Smaointe Polaitíochta
Tá sé de cháil ar an bpáirtí, bíodh sin cothrom nó
ná bíodh, gur droch-chompánach é i gComhrialtas
le Proinsias Mac Aonghusa (Craoltóir agus iriseoir gairmiúil)
|
Mhair Rialtas Fhianna Fáil faoi cheannas Éamon de Valera idir 1938 agus 1943
níos faide ná formhór rialtaisí eile an Stáit Éireannaigh. Is cosúil é a
bheith i gceist ag Bertie Ahern go mairfeadh a rialtas seisean chomh fada
céanna sin. Níor mhiste sin ó thaobh Fhianna Fáil den scéal. Tá sé de cháil
ar an bpáirtí, bíodh sin cothrom nó ná bíodh, gur droch-chompánach é i
gcomhrialtas. Má sheasann rialtas Bertie Ahern agus Mary Harney suas le cúig
bhliana beidh rud éigin cruthaithe.
Ní bhaineann seo leis an rialtas a bheith maith nó olc nó idir eatorthu. Mar
a tharlaíonn, sílim gur éirigh go maith leis an rialtas seo agus go molfar é
sa stair amach anseo. Táim ag smaoineamh go háirithe ar a ndearna Bertie
Ahern agus a chairde agus a chomhairleoirí maidir leis na Sé Contae. Is ar
Albert Reynolds is mó a smaoineofar, ní nach ionadh, nuair a scríofar faoi
Roinn na Taoisigh agus an phróiseas síochána. Ach beidh ainm Bertie Ahern go
hard ar aon liosta onóra.
Ceanglófar an rialtas seo leis an mbeithíoch spéisiúil sin, an Tíogar
Ceilteach, agus le hardú mór an chaighdeáin mhaireachtála agus le deireadh a
bheith ag teacht ar an imirce agus ar an dífhostaíocht. Tríd is tríd, nach
bhfuil sé fíor a rá gur éirigh leis an rialtas seo níos fearr ina lán slite
ná aon rialtas eile ó 1922 i leith?
Is fíor freisin go bhfuil míshástacht ann faoin tseirbhís sláinte phoiblí
agus go bhfuil bunús maith leis an míshástacht sin. Is fíor cúrsaí
tithíochta a bheith ait, gan daoine atá ag saothrú airgead maith ábalta go
fiú is teach beag a cheannach i mBaile Átha Cliath ach ar luach ard amach is
amach. Is fíor fós amhras a bheith ar dhaoine faoi leagan amach an rialtais
maidir leis na comhlachta stáit.
An bhfuil Charlie McCreevy níos faide ar dheis ná Margaret Thatcher? An
bhfuil glacadh anois gan cheist ag Fianna Fáil le bunleagan amach coimeádach
an Pháirtí Dhaonlathaigh? Is léir go bhfuil glacadh leis an leagan amach seo
ag Fine Gael agus, aisteach go leor, ag an Lucht Oibre. Baineann sin leis an
gcomhthuisint eacnamaíochta is cosúil a bheith faiseanta ar na hoileáin seo
le roinnt bhlianta.
Deirtear an sóisialachas a bheith ar fad as dáta; deirtear go n-oibríonn an
córas caipliteach go breá, agus go bhfuil na pointí géara gránna a bhaineadh
leis tráth gearrtha amach as anois. Ní dóigh liomsa aon chruthú a bheith ann
gur fíor seo; ní dóigh liom gur chun leasa an ghnáthdhuine atá an córas
caipliteach; sílim go n-íocfar go daor amach anseo as polasaithe Charlie
McCreevy agus Mary O'Rourke agus go bhfillfidh an dífhostaíocht agus an
bochtanas dá mbarr. Ach sin ábhar píosa eile uair éigin amach anseo. Ní
shílim go n-aontódh formhór an phobail liom faoi láthair. Tá daoine sásta de
réir gach tuairisce.
Ach dá fheabhas aon rialtas éiríonn daoine tuirseach de. Agus i ndeireadh
tréimhse aon rialtas bíonn nithe ag dul ar strae, nithe nach mbíonn
ceangailte le chéile ach a thagann chun cinn de thimpist.
Níor mhó an locht a bhí ar Fhianna Fáil nó ar an bPáirtí Daonlathach Conradh
contúirteach Nice a chur chun cinn ná ar Fhine Gael agus ar an Lucht Oibre.
Mar sin féin, mar gur ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste a bhí an
chumhacht, is ar pháirtithe an rialtais a shíltear buille a bheith buailte.
Tuigeann an pobal anois nach raibh Éamon Ó Cuiv, Charlie McCreevy, Micheál
Mac Dubhghaill, Síle de Valera agus Willie O'Dea chomh tógtha sin le Conradh
Nice, ach ní mórán a thuig sin in am. Cé go bhfuil páirtithe ar fud iarthar
na hEorpa deighilte faoin tslí ar chóir an tAontas Eorpach a fhorbairt, agus
nach locht ar bith sin orthu, ní maith le pobail dhá shlí labhartha a bheith
ag rialtaisí.
Tá roinnt cainte ann faoin ionad spóirt daor atá an Taoiseach a bhrú chun
cinn in iarthar Átha Cliath. Seans gur fiontar é ar chóir a bheith ag trácht
air i dtús réimse rialtais agus ní sna míosa deiridh. Mar an gcéanna le
ceadúnas R.T.É; tá sin tuilte ag RTÉ ach níl an t-am fóirsteanach; ní maith
an rud é a bheith ag gearradh cánacha breise ar dhaoine go gairid roimh
Thoghchán. Beidh tuilleadh airgid ann do RTÉ tar éis an toghcháin, cuma cén
dream a bhíonn i gcumhacht.
Is beag maith atá déanta ag an raic faoi na pobail bhreitheanna d'íomháigh
an rialtais. Cé gurb í fírinne an scéil gur cuma an mí-ádh mór an mbíd dá
bhfoilsíu nó nach mbíonn an tseachtain deiridh d'fheachtas toghcháin,
síleann daoine anois tábhacht ar leith a bheith ag baint leis. Níl ann ach
propaganda na mór-mheáin chumarsáide chun a leasa féin. Ach an bhfuil sé
ciallmhar olc a chur ar an dream cumhachtach sin scathamh beag roimh
thoghchán?
Is fíor go bhfuil na mórmheáin chumarsáide seo go léir i gcoinne Fhianna
Fáil le fada agus gur fíor-annamh nach rabhadar mar sin ó bunaíodh an páirtí
75 bliain ó shin. Eisceacht iomlán a bhí sa tacaíocht a thug an Irish
Independent do Bertie Ahern sa bhliain 1997; ní móide go dtarlóidh sin arís.
Bhain na mórmheáin an-spórt as nuair a fuair an Seanadóir Shane Ross amach
go raibh máchaill thar na bearta ar fhoclaíocht an Leasú Bille a bhí le cosc
a chur ar fhoilsiú na bpobal bhreith gar do lá an toghcháin. B'amhlaidh don
phobal i gcoitinne. Cé nach mbaineann taitneamh as nuair is léir boic mhóra
a bheith goite ar strae!
Ní dhearna cúrsaí Beverly Cooper-Flynn aon leas don rialtas. Ní hé gur mian
le mórán go gcuirfí críoch lena saol poiblí ach facthas do dhaoine go raibh
sí an-díomasach. Facthas freisin í a bheith amaideach agus cúis dlí a
thógáil in aghaidh RTÉ ar údar nár bhain an oiread sin tábhacht leis. Tar
éis an tsaoil, má dhein an bhean seo aon rud as bealach riamh ní mar ionadaí
poiblí a dhein sí é ach nuair a bhí sí ag obair do Bhanc Astrálach. Is beag
meas atá ag an bpobal anois ar bhancanna; glacadh leis go ndearna sí pé rud
a dhein sí ar órdú a cuid máistrí coimhthíocha. Ach, cuma céard a tharla nó
tuige gur tharla sé, níor chuir an eachtra le cáil an rialtais.
Is rídheacair a rá go cinnte cén tionchar atá ag na Binsí Fiosraithe ar
bharúil an phobail don rialtas. Tá sé i bhfad ó tharla na nithe atá dá
bhfiosrú agus is ar imeachtaí iar-Aire de chuid Fine Gael, tógalaithe tithe,
ceantálaithe, agus daoine eile nach mbeadh mórán eolais orthu atá aird na
mBinsí dírithe faoi láthair.
Is fíor gur pearsa lárnach sna scéalta gáifeacha go léir é Rae de Búrca de
chuid Fhianna Fáil. Ach tá seisean imithe as an saol poiblí le ceithre
bliana agus is ar ín ar éigean a cheanglaítear é le Fianna Fáil an lae
inniu. Ach cá bhfios céard a bheadh le rá aige féin roimh an toghchán agus é
i mbosca na fianaise, no céard a d'fhéadfadh Frank Dunlop, Oifigeach Preas
Jack Lynch, a inseacht? Táthar freisin ag caint ar nithe a bhéas á rá ag
Pádraig Flynn, iar-Aire, iar-Choimisinéir, agus athair Beverly, nuair a
thiúrfas seisean fianaise faoi airgead a deirtear a tugadh dó le haghaidh
Fhianna Fáil.
Ní féidir a rá cén tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar vótóirí sa bhliain
2002 ag nithe a tharla deich mbliana agus scór bliain roimhe sin. Ní mórán a
bhéas Fine Gael in ann a rá de bharr an oiread dá muintir féin a raibh orthu
ceisteanna a fhreagairt, agus a bhéas fós freisin ag tabhairt freagraí ar
cheisteanna faoi imeachtaí nach feasach an pobal fúthu go fóill. Ní léir go
raibh ionadaithe de chuid an Lucht Oibre ag déanamh creach agus tá na
Glasaigh agus na Sinn Féinithe glan freisin de réir chosúlachta. Ach an
gcuimhneofar air sin lá na vótála?
Beidh moladh ag dul do Bertie Ahern agus do Mary Harney má éiríonn leo an
rialtas a choinneáil ag imeacht go dtí Aibreán/Bealtaine 2002. Ach bíonn
contúirt nach beag ag baint le gan aon am éalaithe a fhágáil ag Taoiseach
leis an Dáil a scor. Abair gur thit uafás éigin a bhain leis an rialtas, nó
le ceachtar den dá pháirtí, amach i lár Aibreáin. Chuirfeadh sin isteach ar
bhreith an phobail i bhfad níos mó ná mar a dhéanfadh pobal bhreith a
thógfaí agus a d'fhoilseofaí gar don vótáil féin. Agus ní fhéadfaí ansin
dátaí a athrú. Ar an taobh eile den scéal, tá tíortha ann, ar nós Stáit
Aontaithe Mheiriceá, gur ar lá cinnte gach ceithre bliana a bhíonn Toghcháin
ar siúl iontu agus nach dtig le haon rialtas an dáta sin a athrú.
Gan amhras tá seans ag Bertie Ahern an rialtas atá faoina cheannas anois a
thabhairt ar ais slán ó bhreith an phobail. Tá meas air féin agus tá meas ar
Mary Harney. D'fhéadfadh na Daonlathaigh suas le ocht suíochán a bhuachaint,
cé gur fíor freisin go bhféadfaidís a bheith ar dhá shuíochán nó trí cinn.
Nuair is páirtí beag a bhíonn i gceist níl sé éasca a dhéanamh amach cé mar
a bheadh ag éirí le hiarrthóir láidir áitiúil anseo nó ansiúd.
Nó d'fhéadfadh Bertie a bheith i gcomhrialtas eile leis an Lucht Oibre.
Táthar ann a shíleann gur 72 suíohcán a bhéas ag Fianna Fáil seachas an 77 a
frítheadh sa bhliain 1997. Sin le rá go mbeadh tacaíocht 12 Theachta ón
taobh amuigh de dhíth ar Bertie Ahern má bhí sé le fanacht in oifig an
Taoisigh. Ní bheadh an oiread sin ag na Daonlathaigh. Ní móide go mbeadh sin
ag Sinn Féin agus na Daonlathaigh i dteannta a chéile, nó ag na Daonlathaigh
agus na Glasaigh le chéile ach an oiread.
Ach bheadh scór suíochán, agus níos mó ná sin, b'fhéidir, ag an Lucht Oibre.
Is beag amhras atá ann ach go mbeadh tromlach i nDáil Éireann ag Labour agus
Fianna Fáil le chéile. Níl aon chosúlacht ar chúrsaí i mí seo na Lúnasa go
mbeadh tromlach ag Labour agus Fine Gael le chéile, cé nach féidir a bheith
cinnte de sin. Abair gur éirigh le Michael Noonan 60 suíochán a bhaint amach
beart nach mbeadh do-dhéanta, bheadh an Lucht Oibre agus Fine Gael le chéile
gar don sprioc agus thiocfadh na Glasaigh agus cuid de na Neamhspleáigh ag
cuidiú leo.
Tá toradh toghcháin na bliana seo chugainn thar a bheith oscailte.
D'fhéadfadh Micheál Ó Nuanáin a bheith ina Thaoiseach ach buille den ádh a
bheith air. Is é an laige a fheictear faoi láthair sa Lucht Oibre, agus dul
chun tosaigh Sinn Féin sna bailte móra, an chontúirt is mó don Nuanánach. Is
beag is féidir leis a dhéanamh faoi seo; ní hé Fine Gael is cosúil, a bheadh
ag cailleadh ach Labour agus, seans, Fianna Fáil. Cé mhéad suíochán a bheás
ag Sinn Féin? Sin ceist oscailte. Tá an óige leo, ach an vótáileann an óige
mórán?
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|
| |
|
|
|