rogha as Feasta, Feabhra 2001
Smaointe Polaitíochta

Tá údar maith amháin ann gur in Earrach na bliana seo chugainn a bhéas an choimhlint......

le Proinsias Mac Aonghusa (Craoltóir agus iriseoir gairmiúil)


Is dócha gur sa bhliain 2002 seachas i mbliana a throidfear an mórthoghchán. Ar aon nós, sin a deireann an Taoiseach, agus ar an ngnáthshlí is ag an Taoiseach amháin a bhíonn gach eolas faoi dhátaí toghcháin. Ní call, ar ndóigh, gach a ndeireann polaiteoir, fiú Taoiseach, a chreidiúint. Ní hé go n-instear bréag iomlán go hiondúil ach nach n-instear iomlán na fírinne.

Tá údar maith amháin ar a laghad ann gur in Earrach na bliana seo chugainn a bheadh an choimhlint. Sé sin buiséad na Nollag seo chugainn. Ceapann a lán go mbeidh sé sin níos milse fiú ná buiséad na bliana seo caite. Chuirfeadh sin cóir mhaith taobh thiar de Fhianna Fáil agus na Daonlathaigh.

Ar an taobh eile, tá eacnamaíocht Mheiriceá níos laige ná mar a bhí le fada. Ní ag cur lena luach is cosúil an dollar a bheith. Ní fios fós cén sórt réimeas a bheas in Uachtarántacht George W. Bush. Gan bacadh le nithe eile, is comhlachtaí Meiriceánacha cuid mhaith díobh siúd atá ag cur dea-fhostaíocht ar fáil in Éirinn, thuaidh agus theas. Dá mba rud é gur dhún roinnt díobh siúd a ndóirse, rud atá ag tarlú de bheagán cheana féin, agus dá ngearrtaí siar ar an bhfostaíocht i gcuid eile díobh, ní bheadh an Tíogar Ceilteach chomh folláin is atá. B'éasca faitíos a chur ar dhaoine.

Dá mba rud é gur shíl Bertie Ahern, Charlie McCreevy agus Mary Harney go raibh laigeacht le tabhairt faoin deara san eacnamaíocht, bheadh mórthoghchán ann i mbliana, mar ní thitfeadh na buillí móra go dtí Samhradh 2002, dá mbeidís chun teacht ar chor ar bith. Ní eolaíocht chruinn í an eacnamaíocht. Is deacair a rá roimhré cé mar a bhéas cúrsaí, go háirithe sa chóras caipitleach.

I láthair na huaire, tá ardmheas ar an Taoiseach agus níl an oiread sin gean ag an bpobal ar John Bruton ná ar Ruairí Quinn. Ní hamháin go bhféadfadh sin athrú, agus athrú go scioptha, ach ní hionann meas a bheith ar Thaoiseach agus vóta a thabhairt dá pháirtí. Is fiú i gcónaí cuimhneamh ar ar tharla sa Bhreatain i dtoghchán na bliana 1970.

Bhí tacaíocht mhór phobail ag an bpríomhaire, Harold Wilson, agus níor mhór meas na coitiantachta ar Edward Heath, ceannaire na gCoimeádach. Ach is iad na Coimeádaigh a ghnóthaigh an toghchán, rud a chuir iontas ar an dá cheannaire.

Cuimhnigh freisin ar thoghchán 1977 sa Stát seo. Ba é barúil na dtráchtairí polaitíochta ar fad, ach amháin mé féin mar a tharlaíonn, gur ag Comhrialtas Fhine Gael/ An Lucht Oibre a bheadh an bua.

Lá i ndiaidh lae sin a bhí á chraoladh ag iriseoirí aitheantais ar Nuacht a hAon ar an raidió, clár nuachta a bhí agus atá fós an-tábhachtach. Mar a tharla, bhain Jack Lynch an bhua ba mhó dá raibh riamh ag Fianna Fáil amach. Dheineas féin suim dheas airgid ar gheallta. Is amhlaidh a bhínnse ag dul thart faoin tír agus gur i mBaile Átha Cliath thart faoi Theach Laighean, faoi RTÉ agus faoi phubanna iriseoirí, is cosúil, a bhíodh tráchtairí eile ag caitheamh a gcuid ama ag caint lena chéile.

Sílimse anois gur mó de thionchar a bhéas ar thoradh an chéad mhórthoghchán eile ag na mórmheáin chumarsáide ná le fada. Nuair a deirim sin, is feasach mé an tionchar as cuimse a cheaptar a bhí ag an Irish Independent i dtoghchán 1997, leis an bpríomhalt dar teideal 'It's Payback Time'. Seo anois do dheis cic a thabhairt dóibh siúd a bhí do do chiceáil go dtí seo!

B'shin buille ar Chomhrialtas Bruton/ Spring. B'shin an chéad uair ar thug an Independent lámh chúnta d'Fhianna Fáil. Is ar éigean gur nuachtáin phoblachtacha iad nuachtáin Sir Anthony O'Reilly nó William Martin Murphy agus na Murphys eile roimhe. Ach bhí amhras agus míchompord faoi dhlisteanacht an rialtais sin ag John Bruton. Den chéad uair deineadh athrú iomlán ar rialtas gan dul i gcead an phobail. Thréig baill de rialtas amháin na baill eile agus chuadar isteach leis an bhfreasúra agus bhunaíodar rialtas nua.

Ní foláir a rá go raibh sé ceadmhach de réir reachtaíochta é seo a dhéanamh, cé nár déanadh roimhe sin é. Ar ndóigh, bheadh ar chumas Albert Reynolds, an Taoiseach ar ar déanadh feall, an Dáil a scor agus toghcháin a tharraingt dá mba mhian leis sin le linn éigeandáil na Nollag 1994. Ní dhearna sé sin.

Mar sin féin, bhí an-amhras ann faoin socrú nua. Chuidigh sin le Bertie Ahern agus le Fianna Fáil, ní nach ionadh. Ach ba mhór an chabhair é nuachtáin Uí Raghallaigh. An mbeidh an chabhair sin ar fáil faoi cheann bliana, nó i mbliana féin, má bhíonn gá leis. Is fíor nach bhfuil nuachtáin laethúla agus tráthnóna an Independent chomh nimhneach in aghaidh Fhianna Fáil is a bhídís tráth. Maidir leis an Sunday Independent, is nuachtán é le fada a ghlacann le leagan amach Aondachtaithe Uladh agus atá frith-náisiúnach amach is amach.

Is iontach go deo chomh binbeach i gcoinne an náisiúin a bhíonn cuid de na colúnaithe clóis atá fostaithe ar an bpáipéar. Glacaim leis nach dtugtar ordaithe ar leith dóibh ach go dtuigid féin céard é an leagan amach atá le cur chun tosaigh. Is ar éigean gur gá a rá go nglacann gach duine leis an ráiteas nach gcuireann Sir Anthony féin isteach ná amach ar aon tslí ar a chuid eagarthóirí. B'fhiú sin a chur i gcead Mary Ellen Synon.

Má bhíonn an Independent ar a sheantéad sa toghchán, caillfidh Fianna Fáil vótaí. Ceist eile í an chuig Fine Gael a rachadh a leithéid de vótaí nó chuig an Lucht Oibre nó chuig Neamhspleáigh. Nó an bhfanfadh siad sa bhaile? Ceist eile fós é céard a dhéanfadh nuachtáin tíre Sir Anthony. Tá a lán díobh siúd ann. Tríd is tríd, bíonn neamhspleáchas ag baint le nuachtáin tíre. Is chun airgead seachas propaganda polaitíochta a dhéanamh atáid ann, pé cúlra a bhí acu. Ach b'fhéidir gur amaideacht a bheith ag ceapadh gur ionann aon chuid den tsaol polaitíochta agus iriseoireachta atá romhainn agus ar tharla cheana.

Is dóigh gurb é The Irish Times, an nuachtán is mó a dtugann lucht intleachta na tíre aird air, príomhnamhaid Fhianna Fáil. Is léir gur chuma le scríbhneoirí an pháipéir sin, ach amháin John Waters agus David Andrews, cé a bheadh i mbun rialtais fad is go mbuailfí Fianna Fáil. Bíonn pinn nimhe ag scríbhneoirí an Irish Times nuair a scríobhaid faoi rud ar bith dá mbaineann le Fianna Fáil. Is cuma san mí-ádh mór le cuid acu an fhírinne ná fíricí. Tá a chead sin acu. Bhídís tráth ag obair faoi choim, cuid díobh ar aon nós, ar son an Daonlathais Chlé, agus roimhe sin ar son Pháirtí na nOibrithe.

Ach ní shin le rá go bhfuilid anois ar thaobh Pháirtí an Lucht Oibre. Táid ar son aon chomhcheangal a bheadh ábalta Fianna Fáil a bhualadh. Sa mhórthoghchán déanfaid gach ar féidir leo chun droch-cháil a chur ar an Taoiseach agus gach a mbaineann leis, agus chun a chur ina luí ar dhaoine gur eagraíocht nó comhcheilg bithiúnach é Fianna Fáil. Gan amhras ar bith beidh daoine ann a chreidfeas an Irish Times, mar níl aon nuachtán ann chun taobh Fhianna Fáil den scéal a insint. Tá deireadh le Scéala Éireann, cé nach léir go dtuigeann cinnirí an pháirtí go hiomlán cé chomh mór de mháchaill orthu é sin.

Bunaíodh The Irish Press ar an 5 Meán Fómhair 1931. Go dtí sin ní raibh aon tslí a b'fhiú trácht air ag Poblachtaithe a dtaobhsan den pholaitíocht a chur os comhair an phobail. Bhí an Irish Independent, an Irish Times agus an Cork Examiner ar aon intinn i gcoinne Fhianna Fáil agus De Valera. Ní raibh aon bhealach ann lena mbréagnú agus bhí siad gan coinsias ar bith, díreach mar a bhí formhór na meán cumarsáide maidir leis an réabhlóideacht sa tuaisceart ar feadh na mblianta. Ach chuir bunú Scéala Éireann guaim orthu. Bhí orthu ansin cuid den cheart a thabhairt d'Fhianna Fáil.

Is féidir a rá anois an Irish Times a bheith ar ais ar a sheanbhealach, cé go bhfuil cló liobrálach air sna blianta seo. Agus ní cara ar bith de chuid Fhianna Fáil an Irish Examiner, cé nach bhfuil sé chomh binbeach leis an Irish Times. Tá tionchar ag an Irish Times ar nuachtáin agus nuachtóirí eile, cé go séanaid sin.

Feicfear é seo níos glinne ná le fada de réir mar atá mórthoghchán ag bualadh linn. Ach cheana féin tá sé follasach sna cinnlínte agus sna colúin dheascríofa bhréagacha a fhoilsítear gach lá. Ní hé gur bréaga díreacha is mó a bhíonn á n-inseacht ag na colúnaithe seo. Is furas déileáil leis sin. Is amhlaidh a chuirid tuiscint bhréagach ar an saol chun cinn, go gcastar nithe as a riocht, agus go mbunaítear amharc ar pholaitíocht an Stáit nach bhfuil ag teacht leis na fíricí.

Dála an scéil, ná síltear gan gliceas a bheith i gceannairí Fhianna Fáil. ná síltear iad a bheith níos fearr ná mar atáid. Nílid dílis do phrionsabsail a bhíodh tábhachtach dóibh tráth. Níl aon tuiscint ag a lán de na ceannairí ar an náisiún agus ar chearta an náisiúin, mar a bhíodh ag cuid díobh siúd dá ndeachaigh rompu. Ach tá a gcearta séanta orthu ag nuachtáin mhóra; ní ligtear don phobal a dtaobhsan den scéal a chlos gan a chur as a riocht.

Céard faoi na meáin eile, faoin teilifís agus faoin raidió? Silim a lán de na stáisiúin áitiúla riadió a bheith cothrom go leor, agus is amhlaidh do Raidió na Gaeltachta, a thugann a ndeis do gach dream polaitíochta.

An bhfuil seomra nuachta RTÉ námhadach d'Fhianna Fáil? An cláracha frith-Fhianna Fáileach cuid mhór de chláracha cúrsaí reatha RTÉ? Seans maith go bhféadfaí sin a rá fúthu idir toghcháin. Ní déarfainn gur fíor é le linn toghcháin. Ach is beag cairde atá ag Fianna Fáil in RTÉ. Sin an t-údar ar chuidigh Fianna Fáil le stáisiúin eile, idir chinn fuaime agus chinn teilifíse, a chur ar bun.

Beidh Fianna Fáil faoi bhrú mór ó na meáin chumarsáide aimsir an toghcháin. Aireoidh an páirtí uaidh Scéala Éireann níos mó ná riamh. Tá gá mór sa tír seo anois le nuachtáin neamhspleácha náisiúnacha. Más sa bhfreasúra a bhíonn Fianna Fáil de bharr a námhad cumarsáide, an gcuideoidh an páirtí le bunú nuachtán nua gairmiúil?

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta