rogha as Feasta, Iúil 2001
Dánta mí Iúil

Mianta Bealtaine le hÁine Uí Fhoghlú



Mianta Bealtaine

Asarlaíocht san aer
I measc spréacharnach fuinseoige dóite
Gach seile-splanc dá gcaitheann aníos
Lasann gnúis na díse
Ag damhsa le fuinneamh,
Dídean sollúnta a n-eadardhearcadh,
Ní thiocfaidh oiread na fríde eatarthu.
Bailíonn an mhuintir ag uisce
Tualangach na dtrí teorann,
Tuigtear dóibh nach aon ghnáth-oíche
Oíche seo Thine Bhealtaine.
Comhrá is imní an uile dhuine
Lán d'fhuadach bainne is ime
Orthaí is tine ag fágaint tí,
Samhaircíní na tairsí ná scuabtar!
Na daoine maithe ag faire le fuadach
' mealladh le lus an chodlata
Neantóga ag cealgadh tinnis.
Imíonn sise ar seachrán sí,
Meabhrán an rince ar a ciall,
Ar shroisint baile féachann
Ar chorrán gealaí buí sa ghloine,
Chíonn gnúis a grá in áit a scáil,
Lasann aoibh an gháire
Is scaoileann a méara
Trína folt sleamhain snas,
Critheann a ceann go toghail le sástacht,
Eisean teann, córach atá i ndán di.
Síneann siar i gclúmh lachan
Is síleann dul ag triall
Le hIarla Dheasúin ar bhruacha Loch Goir
Ag bogshodar, ag sodar, ag ardimrím,
Lonradh gealaí is splanc thintrí
chruite airgid an chapaill bháin,
Tnúth le codladh Bhealtaine na maidine.
Cogarmogar, raghadsa i bhfogas
Ag siosarnach fána cluasa,
Drochrún is comhcheilg an leasa,
Sí gaoithe is ceo draíochta,
Cuirtear daonnaithe amú,
Glaonn an faolchú,
Casadh casóige i gceap sióige,
Seachain lus na mban sí
Is ní baol duit lus na gealaí,
Seachain an tuaithe
Is ná bí id liodar
Ar an mbóthar abhaile.
Agus dúisíonn sí ina haonar
Le drúcht na ngeamhartha
Maidin Bhealtaine ar a héadan.

Nóta eag.: Tuaithe(b): Negative magic, spell (Dineen).

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta