Éin Cois Canálach
Colúir ag priocaireacht aráin,
a gcloigne ag pramhsáil
mar ghlúna lucht rince,
sciatháin le sliasta.
Le coimheascar oíche
eala aonair ar seachrán
i Lána na Suiríoch Thoir.
Faoileáin ag suirí.
Mála bán plaistic
- an ghaoth beo istigh ann -
á thíolacadh ag an gcoileach dá chearc.
Dódó ag spágáil léi síos Charlemont Mall
ag filíocht as Gaeilge,
ag feadaíl.
| An Chrois Chéasta
In ainm an Athara go buan,
in ainm an ghrá,
in ainm a mhic nach ndéanfadh a leithéid,
dá mbeadh sé ina cheart intinn...
Os comhair altóra is Aifreann Dé á rá,
an t-abhlann coisrichte á ardú...
Fear óg i gcathaoir rotha
deora allais ar a éadan -
shaor sé lámh chnamharlaigh ón bpluid
agus thug sé dhá mhéar chreathánacha do Chríost.
A aghaidh faoi riastradh bróin,
d'fhill an t-athair crobh a mhic ina lámh féin
in imghlaic grá
agus bhrúigh sé go cneasta é faoin bpluid arís
agus dheasaigh sé agus cheangail sé
agus néataigh sé an phluid
le grá gan chuimse
is níor fhéachas ar aghaidh an mhic
ar eagla a bhfeicfinn
is an sleá ag dul faoina chliabh.
|