Maslach go maith a bhí eagarthóir Gaeilge an Irish Times ar an bpáipéar sin
le déanaí maidir lena raibh le rá ag Conradh na Gaeilge faoi ráiteas an
rialtais go raibh glactha leis an scéim ghinearálta den Bhille Comhionannais
um Theangacha Oifigiúla. Ba é ba chúis le searbhas an eagarthóra ná gan an
Conradh a bheith fáilteach go leor go raibh céim eile ar aghaidh tógtha ag
an mbille.
Ina áit sin, is amhlaidh a bhí an Conradh ag tabhairt cluas do ráflaí a bhí
ag gabháil thart gur bhille gan éifeacht a bheadh ann, 'trumpa gan teanga,'
mar a chuir tuairisceoir ar Foinse é. Dar leis an Irish Times ba léiriú eile
a bhí sa scéal seo ar fad ar 'éagumas' i measc 'réabhlóidithe roicneacha'
Chonradh na Gaeilge.
Ag déanamh neamhaird den ainmheasarthacht teanga san alt, ar a laghad is
casadh nua sa saol é go mbeadh Conradh na Gaeilge á ionsaí de bharr a bheith
ag caitheamh amhrais ar dhea-intinn an rialtais ar aon bhealach: ba ghnách
go mbíodh an Conradh róghéilliúil ar fad, agus go bhfanfadh sé ina thost,
nuair ba chirte dó labhairt amach go hoscailte agus go dána. Inseoidh an
aimsir cé aige atá an ceart sa chúram seo.
Sí fírinne an scéil go raibh caint ag gabháil thart le fada faoin mbille -
gur bille lag a bheadh ann. Ní gan údar ar fad a bhí an chaint seo, mar
d'fhéadfá a rá gur tháinig sí as béal an chapaill féin ar ócáid amháin. Dar
linne ní haon dochar ar aon chor labhairt amach, má tá aon rian amhrais ann.
Ba mhó dochar a dhéanfadh sé do chlab a choimeád dúnta go mbeadh an bille
foilsithe.
Is maith is eol dúinn an tsíléig atá déanta ag rialtais éagsúla ó na
seascaidí anall maidir le cur chun cinn na teanga, go háirithe laistigh de
réimse an rialtais féin, agus de réimse an státchórais i gcoitinne. Má tá
aon iarracht amhrais orainn anois, is amhlaidh gur dódh cheana sinn.
Gan amhras is cúis áthais don Chonradh é go bhfuil glactha ag an rialtas le
scéim ghinearálta an bhille. Sé an Conradh a mhol go mbeadh acht teanga ann
ar dtús, na blianta fada ó shin. Dá dtarlódh go mbeadh aon chur i gcéill i
gceist sa bhille seo, bheadh dochar thar cuimse déanta. B'fhearr ná beadh
aon Acht Teanga ann ná go mbeadh ceann againn a bheadh ar bheagán éifeachta.
Is fearr go mór labhairt amach anois, mar a dúradh, ná fanacht ar mhaithe
leis an gcáiréis. Más gá aon leithscéal a ghabháil ar ball faoi aon chineál
amhrais a lua, táimid cinnte go ndéanfaidh Uachtarán an Chonartha é sin go
fial agus go humhal.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|