Tá léamh agus scríobh agus cluasa le héisteacht ag pobal na hÉireann, theas
agus thuaidh. Sin fíric shimplí a thuigeann polaiteoirí gairmiúla agus na
mórmheáin chumarsáide anois, ach is cosúil nár thuigeadar sin ach go
himeallach an mhí seo caite. D'fhéach a lán díobh ar ghnáthphobal na tíre
seo mar dhaoine nár thuig mórán agus a ghlacfadh go héasca le treoir óna
gcuid máistrí. Is léir ar a laghad ar bith go bhfuil cuid de na máistrí sin
ar strae ón bpobal, chomh mór ar strae is atá a lán den mhaorlathas sa
Bhruiséal ó ghnáthshaoránaigh an Aontais Eorpaigh.
Is iontach go deo an t-éadan a bhí ag Bertie Ahern, Ruairí Quinn, Proinsias
de Rossa agus a gcuid giollaí agus labhairt chomh suarach sin fúthu siúd a
bhí ag cur ceisteanna crua faoi Chonradh Nice. Ní léir go raibh aon chosaint
cheart acu ar an gConradh féin. Is measa fós na mórmheáin chumarsáide. Nuair
a chinn formhór na vótóirí ins na 26 Chontae diúltú don Chonradh úd chuadar
siúd ag tabhairt le fios nach raibh sé de chead nó de cheart acu sin a
dhéanamh, agus gur ghá anois teacht ar shlí éigin chun cinneadh an phobail a
chur de leataobh.
Má tá cuid de na cinnirí polaitíochta sotalach, díomasach, droch-bhéasúil,
ní taise d'eagarthóirí na mórmheán chumarsáide é. Mar a thug Éamon Ó Cuiv,
polaiteoir díreach misniúil, le fios, is don phobal agus ní do pholaiteoirí
a thugann Bunreacht na hÉireann cumhacht i ndeireadh báire. Is é an
Bunreacht crann cosanta an tsaoránaigh; is beag cosaint a bhíonn le fáil ó
na meáin chumarsáide. Cé leis iad? Cé atá ina mbun?
Ar ndóigh, ní sa Stát Saor amháin a facthas laghad tuisceana cinnirí
polaitíochta ar a raibh ag tarlú i measc an ghnáthphobail. I measc na
náisiúnach sna Sé Chontae, thaispeáin an SDLP laghad a dtuiscint ar an
bpobal agus ar pholaitíocht nua an Tuaiscirt nuair a chuireadar bean na
gCrúb agus na mBéal go dtí Tír Eoghain Thiar le Pat Doherty de chuid Sinn
féin a chriogadh. Bheadh fhios ag duine ar bith a bhí ag coinnéal súil ar
Thír Eoghain le roint bhlianta nach n-éireodh leis an Maimeo 66 bliana seo.
Is beag suim a bhí inti ag daoine óga; tuigeadh nár bhain sí leis an áit
agus nach raibh aon spéis ar leith aici ann ach mar áis dá páirtí. Ní móide
go bhfeicfear ansiúd arís í, ach amháin nuair a bhéas sí ag tiomáint tríd an
réigiún.
Is deacair a rá an bhfuil aon trua tuilte ag bean seo na gCrúb. Dá mba rud é
gur leis an Aondachtóir seachas an Sinn Féiní a bhí an lá de bharr na
geáitsíochta, bheadh sí náirithe amach is amach. Níor tharla sin; bhí bean
na gCrúb sa tríú háit agus ba ísle a vóta ná an vóta a tugadh don Bhranach,
an fear áitiúil a chuaigh roimpe mar iarrthóir don SDLP sa bhliain 1997.
Ní locht ar bith ar bhean é a bheith ina Maimeo agus a bheith fós ábalta
léim a thabhairt thar sconsaí. Ní locht ar bith uirthi a bheith 66 bliain
d'aois. Ach déanadh iarracht gan chéill a chur ina luí ar an bpobal buanna
ar leith a bheith aici nach mbíonn ag daoine eile. Baineadh leas amaideach
as í a bheith ina hAire Talamhaíochta le linn éigeandáil an Ghalar Crúibe
agus Béal. Cruthú iomlán a bhí san eachtra go léir ar easpa tuisceana an
SDLP ar an bpolaitíocht nua. Is ceart, áfach, aird a thabhairt ar an SDLP
sna toghcháin áitiúla. Dhein siad go maith tríd is tríd, níos fearr ná san
Olltoghchán. Sin de bharr obair mhaith áitiúil a bheith déanta ag formhór a
gcuid iarrthóirí.
Dála an scéil, bhí eolas fíorchruinn faighte ag an rialtas i mBaile Átha
Cliath coicís nó níos mó, b'fhéidir, roimh lá na vótála faoi céard a
tharlódh. Is ait an rud é seo nuair is léir a laghad aird is a tugadh ar a
bhféadfadh tarlú, agus a tharla, sna 26-Conte. An cuid eile den sotal é?
Níor chuimhnigh ceannaireacht Fhianna Fáil, nó go raibh sé i bhfad
ródhéanach ar an olc a cuireadh ar dhaoine faoi Pháirtnéireacht NATO. Nuair
a bhí sé ina cheannaire ar an bhFreasúra d'ionsaigh Bertie Ahern
Páirtnéireacht NATO. Dúirt sé go háirithe nár mhór Reifreann a bheith ann
sul a gceanglófaí an Stát leis. Ach nuair a bhí ceannas aige bhris sé a
gheall. Cheangail sé Éire leis an bPáirtnéireacht sin gan cead an phobail.
Ní drochThaoiseach ná droch-cheannaire ar Fhianna Fáil Bertie Ahern. Tá sé
caolchúiseach; an bhfuil sé cleasach? D'fhéadfadh sé a bheith i mbun
rialtais ar feadh i bhfad. Is duine an-tábhachtach ar fad i saol na tíre é.
Tá sé faoi láthair, agus le roinnt seachtainí, ag beartú conas Nice a
bhualadh thall arís ar phobal nach ansa leis an Conradh. Cé a déarfadh nach
n-éireodh leis an dara huair. Nó an dtiocfadh dó go nglacfaí le comhairle
eile dlí a déarfadh nach call Reifreann eile a bheith ann, go bhfuil
athruithe a déanadh cheana ar an mBunreacht de bharr an Chomhargaidh
Eorpaigh leathan go leor chun Nice a chlúdach? Ní hé gach dlíodóir a shíl an
ceart a bheith ag an Ard-Aighne nuair a chinn seisean ar ghá a bheith le
Reifreann. Ná déantar dearmad ar an tslí ar buaileadh Páirtnéireacht Nice
thall ar an bpobal.
Níor mhaith an rud é dá síltí nach raibh muinín le cur in aon pholaiteoir
gairmiúil, ach is cinnte go bhfuil a lán díobh cleasach. Agus baineann na
cleasaithe le gach páirtí, de réir cosúlachta. Bhí cuid mhór údair ann ag
daoine gan glacadh le Conradh Nice. Ach is léir anois go raibh flaitheas an
Stáit ar intinn ag a bhformhór, neodracht mhíleata in aigne cuid mhór, an
baol atá ann go gcuirfí dlíthe éigin Eorpach maidir le ginmhilleadh i gcionn
in Éirinn uair éigin amach anseo, agus amhras ginearálta uile.
Níl dearmad déanta fós den tslí a ndeachaigh siad ar fad ag brú scaranna in
Eircom ar dhaoine nach raibh tuiscint dá laghad acu ar an stocmhargadh.
Chaill daoine cuid mhór airgid de bharr dhroch-chomhairle na bpolaiteoirí;
facthas dóibh an ceart a bheith acu siúd a dúirt leo gur tuilleadh cailleadh
a bheadh i gceist trí Nice. Ach bhí rud amháin nár chuir isteach in aon chor
ar vótóirí an Stáit. B'shin méadú an Aontais. Is beag duine a bhí ina
choinne sin, ná in aghaidh daoine in oirthear agus i lár na hEorpa a ligean
isteach san Aontas. Ghoill sé ar dhaoine nach mbeadh Coimisinéir as Éirinn i
gcónaí ann, mar a bhí ó chuaigh an Stát isteach sa Chomhargadh ar dtús, agus
go dtiocfadh laghdú ar líon na bhFeisirí Éireannacha i bParlaimint na
hEorpa, agus go mbeadh deireadh leis an veto a bhí ag tíortha maidir le
mórathruithe. Ach bhíodar sásta glacadh leis an gcailleadh sin.
Ní rabhadar sásta féiniúlacht an Stáit a chailleadh, áfach. Sin coincheap
nár thuig na polaiteoirí gairmiúla san am, ach a thuigeann cuid díobh anois.
Dála an scéil, tuige nach féidir Seanad Eorpach a bheith ann ina mbeadh dhá
shúiochán ann ag gach ballstát, beag nó mór, fé mar a bhíonn i Stáit
Aontaithe Mheiriceá? Shásódh sin neart daoine, go háirithe dá mbeadh
cumhachtaí leathana ag an Seanad.
Ní thógann sé i bhfad ar pholaiteoirí, agus ar rialtais ach go háirithe,
éirí sotalach. Bhí sotal ar leith ag baint leis an rialtas de chuid Fhianna
Fáil a bhí i réim gan bhriseadh idir 1932 agus 1948, agus bhain sotal gránna
ar fad leis an rialtas de chuid Fhianna Fáil a bhí arís i gcumhacht ar feadh
16 bliana gan bhriseadh idir 1957 agus 1973. Bhí Airí ina measc a shíl gur
as a dtónacha a d'éiríodh an ghrian. Ní miste dom a rá nach rabhadar ar fad
mar sin. Ach deireadh Brian Lenihan gur éirigh an Tríú Comhrialtas, rialtas
Heavy Gang Liam Cosgrave, chomh sotalach i sé mhí dhéag is a d'éirigh an
rialtas ina raibh sé féin i 16 bliana. Bhí aithne agus eolas agam ar na
hAirí ar fad a bhí san dá rialtas sin agus sílim an ceart a bheith ag Brian,
beannacht Dé lena anam. Is éasca a bheith sotalach, díomasach, agus cumhacht
agat; is duine breá, go hiondúil, an té nach dtagann an galar gránna sin air
nó uirthi. Is fíor go gcastar gnáthdhaoine lá in dhiaidh lae ar na
mór-pholaiteoirí gairmiúla, ach tar éis scaithimh féachaid san orthu féin
mar mháistrí agus ar ghnáthdhaoine mar lucht achainí.
Níl Bertie Ahern agus a rialtas i réim ach le cheithre bliana. Is rialtas
fíormhaith é ar chuid mhór slite agus is Taoiseach thar an gcoitiantacht é
Bertie. Bhí an tráth ann nuair ba dhuine den phobal Ruairí Quinn. Ach ó bhí
sé ina Aire Airgeadais tá sé chomh sotalach le Margaret Thatcher. Agus is
eisean ceannaire an Lucht Oibre! Níl Michael Noonan sotalach ach tá roinnt
díobh siúd atá ar a bhinse tosaigh díomasach.
Is féidir a rá mar chosaint ar na polaiteoirí gairmiúla a bhí ag brú Conradh
contúirteach Nice chun cinn go bhfuil siadsan faoi bhrú. Tháinig brú mór ar
an rialtas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, roinn a bhfuil cuid mhaith mhór
déanta aige ar son an Stáit le fada, ach go mb'fhéidir go bhfuil ceannas air
anois ag daoine nach dtuigeann a dtír féin, ná eitic agus cultúir a dtír
dúchais féin chomh maith agus a bheadh súil leis ag na saoránaigh. An ar son
na hÉireann a bhíd ar fad ag obair nó ar son an Aontais Eorpaigh? An é leas
na hÉireann an chloch is mó ar a bpaidríní ar fad? Cé mhéad oibre a dhein
ionadaithe oifigiúla an Stáit nuair a bhí Conradh Nice dá dhréachtú chun
Éire a chosaint? Ar thuig siad i gceart céard a bhí ag titim amach? An iad
is mó ansin a chuir brú ar an rialtas?
Tá an Taoiseach agus an tAire Gnóthaí Eachtracha faoi bhrú freisin ag Romano
Prodi, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus ag a chuid comhoibrithe. Seo
dream garbh gur cuma leo san mí-ádh mór faoi chearta tíortha beaga, agus gur
beag acu an daonlathas. An bhfuil dúchíos dá oibriú ag an mBruiséal? An
bhfuil bagairtí móra dá ndéanamh faoi choim i dtaca leis na maslaí poiblí
atáthar a thabhairt do ghnáthphobal na tíre seo? Ná déantar dearmad de go
mbíodh ionadaíocht i bhfad níos láidre ag an oileán seo i bParlaimint
Londain ná mar atá san Aontas Eorpach. Is le cleasanna, le breabanna agus le
bagairtí a tugadh Éire isteach i Ríocht Aontaithe. Ar le breabanna, bagairtí
agus cleasanna a bhrúfar Nice an dara huair ar an bpobal? Tá dualgas ar
pholaiteoirí gairmiúla an Stát a chosaint agus aird a thabhairt ar mhian an
phobail. Ach an dtuigeann siad an fhíric shimplí sin.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|