B'fhuath leis riamh iad mar Chorcaígh go dtí gur phós sé duine acu. De réir
mar a thuig sé cúrsaí chaithfeadh Corcaígh a bheith ann mar ba iad na
Corcaígh an namhaid a bhí le sárú ó thús a óige. Rud eile dhe, ó ba í an
iomáint an saol dáiríre níorbh fholáir ceap nó ceapa éigin cinnte sáraithe a
bheith ann, agus b'amhlaidh a líon na Corcaígh an sprioc-ionad sin riamh ó
chuir sé aon aithne in aon chor ar an saol.
Nuair nach raibh ionad dó a thuilleadh san áit ba chleachtach leis thug sé a
aghaidh amach de réir mar ba ghá. Ní imeodh sé áfach gur iarradh air a
chamán a thabhairt leis agus thug. Ní túisce an coláiste cónaithe sroichte
aige ná ceist á cur aige faoin bpáirc agus faoi imirt agus is é a bhí go
sásta le linn dó é féin a ghléasadh ina bhrístín bán, ina stocaí bán is gorm
agus sa gheansaí Meiriceánach ab fhéidir a bheith dubh nó dearg de rogha an
té a bheadh á chaitheamh.
Cad é mar thubaiste dhó, áfach, a chlos go raibh ranganna le freastal Dé
Luain a bhí chugainn: níor chuige sin a tháinig sé. Ní raibh Corcaígh ar
bith i gceist an uair sin. Ní rabhadar san áireamh cloigne don iomáint. Ná
ní raibh sé féin ach measartha, d'ainneoin cosúlachtaí, agus ní aimsíodh cúl
rómhinic ná ní raibh dóthain airde ina chuid pocanna chun cúilín a scóráil.
Nuair a aistríodh go lár tíre é ón gcathair an Luan dár gcionn, ón áit a
bhfaca sé an fharraige don chéad uair riamh ina shaol, níor aistríodh aon
Chorcaíoch ina theannta - bhíodarsan róghlic chun gur ghá a mbunteagasc i
bpoll portaigh de chineál bhunáit a shinsear!
B'in an bhliain ar chaill sé an sprioc is an treoir a mhúnlaigh riamh é is
ar thosaigh soipíní na gcontaetha lagmheasartha eile ar dhul in iomaíocht
sháraitheach leis i gcúrsaí léinn agus - peile! Sea, ní imrítí an iomáint
anseo i mBaile Ghranaird mar gurbh eagal leis an gCeannasaí ó Chontae na Mí
go dtarlódh tionóisc agus - seanleithscéal Dhomhnaill Uí Chonaill arís! - go
ndoirtfí fuil!
B'é an Ceannasaí céanna a d'éiríodh chomh dearg san aghaidh le linn
múinteoireachta dhó is chomh hallasach sáraithe, i ndeireadh gach ceachta,
go mbíodh a ghúna dubh, a phlaitín maol agus a aghaidh dhearg faoi ionsaí
tréan na gcáithníní bána sneachtúla mínchailce sa tslí go n-iontaíodh sé os
a chionn in airde an chuid íochtarach dá ghúna is go scaipeadh na dúlagáin
mórthimpeall idir é is síleáil is rang is doras. Sea, b'in í an uair nach
raibh na Corcaígh ann chun é a spreagadh is a spriocadh is a phriocadh agus
níorbh aon ionadh é má d'imigh sé chun leimhe dá n-éagmais!
Sháraigh a chontae na Corcaígh dhearga mhaíteacha a liacht sin uair idir an
chuid deiridh de na caogaidí agus tús na seachtóidí sa tslí gur chuma - nár
chuma? - má bhí an ceann is fearr acu air i gcúrsaí leabhar.
Ceapadh an Loingseach ina Thaoiseach ar an tír sa bhliain '66 agus níorbh
fhada go raibh cumhacht na gCorcaíoch ina hairde láin. Níor aithin sé go
raibh an Tiobraid ag tabhairt uaithi go dtí gur ghéilleadar go hiomlán don
namhaid. Níor mhór leis dóibh na buanna a rugadar sna blianta sin agus bhí
sé fáilteach roimh chontaetha eile a rinne an bheart - Port Láirge,
Luimneach, Loch Garman, Gaillimh go háirithe agus Uíbh Fhailí, contae geal a
mháthar.
Tráth d'imigh an Róisteach le galf agus a thuilleadh dá sárlaochra le haois
is ea go díreach a thosaigh Corcaigh ar chéimíocht a bheith acu i gcúrsaí
éigse. Siúráilte, ní rabhadar i dteideal na céimíochta sin ach bhí an tír
lán d'amadáin is d'óinseacha a chreid pé ní a bhítí a fhógairt.
Ní hé nach raibh Corcaígh léannta ann den chuid ab áille méin. Agus nach
raibh sé faoi dhraíocht ag a gcuid filíochta agus gearrscéalta arbh iad go
heisíoch préamh agus athdhúchas náisiún na haoise iar-éirí amach? Níor chuir
sé isteach air ar aon slí a gceart a thabhairt dóibh mar Chorcaígh. Is i
gCorcaigh a bhí Cionn tSáile féin, an áit deiridh ar sheas an náisiún
Gaelach as dínit na hiarmhairte ór chin an náisiún -
Lig do bhraon le sruth Chionn tSáile
Bean Laidineach na staire
Dhiúltaigh dod eachmairt.
Dá mbeadh fhios ag Conán
Mhallódh airtléire a bhéil na Clanna Daortha
Throid go díth na léine
Ag a bhean bhánbhléine.
Lig do bhraon le sruth múin an tsáile
Le bréantas na diaidhthrá seo
An cogadh Gael le Gael
Is bain faoiseamh as an scaoileadh
Níl aon Spáinneach dá ghlórmhaire
Ná Francach b'fhearr a roinnfeadh leat
Ná síol gruama Chromail
Ar shealbhaigh do mhaighdean a mhórshliasaid:
Is iad Clanna Mórna is iontaofa
Tar éis an tsaothair.
Dá mbeadh a fhios ag an bPiarsach
Bhí sé ar an láthair
Agus Tone agus Emmet
Agus a mháthair.
Dá mbeadh a fhios agam féin
Is ag an mBráthair.
Dá mbeadh breith ar a fhoighne
Ag Aodh Rua Ó Domhnaill
Is dá mbraithfeadh an domhain
An séanfadh sí é?
Ach arís, ó shéan,
Bíodh an deoir seo leis an sruth
Ná coiscfidh deora!
Conas ná cuimhneofaí go deo ar an gcéimíocht sin, rud a meabhraíodh dó go
láidir sa bhliain sin '66 ar thug sé a chéad chuairt ar an gcathair ó dheas,
agus a bhfaca sé agus a gcuala sé an ceoltóir sráide ar Shráid Phádraig ann
a raibh 'An Cúilfhionn' á ghabháil aige. Níor ceileadh an t-aitheantas dual
sa dáinín a cumadh thart ar an am céanna sin in ómós do sheasamh náisiúin a
léirigh fear an bhosca ceoil:
Cá fhad é ó Chorcaigh -
ar an mbóthar ó dheas téim
ad chuardach, a chathair,
a choisric do lámh saor?
Cá fhad é ó Chorcaigh na n-oileán
is ón gceoltóir sráide ar phinginí
ag meabhrú lena chairdín
an-bhá an Chúilfhinn i gCionn tSáile?
Cá fhad é siar? -
an maireann fós
a phobal mar amhrán
ag slabhrú siar
go hiothlainn na gcian,
nó an réidh dá ndán?
Do rugadh mise i ndiaidh na poirt
a ghlanadh arís den fhuil
id abhanntrach méith:
cá fhad é uait, a Chorcaigh? m'fhiafraí.
Níorbh in é in aon chor é ach gur ghá gríosach úd Chorcaí a shéideadh sula
dtiocfadh aon spreagadh náisiúin arís ar fud Éireann agus i dTiobraid Árann
féin. Ba é im an aráin náisiúnta é, ba é biotáille agus alcól na dí
náisiúnta é agus, go fiú is filí Thiobraid Árann, nach ansiúd idir Chluain
agus iarthar Bhéarra a thugadar a n-aistear míogarnúil mall mórálach aimsir
péindlíthe agus gabhála? Chaithfí é sin leis a chur san áireamh agus na
Corcaígh á meas ag duine!
Ar a shon sin agus uile, agus d'ainneoin cheoltóirí agus filí, ba léir anois
le tamall nach raibh sa dream a bhí suas ó '71 amach ach fáis na haon oíche.
Mar dhea go raibh gach uile rud tite chun oidhreachta chucu ó ré na laochra!
Ba laochra aige féin iadsan chomh maith céanna ach breed eile a bhí iontu
seo. Breed ab ea iad ba cheart a chur dá gcois láithreach!
Ach ó ba rud é go rabhadar ann agus nach bhféadfadh sé iad a chloí mar a
bhíodar, athsholáthar seansprice agus seanspreagtha a bhí iontu. Bhí alcól
iontu. Alcól ar fad ab ea iad ach go raibh siad ar díth blastanais,
gnéúlachta agus seansaibhris. Níorbh fholáir iad a chloí láithreach.
Bhí an seanchreideamh caillte ar fad nach mór ag a mhuintir faoin am seo. Ba
é seo an séú bliain déag nár fhan acu ach gáire Sheáin Dóite in áit ghártha
Jimmy Doyle agus Tony Wall agus Devaney. Níorbh fhéidir leithéidí John Doyle
agus Michael Maher a shárú lena linn ach oiread le piaraí soghluaiste
stroighne. Anois bhí gach sotachán linbh a bhí ábalta ar chamán a thógáil
agus a luascadh iniomána acu. Bhuailidís an Clár nó Luimneach bliain ach bhí
an Clár nó Luimneach i riocht an comhar a dhíol leo an chéad bhliain eile.
********************
'Ní thugann na Corcaígh seans eile!' B'in a dúirt gach aon duine. B'in a
dúirt na Corcaígh. Bhí an seanchreideamh dúisithe arís ann. Ina dhiaidh sin
féin, ba dheacair Fenton agus clann ghlórach na gCorcaíoch a bhualadh.
Foireann óg a bhí acu agus ceangal sinsearachta idir iad agus foirne na
ndaichidí agus na gcaogaidí.
D'ainneoin gur ghlaoigh a dheartháir air an oíche roimh ré chun a rá leis go
raibh ticéad aige dó, cheannaigh sé ticéad eile ó bhean a bhí tar éis turas
tríocha míle a dhéanamh ó Bhaile Liaim trí Shliabh an Airgid go Tiobraid
Árann an oíche roimhe sin lena aghaidh. 'Níor chailleamar riamh i gCill
Airne,' a bhí á chur in aghaidh mhaíomh na gCorcaíoch. Bhí sásamh acu sa
mhéid nár thaitin sé leis na Corcaígh teacht anseo don athimirt. Cárbh
fhios? B'fhéidir go ndéanfaidís an bheart? Cárbh fhios?
Baile beag ab ea Cill Airne don chéad uair riamh den bhreis is dosaen uair a
bhí sé anseo cheana. Ba róléir anois nár fhág siad Neidín luath a ndóthain.
Seachtain cheathach éachtach a bhí ann ó fuair Nioclás an cúilín réitigh an
lá a scóráil sé an cúl Maradonna tar éis gur baineadh a chamán de. Fuil na
bua faoi dheireadh!
Ag teacht isteach thar an Glen Eagle dóibh bhí meán lae ann agus coinne
déanta aige lena dheartháir don tráth sin féin. Ach dá fhad isteach i dtreo
an bhaile a chuaigh siad b'amhlaidh ba shoiléire nach raibh áit páirceála ar
fáil don ghluaisteán. D'fhágfadh sé áit ar bith í, fiú ar thaobh an bhóthair
dá mba faoi fhéin a bheadh sé, cé go raibh trealamh péintéireachta a mhná
agus feisteas saoire na beirte acu ar fud an bhaill inti. D'iompaigh sé
isteach i gclós mór páirceála an óstáin agus an ionaid siamsaíochta os
comhair stáisiún na traenach amach ar shráid na mBráithre Proinsiasacha.
'Ní bhfaighidh tú aon bhéile anseo!' a dúirt fear an gheata ach níor thug sé
aon aird air agus é ag teitheadh ón áit le teann fuadair ar shlí gur beag
slán a d'fhág sé lena rúnsearc ach na gártha ina chluais cheana féin.
********************
Lena bhfuil de ghleo agus de lúcháir ann, de dhreapadh in airde ar ghuaillí
a chéile ar an mballa, ar an sreang dheilgneach agus ar na suíocháin istigh
sa pháirc, b'fhada gur thug sé faoi deara cé uirthi a bhíothas ag faire.
Díreach laistíos de a bhí sí le hais an bhalla aird idir na forgáin féaraigh
agus an taobhlíne. Bean bheag mheánaosta an té a chífeadh an bosca tathagach
fúithi - bean feirmeora ba dhóichí! Breathnaíonn ina timpeall - sciorta
dearg, blús bán, mála faoi ascaill agus páipéar - an clár oifigiúil? - faoin
ascaill eile. Í ag dul in airde - casann thar n-ais i dtreo a muintire: 'F--
Cork!' - gan séimhiú ar bith. Í ina seasamh ar an mballa agus a sciorta
dearg i bhfostú sa sreang dheilgneach. Téann beirt fhear i gcabhair uirthi
agus scaoileann a sciorta ón ngreim. Tugann sí rúid in airde. Stracann sí le
fórsa a sciorta pollta arís. Titeann a mála agus a páipéar ar an bpáirc
istigh. Fágtar ina diaidh iad nuair a léimeann sí anuas go foréigneach.
B'ansin a rith sé leis go bhfaca sé cheana í seo. Ar chúis éigin rith leis
nár chóir di a bheith anseo in aon chor ach Ö!
Sin í anois thall í ar an daichead slat agus í i ngreim fhada fháiscthe ar
bheirt de chosantóirí Thiobraid Árann.
Nuair a d'éirigh leis a shlí a dhéanamh chomh fada léi isteach sa pháirc
tríd an slua caithréimeach sásta síothlaíoch - mar go raibh tuirse an
chluiche agus an teasa orthu - níor fhan focal aige dá Chorcaíoch mná.
'Is fada an t-achar é sé bliana déag don té a bhfuil cónaí ar a croí le fada
i gceartlár Thiobraid Árann!' ar sise leis agus iad ag filleadh ar Shráid na
mBráithre.
********************
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|