rogha as Feasta, Feabhra 2001
Dánta mí Iúil

Guthanna Sinseartha le Biddy Jenkinson



Guthanna Sinseartha

Fál sceach á chur agam.
Lá Fhéile Bríde, lá bog tais,
ceobhrán allasach báistí anuas.
Táim ag freagairt na talún.
Pé áit a aimsíonn béal na láí
cúl cré sa chlochrach
déanaim poll, sáim préamh,
cuirim carraig anuas uirthi.

Táim teanntaithe ag mo chóta.
Bainim díom é
agus cloisim arís mo mhamó
agus mo shean-aintín
ag fógairt d'aon ghuth
'Cast not a clout till May is out!'
Caithim uaim mo hata.

Ní aimsím cré ar an gcéad amas eile
nó ar an dara ceann.
Leanann an láí air ag bualadh creige.
Téim thart uirthi.
Lúbann an líne curadóireachta
agus cloisim curfá na scál
'Níl an líne sin díreach!
'Fál sceach i bpáirc na laonna?'
'Cast not a clout...!'

Fáisceann thart orm arís an veist gheimhridh
a chaithinn, im leanbh, ó Shamhain
go deireadh Bealtaine,
mar d'ordaigh Dia, mar chosaint ar an eitinn -
Veist chniotáilte den bháinín íliúil garbh,
taobh le cneas,
go deireadh Bealtaine.
'...till May is out!'

'Seafóid,' a deirim leis na seanladies,
atá suite i dtom aitinn, ag cnáimhseáil.
- Is maith liom taibhsí.
Deimhníonn siad, ar shlí,
go mbeidh mé féin anseo timpeall
ar ball. -
'Ní mí na Bealtaine a bhí i gceist in aon chor
ag bhúr sinsir, ónar fhoghlaim sibh an nath,'
- plandóirí ón mBreatain Bheag ab ea iad -
'An may a bhí i gceist acu ná bláth
na sceiche gile.
Iomrall teanga a choinníodh veistín bréan
dom phlúchadh gach aon bhliain
'...till May is out.'

'Sceitheann na sceacha i lár mhí na Bealtaine.
B'shin coicís den tochas de bhreis ar a raibh dlite
a leagadh sibh orm,'
a deirim leo agus mé ag rince
ar an bplanda nua-churtha
len a dhaingniú.

'Lena chois sin tháinig bhur sinsir i bhfus
sular leasaigh an Pápa Gréagóir an féilire,
Bhíodh bláth bán ar an sceach
ag tús na Bealtaine, ansin.
B'shin mí.....

'...lena chois sin bhíodh na Breatnaigh
ag tagairt do Crateagus Oxyacanthoides
a d'fhásadh ar imeall coille, a bhláthaíodh
coicís roimh Crateagus Monogyna
nár leath ar fud na hÉireann go dtís na hEnclosures
B'shin sé seachtainí péine a d'fhulaingíos
in aghaidh na bliana
de bharr míthuiscintí teanga is staire
is bitheolaíochta.

Aimsíonn mo láí poll méith mar ar ramhraigh
raithneach agus aiteann an chré.
Ligim sraoth.
'Cast not a clout till May is out!'
Fógraíonn siad orm d'aonghuth
ó bharr chrann spíne.

Táim duairc anois.
Tá mo mhéara gan ghrásta iontu.
Ní fhásfaidh na plandaí.
Labhraíonn na mairbh
Ach ní dhéanann siad foghlaim
a thuilleadh.

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta