfadh sé greim bia agus deoch a iompar ar a dhroim agus bhí sé réidh le
cur chuige.
Bhain sé triall ar dtús as na cnoic ba ghaire dó, na cinn dob ísle. B'shiúd
thart ar Thigh a' Chnoic leis, fan bhóthar an Ghleanna Dhuibh agus abhaile
arís trí Dhún Droma. Thaitin san leis; bhí sé tuirseach ach bhí sé sásta. An
lá dar gcionn thug sé dúshlán Shliabh na dTrí Liag, é ag treabhadh roimhe go
dian dásachtach, an t-allas leis agus an croí ag plancadh ina chléibh, gur
shroich sé na carraigeacha móra ar an mbarr is go bhfaca sé an chathair
leata go híseal thíos faoi agus uisce an chuain idir Dhún Laoghaire ó dheas
agus Bheann Éadair ó thuaidh ag spréacharnach faoi sholas na gréine.
Chonaic sé iad ach níor fhan le hiontas a dhéanamh díobh. Chas agus thug an
turas abhaile air féin arís, súil á caitheamh aige ar a uaireadóir féachaint
ar mhó é an t-am a ghlacfadh an filleadh abhaile ná an teacht. Bhí sé cortha
ar shroicheadh an tí dó; ach nár chuma, dhein sé an turas a leag sé amach dó
féin agus ní raibh amhras air ach gur thapúla a chuirfeadh sé an t-aistear
de ar an gcéad iarracht eile.
Agus bhí an ceart aige. Ba lú i bhfad é an t-am a ghlac sé air an turas a
dhéanamh nuair a thug sé faoi arís. Ar ndóigh, ba mhó i bhfad é an saothar a
chaith sé leis freisin agus an tuirse a bhí air mar thoradh; ach dob airde
ná riamh an mheanma ann.
Diaidh ar ndiaidh, thug sé faoi na sléibhte eile a dhreapadh, faoi Shliabh
an Dá Liag, faoi Chill Mhosheamóg, faoi Thigh Bhreatain, faoin Chruach, agus
sháraigh sé iad uile, cé gur mhinic an chasóg agus an léine féin bainte de
aige ar shroicheadh an bhairr dó, é báite leis an allas agus saothar
tachtach anála air. Lean sé air ag breith bua orthu ceann i ndiaidh a
chéile.
Beagáinín de bhreis ar thrí uair a' chloig a thógadh sé air siúl ó Ráth
Fearnáin ar an mbóthar cnocach go Cill a' Chaoich agus an bóthar trí Bhaile
na Coille ar ais. Ní raibh ceist air ach go bhféadfadh sé an t-am san a
chiorrú cuid mhaith ach an iarracht a dhéanamh. Dhein sé an iarracht san
agus dhein arís í agus an saothar uile in aisce aige.
Thug sé faoi an tríú huair agus ar éigean an dé ann nuair a shroich sé Cill
a' Chaoich. B'ansan a bhuail an phian tobann é, gur thuirling néal dubh air
is gan an chaoi aige a aithint nár ghá dó a bheith buartha faoin am a
thuilleadh mar nach mbíonn trácht ar a leithéid sin ar chor ar bith sa
tsíoraíocht.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|