rogha as Feasta Lúnasa 2001
Treascairt

le Colin Ryan


gearrscéal


Ceo. An coite ina scáil sa solas liathbhán, agus gan an t-uisce le haithint thar an aer. D'fháisc an Maoilriabhach chuige an fhallaing mhór Ghaelach, an t-iarsma deireanach den bhaile a d'fhan ina sheilbh aige.

Ba mhaith leis an suaimhneas seo, lapadáil an uisce agus gluaiseacht an bháid; ba é seo ceárta na cumadóireachta aige. Bhí an giolla ar a chúl agus a lámha á gcuimilt dá chéile aige: stoithneachán caol crua a raibh an aislingeacht ina chroí istigh. Tháinig glao garbh éin chucu ón luachair, agus cleitearnach eití.

'Abhaile,' arsa an Maoilriabhach, ag síneadh uaidh a chos. Sháigh Gianni an cuaille síos; ghluais an coite gan teorann, agus na cuilithíní ag leathnú ó bhruach go bruach. An ceo ag scaipeadh, agus ballaí cróna na cathrach ag nochtadh.

Bhí an rábaire Ferruccio rompu ar an mbruach, úll i gcúl a dhoirn aige agus é á bhearnú go pléisiúrtha.

'Hóra, Maestro,' ar seisean. An bhfuil an saol curtha ina cheart agat?

Chuaigh an coite i mbá sa phluda agus tháinig an Maoilriabhach i dtír de léim. Siúd chun siúil iad, ag cíoradh colún, coirnisí agus cloch. D'fhág an Maoilriabhach trom an chomhrá aige, an chaint chíocrach ba dhual don óige. Bhí droichead rompu, agus beithígh ag iníor taobh thall de. Tháinig torann na habhann chucu, í ina tuile trí na stuanna ísle ó dheas. Bhí bean dhubh thíos ar charraig agus í i gceann níocháin; thug sí súil in airde orthu, í ina staic in éadan an tsrutha, mar rud a mhairfeadh i ndiaidh na gcaisleán. Lastall den droichead bhí an pálás.

Signor, mirate come 'l tempo vole.....

Mná na cúirte ag amhránaíocht, focail an fhile go comhcheolmhar ina mbéal agus staidiúir galánta orthu. An diúc ag éisteacht agus a bhos faoina smig aige, sa bhliain seo 1620.

A Thiarna, féach an aimsir ag imeacht.....

Sa seomra céanna bhí bean ag obair in airde ar scafall, a hintinn agus a lámh dírithe ar bhéal drúisiúil Bhacais. Scafaire lom buí ba ea í, agus mealladh diamhair inti a sháraigh áilleacht na spéirbhan. Súile na bhfear uirthi i gcónaí, agus an cogar ag rith ó chluas go cluas.

Is beag aird a thug an Maoilriabhach ar na scéalta. Thugadh sé cuairt ar cheárta a hathar, Cesare Clavor, sa Róimh, agus is ann a chonaic sé Vincenza den chéad uair. Ba chuimhin leis saothair ghreanta dá cuid: Samsan, Fuadach na mBan Saibíneach agus eile.

Túr a bhí idir lámha aige féin. Bhí na stuabhealacha móra tógtha cheana, cloch gharbh scabláilte thíos agus mínchloch thuas, ar dhúshraith a bhí chomh doimhin agus chomh daingean agus ab fhéidir, mar ní raibh thart anseo ach bogach a shlogfadh an domhan ina chraos. Bhí an chloch gann sna bólaí seo; bhí na páláis féin déanta de bhrící agus de stucó, agus iad at titim as a chéile le hoibriú mall na haimsire.

Signor, mirate come 'l tempo vole.....

'Cad as duit?' ar Vincenza leis lá agus í tar éis teacht anuas ó na déithe. 'As tír iathghlas.'

'An fada uainn í?'

'Fada go leor. Tír smúitiúil, mhuis.'

Uisce ar sileadh ina bhraonta malla ó bharr na fuinneoige amuigh, ceo ag líonadh an ghairdín fhómharaigh, na dealbha ag breacshoilsiú i measc na gcrann. Ise ag féachaint air, maig uirthi, a droim leis an mballa. A cóta oibre fós uirthi agus é breac leis na scórtha dath.

'Conas a casadh tú sa tír seo?' ar sise.

Bhain sé sracadh as a fhéasóg bhricliath.

'B'fhearrde mo shláinte an baile a fhágáil. Bhí an saol ag éirí suaite, agus tháinig scata againn anall. Chuireas aithne ar Taddeo Domenico agus mé sa Róimh. Eisean a thóg Teampall na Mairtíreach.'

Taddeo: fear lúfar deisbhéalach ar mhinice an mhallacht leis ná an phaidir. D'fhiafraigh sé den Mhaoilriabhach an raibh meas ar na Béithe in Éirinn. D'aithris an Maoilriabhach roinnt véarsaí i gcruaGhaeilge, ag cur Laidine orthu chun a mbrí a léiriú.

'An bhfuil an ailtireacht agaibh?' arsa Taddeo.

'Tá, agus a mhalairt. Ní túisce balla tógtha againn ná bearna briste air.'

Bhí a lán le foghlaim ag an Éireannach. Bhí sé cúig bliana is fiche, agus aois na printíseachta curtha de aige; ach chuaigh sé i mbun na ceirde le díocas, ag léamh gach focail dár scríobh Vetruvius agus ag dearadh gan stad.

Chaitheadh Taddeo an oíche go scléipeach le striapacha agus le claimhteoirí, nós a bhí bun os cionn le dorchadas an Éireannaigh. Ach bhí cion ag an réice ar an strainséir stuama, agus chuir sé in aithne dá phátrúin é. Ba de dhuine acu sin, an Cairdinéal Guiseppe Severino, a rinne an Maoilriabhach an séipéal gleoite ba thúisce a ghnóthaigh cáil dó. Bhí sé tagtha abhaile.

I seomra an Mhaoilriabhaigh, oíche bhreá earraigh a shaothraigh Taddeo an bás, agus cneá chaismirte ag déanamh angaidh ina thaobh. D'iarr sé ar an Maoilriabhach na comhlaí a oscailt dó, gur fhéach sé uaidh ar aghaidh an Dé úd a bhí faoi chomaoin aige de bharr an oiread sin teampall álainn.

'Tá an bhearna briste,' ar seisean de chogar, agus scaoil uaidh an t-anam. Chaoin an Maoilriabhach istigh ina chroí féin é agus chuir chun bóthair, ag gabháil ó chathair go cathair. Bhí éileamh ar a shaothar: imeartas solais agus dorchadais, deilbheacha mire. B'eo a cheann scríbe: tír riascach ghruama.

D'fhéach sé ar Vincenza: amharc a raibh ceist ann, ceist gan freagra. Níor mhinic griogtha ag an drúis anois é: bhí na blianta ag déanamh triomachánaí de, agus ba chuma leis, mórán. Cén fáth ar chorraigh an ceann seo é?

D'iompaigh sé go bhfaca sé an gairdín, nó an ceo a bhí á cheilt.

Thall a bhí an túr, na fir ag scairteadh le chéile in airde ar na scafaill, na téada suas agus anuas le hualach cloiche. Thagadh an Diúc féin, stollaire teann beagfhoclach agus fallaing go cluas air. Bhí a bhean chéile in éineacht leis lá, cláróg rua ar thaitin an saothar go mór léi, rud a ghnóthódh glóir di féin, don Diúc agus dá gclann. Bhagair sí a lámh air, lámh a bhí trom le seoda.

'Maestro Malrico,' ar sise, 'Is breá linn é.'

'In airde i gcónaí,' ar seisean go tur, 'Is gearr go mbéarfaimid ar chosa na n-aingeal.'

Tháinig aoibh ar a béal agus theagmháil sí lena ghualainn. D'imigh na maithe go léir, mar d'imeodh rud a taibhríodh duit.

Go sloga an diabhal na mná! Ach ar bhean eile a bhí sé ag smaoineamh, lámh an rábaire ar a cíoch, béal an rábaire ar a béal. Spléachadh faighte aige orthu in áiléar cúil.

Bhuail sí léi ina dhiaidh sin, í ag féachaint anonn ar bhalla leathan lom, a méar curtha go héadrom lena béal, agus na híomhánna á nginiuint ina hintinn istigh: na Tiotáin á mbrú ag maidhm charraigeacha, díoltas na ndéithe á agairt orthu anuas.

D'iompaigh sí air gur leag sí a lámh ar a mhuinchille, agus deannaíl ina chraiceann mar a bheadh sé lom leochaileach faoina méara. Dath cnódhonn ar a súile, agus breacadh uaine iontu. A béal.....

'Ar mh'anam,' ar sise go gealgháireach, 'go ndéanfad gaisce anseo.'

Spleodar inti, spleodar na drúise.

'Go mbeire an diabhal agus na seacht ndiabhal leo í!' ar seisean os ard an chéad lá eile, é ina shuí sa choite agus Gianni á shá i dtreo na gréine. Bhí an ceo ag scaipeadh.

'Cé hí féin, Maestro?' arsa Gianni.

'Iníon an diabhail. Cén mhoill seo ort?'

'An fear óg an fear,' arsa Gianni leis féin go seanchríonna, agus fios an scéil aige. Thosaigh sé ag amhránaíocht faoi fheall agus faoi chealg na mban, agus leathnaigh an loch rompu lena chuid oileán agus eanach, le suaimhneas a bháfadh buairt.

B'éigean don Mhaoilriabhach an cothrom a dhéanamh le Ferruccio.

'Níl faic eile i m'úth le tál ort. Imigh leat. Tá caisleáin eile le tógáil. Má tá teastas uait.....'

'Ní suarach an méid cloiche atá le carnadh fós anseo,' arsa an scafaire. 'Mise atá ábalta air,' arsa an Maoilriabhach.

De spadhar rug Ferruccio barróg air, rud a bhain geit as an Maoilriabhach. Thuig sé gurbh é seo a mhac; an mac a dhéanfadh an t-athair a shárú.

Níor fhág an fear óg an chathair ar an toirt. Bhí saothar dá chuid féin idir lámha aige, teampaillín gleoite a bhí tiomnaithe don Bhandiúc agus do Véineas, agus rinne sé leadrán eile tar éis dó é a chríochnú. Ansin, go tobann, bhí sé imithe, an lá ba cheobhránaí dár tháinig fós.

Mhothaigh an Maoilriabhach an tsíordhíospóireacht uaidh, an t-ógfhear ag teannadh air le haighneas géar. Sheachain sé an bhean le dhá sheachtain. Ansin sháraigh an dúil air.

Bhí sí ag obair faoi sholas na mbreonna, a cleiteán ag cumadh leis go rábach, agus chonaic sé a bháine a bhí a haghaidh. D'iompaigh sí air agus rug sé barróg uirthi. Chuaigh boladh a coirp ina cheann dó. Bhí na fathaigh ag scréachadh ar a cúl, iad á mbascadh ag colg na ndéithe agus Ferruccio féin ina measc. Tháinig an Róimh chun a chuimhne, cathair thaibhsiúil nach bhfeicfeadh sé arís; agus Taddeo, an raibiléir álainn ar thug sé grá dó. Thitfeadh an túr agus rachadh na déithe feargacha féin i gcré. Chuir séideán fuar na lasracha ag léim. Chorraigh sí ansin faoi mar a bhí sí ag dúiseacht agus chúlaigh uaidh.

Chas sé ar a sháil go bhfaca sé Gianni ann agus an fhallaing aige.

'Ciach maidine ort!' ar seisean. 'Cad tá ar cois agat, a shliúcaiméir?'

D'fhéach an buachaill air le súile seanórtha agus ní dúirt faic.

Chuach an Maoilriabhach é féin san fhallaing agus d'imigh leis go foscúil nó gur bhain sé an gairdín amach. Bhí an tEarrach roimhe, dealbh bhanúil a raibh caonach uirthi agus rósanna ina baclainn.

'Ceist ort,' ar seisean. 'An mbeidh deireadh choíche leis an gcrá seo?'

D'fhéach sí air lena súile cloiche, go suaimhneach agus go rúnda. Thréig sé í agus é ag siúl roimhe nó go bhfaca sé botháin ísle adhmaid na n-oibrithe. Bheannaigh bean dó ar an gcosán, an ceann dubh úd a bhí ag ní éadaí cois abhann.

'Tá tart orm,' ar seisean.

Thug sí isteach ina bothán féin léi. Bhí leanbh ag súgradh ann le bábóigín luachra agus chuala sé seanbhean ag casachtach sa mheathdhorchadas. Dhoirt sí usice dó as crúiscín cois teallaigh.

'Cá bhfuil d'fhear céile?' ar seisean.

'Ar shlí na fírinne. Thit sé de scafall, beannacht Dé lena anam.....

Shín sé é féin cois tine, ag féachaint ar rince na lasrach, fad a bhí an leanbh á chur a luí. Stad an bhean sa doras tamall. D'iompaigh sí thart gur léirigh solas na tine a haghaidh, agus aoibh dhiamhair na deilbhe ar a béal.

'An bhfuil ocras ort?' ar sise.

'Níl,' ar seisean.

'Ní mór duit dul a luí.'

Dhruid sí anall leis, agus an sruth ina cheol fada dorcha ar a cúl, ag breith na gcloch leis, agus na haimsire féin. Tháinig sí isteach faoina fhallaing chuige, agus a béal ag dáileadh díchuimhne, agus tháinig an oíche orthu mar a thiocfadh tonn.

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta