rogha as Feasta Márta 2001
Abhaile Gearrscéal: tharla dá bharr san nach raibh seans aige riamh fíorcharadas a shnadhmadh le haon duine

le Colin Ryan
(Is ball den diaspora Gaelach san Astráil é Colin Ryan, scéalaí a mbíonn a chuid le feiscint go rialta ar Feasta)


Thaitin an seomra le T.: áit a bhí oiriúnach don fhánaí. Siopa éisc agus sceallóg a bhí thíos staighre, agus thagadh boladh na hola te chuige aníos tráthnóna - boladh a chuirfeadh masmas air tráth, cé go raibh sé cleachta leis anois. Bhí leaba chúng ann, agus cófra lena hais a raibh carn leabhar athláimhe air, cuid acu ina theanga féin. Bhí roinnt sean-éadaí sa vardrús, i measc thaibhsí na n-éadaí a d'imigh. I gcúl tarraiceáin a bhí an piostal, ceirt fillte air agus ciúnadóir lena ais.

Bhí an fhuinneog os cionn sráide, sráid a bhí fada, glórach, cúng. Dhúisíodh sé le torann na gcéad tramanna agus thugadh a aghaidh ar chaife Turcach, áit a shuíodh sé ar a shuaimhneas ar chúl nuachtáin.

Fear ciúin dubh é, croiméal air agus uaigneas ins shúile. Chualathas é á rá nach raibh uaidh ach an suaimhneas, agus gurbh é sin an fáth ar bhain sé an Astráil amach. Ba dheacair a dhéanamh amach cé mhéad ceird a bhí aige, ach bhí an bháicéireacht ar cheann acu: dhéanadh sé milseoga meala i siopa Gréagach de chuid na sráide. Ligeadh sé a scíth sa lána cúil, toitín ina bhéal agus é ag féachaint uaidh ar bhrící dúdhearga seanmhonarchan, faoi mar a bheadh scéal a bheatha le léamh orthu.

Sa chlub a bhuail sé le Ljúbín den chéad uair. Seomra raicleáilte é a bhí suite ar chúl biostro: bhíodh scata fear ann ag imirt cártaí nó táiplis mhór, agus gan aon fhocal Béarla le cloisteáil. Puntánaithe dubha síonchaite ba ea a bhformhór, rian na sclábhaíochta orthu agus blas tíriúil ar a gcuid cainte.

Cuma eile a bhí ar Ljúbín, é ligthe, fionn, feidhmiúil. Bhí scolaíocht mhaith air, agus bealach meidhreach, mífhoighneach leis. Bhí gaol aige le húinéir an chaife, burlamán tostach; a iníon siúd a d'fhreastlaíodh orthu, cailín na súl glas a dteagmhaíodh a méara go héadrom le gualainn Ljúbín, agus í lena ais.

De réir a chéile a chuir T. aithne air. Bhraith sé aireachas buanlonnaithe in intinn an fhir eile, aireachas nach mbogfaí ach le foighne. Um thráthnóna a bhuailidís lena chéile; na féileacáin oíche ag rince faoin solas crón, geoin chomhrá ina dtimpeall a ghéaraíodh chun argóna i rith na hoíche. Ghabhadh an cailín idir na boird; bhraitheadh T. a súile sáite ann. Amhras.... - 'Dar seo is siúd,' a deireadh Ljúbín, 'conas tá ag éirí leat, a dheartháir?'

Is beag caill a bhí ar Ljúbín féin; bhí treallús an diabhail ann, agus meas air dá réir.

Luíodh T. ar an leaba tar éis dó teacht abhaile ón gclub, ag féachaint ar an deatach ag éirí óna thoitín. D'fhágadh sé an fhuinneog ar leathoscailt, agus glór maolaithe na cathrach chuige isteach, glór na strainséirí. Mhúcadh sé an toitín agus an solas agus théadh a chodladh, agus uaireanta thiocfadh iníon an bhurlamáin ina choinne i mbrionglóid. Beagán roimh éirí na gréine thiocfadh aghaidh eile uirthi, aghaidh mná a bhí marbh anois; dhúiseodh sé ansin agus a lámh ag lorg toitín eile.

Ó am go chéile thugadh Ljúbín leis go dtí a theach féin é.

- 'Féach air sin!' a deireadh Ljúbín, ag cnagadh an bhalla. 'Téagar! Bhí fios a ngnó acu nuair a tógadh é, dar Dia.'

Bhí baint aige le cúrsaí tógála, agus le cúrsaí eile nach ndéanadh sé cur síos orthu.

Tar éis an chaife thabharfaí an branda amach, agus chíorfaí an saol a d'imigh. Bhí an tseantír siúlta go maith ag T., agus tharla go raibh aithne acu ar na daoine céanna. Bhí T. ann ar feadh an chogaidh - an t-aighneas coscrach úd idir seanchomharsana; thug sé tamall ag obair sa Ghearmáin ina dhiaidh sin, agus ainm eile air.

San Astráil a bhí Ljúbín nuair a thosaigh an scliúchas, agus chuaigh sé abhaile chun cion fir a dhéanamh. Shaothraigh sé cáil dó féin, agus gan doicheall air roimh an gcuid ba shalaí den obair. Ba é a leas é, b'fhéidir, fanacht i measc a mhuintire féin ina dhiaidh sin, mar bhíothas sa tóir air; ach shleamhnaigh sé ar ais faoi ainm fir a chuaigh i gcré fadó.

B'fhada iad na hoícheanta úd. Iad lán de scréachadh ban, de gheonáil leanaí, de bhréantas na gcolainneacha a bhí á ndó beo beathach. Ansin an tost. Líontaí na huaigheanna i mbéal maidine, agus an branda beagnach ídithe. Théadh T. abhaile; níor chuala sé fós an scéal ba mhian leis a chloisteáil, agus b'fhéidir nach gcloisfeadh go deo é.

Chuaigh T. go dtí oifig thaistil lá, agus cheannaigh ticéad singil. Ní raibh mórán ama fágtha aige.

- 'Tá tú ag dul abhaile?' arsa an bhean mheánaosta, a raibh dath fionn bréige ar a cúl gruaige.

D'fhéach sé amach ar an gcosán solasmhar.

- 'Dar Dia, mhuis,' ar seisean, 'tá an chuid is fearr díom thall.'

An oíche sin thug sé a chuairt dheireanach ar Ljúbín. Bhuail sé an cloigín agus tar éis tamaill osclaíodh dó.

- 'Buail isteach, a dheartháir,' arsa Ljúbín.

Fad a bhí an caife á réiteach bhí T. ag caint. Rinne sé trácht ar bhean a chónaíodh i mbaile mór sa tír eile úd. Luaigh sé a hainm, an tsráid, uimhir an tí; an dath a bhí ar an doras, na bláthanna a d'fhásadh ar leac na fuinneoige.

Chuir sé síos ar an gcuairt a thug baicle de bhunadh na háite uirthi tráthnóna éigin i dtús an chomhraic. Nuair a chríochnaigh an scléip bhí a cuid fola ar fud na cistine; níor tháinig na leanaí slán ach oiread. Bhí an piostal ina lámh anois, agus droim Ljúbín leis.

Nuair a d'iompaigh an fear eile thart chonaic T. nach raibh ionadh ar bith air.

- 'Í féin a dúirt liom nach rabhais iontaofa,' arsa Ljúbín. 'Dúirt sí liom gur cheart cos i bpoll a chur leat.'

Chuimil sé a lámh dá aghaidh, agus cuma na tuirse air. Chuimhnigh T. ar na súile glasa.

- 'Chreideas í,' ar Ljúbín. 'Ach ba chuma liom. Tá deireadh leis.'

Rinne an gunnán casacht. Ní raibh colg ar T. a thuilleadh; rinne sé an gníomh a dlíodh, gan sult gan seirfean. Chonaic sé Ljúbín ag dul ar a dhá ghlúin, ag titim siar go raibh a chorp buailte suas leis an tsornóg. Bhí a shúile leata.

Mhúch T. na soilse agus d'imigh gan torann.

Bhí an oíche measartha fuar. Chuaigh T. abhaile. Luigh sé síos agus dath an tseaca ar a aigne. D'éirigh sé le héirí na gréine: bhí a mhála pacáilte, agus cheil sé an piostal san áit a ullmhaíodh dó: poll sa chlós cúil. Amach leis gur rug sé ar thacsaí. Bhí an spéir gan scamall, agus bhí solas ag líonadh na sráide.

- 'An t-aerfort, le do thoil,' ar seisean leis an tiománaí.

- 'Ag dul abhaile?'

Dhruid an gluaisteán amach ón gcosán agus lasc chun siúil. D'imigh an caife agus an siopa Gréagach: saol eile fós a bhí curtha de aige.

- 'Sea,' ar seisean. 'Ag dul abhaile.'
© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta