Pé ní eile faoi Dhónall Ó Móráin, a fuair bás le déanaí, níor dhuine é a
bheadh ag cur a chuid ama amú le baothchaint agus le bladhmann. Ach ní leor
a rá ina chás siúd go raibh sé le háireamh i measc na gceannródaithe i
gcúram athbheochan na Gaeilge sa chéad seo caite. Bhi sin fíor, gan amhras,
ach ba shuimiúla ná sin é, mar nárbh ionann an cur chuige a bhí aige agus a
bhí ag daoine eile a bhí ag saothrú ar son na teanga. Thar aon ní ba fhear
gnímh é. Is beag amhras ná gur éirigh sé mífhoighneach leis na
díospóireachtaí agus leis an tsíorargóint a bhí coitianta thiar sna
daicheadaí, agus go deimhin atá coitianta go leor in ár measc go fóill.
Ar bhealach bhí sé aisteach gur thosnaigh sé leis an gComhchaidreamh, mar
bhíodh díospóireachtaí fíochmhara ina measc siúd sna blianta tosaigh. Pé acu
a d'éirigh sé bréan den caint nó nárbh ea, ba chéim réabhlóideach é bunú
Ghael Linn. Bhí sé i gceist feasta an Ghaeilge a chur chun cinn trí
thionscnaimh a bhunú agus a fheidhmiú ar bhonn gnó. Ní raibh aon teora leis
an bhflosc agus leis an bhfiontar. Bhí scannánaíocht i gceist, ceirníní,
linn peile, óstlanna, coláistí Gaeilge, foilsitheoireacht nuachtán agus
leabhar, drámaíocht, gan amhras Slógadh, agus go leor eile. Bhí an Ghaeilge
tagtha amach as na cúlseomraí agus na seomraí ranga ar bhealach nár tharla ó
bhlianta tosaigh Chonradh na Gaeilge.
B'fhéidir nár lean an flosc nó nár éirigh le gach rud a triaileadh, ach bhí
iomairí nua treafa agus ceannródaíocht déanta. Thar aon ní eile, bhí sé
soiléir nár leor an tsíorchaint chun an teanga a tharrtháil agus a chur chun
cinn. Deir daoine is mó a raibh aithne acu air, agus a raibh gean acu dó, go
raibh a lochtanna féin air, go raibh sé mífhoighneach agus nár chuir sé
dóthain muiníne ina chomhoibrithe. Cé air nach bhfuil locht! Sa deireadh
thiar chuir sé casadh i gcúis na Gaeilge nach bhfuil aon éaló uaidh.
Bhí an cúlra a bhí aige suimiúil agus b'fhéidir neamhghnách. Ar shlí ba
fhear cathrach é, ach bhí a phréamhacha go láidir i nGaeltacht Uíbh
Ráthaigh. Go deimhin, cé gur fhág sé an áit agus é ina leanbh chun teacht go
Baile Átha Cliath, bhí cuid mhór dá chroí sa cheantar álainn sin. Ó thaobh
polaitíochta de ba Chumann na nGaelaí amach is amach é, ón dá thaobh, na
Móránaigh agus na Loingsigh, dhá dhream a raibh meas mór orthu, agus atá fós
in Uíbh Ráthach. Ar ndóigh, ní hionann ar fad Cumann na nGael agus Fine Gael
an lae inniu, agus d'oibreodh Dónall Ó Móráin le haon dream a dhéanfadh leas
na teanga.
Má bhí Uíbh Ráthach ina Ghaeltacht láidir go leor nuair a d'fhág sé é agus é
ina leanbh, ní hamhlaidh atá inniu. Tá buíon bheag ar a ndícheall ann le
tamall de bhlianta chun an scéal sin a athrú. Níl an mheánscoil lánGhaeilge
atá de dhíth ar an gceantar ar fáil ann go fóill, institiúid atá riachtanach
má táthar leis an nGaeltacht seo a tharrtháil. Nár bhreá ar fad an leacht
cuimhneacháin ar Dhónall Ó Móráin é dá mbeadh meánscoil Dhónaill Uí Mhóráin
bunaithe ar an gCoireán, i ngiorracht míle don áit inar rugadh é.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|