Agus seo á scríobh tá comhcháipéis an dá rialtas faoi fheidhmiú Chomhaontú
Aoine an Chéasta foilsithe, agus tá an phreasócáid a thug John Reid, Brian
Cowen agus Liz O'Donnell faoina bhfuil sa cháipéis díreach thart. Táimid
anois ag feitheamh le cad a bheidh le rá ag na polaiteoirí sna páirtithe
éagsúla, náisiúnach agus aontachtach, maidir le tairiscint 'dheireanach' an
dá rialtas. Tá an déjà vu le braith go láidir san aer, amhail is gur
ghabhamar síos an bóthar seo go minic cheana.
Gan againn lena mheas ach a raibh le rá ag na hAirí, ba dhóigh leat, tar éis
an cur agus cúiteamh ar fad, gur beag a bhí athraithe, nó gur beag a bhí nua
- dímhíleatú, leasú ar an gcóras póilíneachta, institiúidí riaracháin, agus
gan amhras an ceann mór, díchoimisiúnú na n-arm. Cad a déarfaidh na
polaiteoirí, ach go háirithe an U.U.P. agus Sinn Féin? Beidh go leor le rá
sa tseachtain atá romhainn, agus go leor de cloiste againn go minic roimhe
seo.
Ach fós, i gcroí lár na ceiste beidh an díchoimisiníu. Is cuma sa sioc anois
an bhfuil tábhacht i ndáiríre leis, nó ná fuil. Is cuma, fiú, go bhféadfadh
baol áirithe a bheith leis, mura bhfuil formhór an I.R.A. ina fhábhar. Níl
sa díchoimisiúnú anois ach siombail do na hAontachtaithe, i dtreo go mbeidh
ar a gcumas a rá go bhfuil an I.R.A. cloíte. Ní bhfaigheadh an S.D.L.P. aon
locht air sin ach oiread, dá mba chéim síos a bheadh ann do Shinn Féin, rud
nár mhiste leis an S.D.L.P., má tá sé le maireachtáil.
Is í an fhírinne lom gur beag seans atá ann go bhfillfidh an I.R.A. ar
fhoréigean. Tá sé soiléir go bhfuil Sinn Féin, nó Sinn Féin/I.R.A., más
fearr le duine ar bith an téarma sin, iompaithe go huile ar an bpolaitíocht,
mar go bhfeictear dóibh gurb é sin an bealach is éifeachtaí anois chun a
n-aidhmeanna a chur chun cinn. Tá sé soiléir go bhfuil fuinneamh agus
móiminteam leis an eagraíocht sin faoi láthair, agus ná fuiltear chun é sin
a chur i mbaol. Tuigeann an dá rialtas é sin, tuigeann an S.D.L.P. é, agus
tuigeann na hAontachtaithe é, agus tá faitíos an domhain orthu uile go
bhfuil Sinn Féin níos éifeachtaí i gcúrsaí polaitíochta ná mar a bhí siad
riamh i gcúrsaí míleata.
Mar bharr air sin, beidh toghchán sa deisceart go luath. Beidh mór-iarracht
á dhéanamh ag Sinn Féin cur leis an suíochán atá acu i Muineachán, i dtreo
go mbeidh sé soiléir feasta gur páirtí feidhmiúil uile-Éireann atá ann.
D'oirfeadh sé go mór dóibh anois cuma na réasúntachta agus na measarthachta
a bheith orthu.
Sa deireadh thiar ní féidir an dá thrá a fhreastal. Pé siombalachas a
bhaineann le díchoimisiúnú, caithfear déileáil leis go luath anois. Táimid
lándóchasach, mar sin, go mbeidh scéala againn ó John de Chastellain sar i
bhfad go bhfuil an próiseas sin tosaithe. Bíodh nárbh é deireadh an róid é,
ba mhór an chéim é.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|