rogha as Feasta Márta 2001
Dánta mí Márta

le Pádraig Ó Snodaigh


Dos de los Cantores

I

Tá barróg crosta orm, deir tú,
gan trácht ar phóg,
cé ná crosann sin
an t-aer díchurtha ar do chonair uaim
a thógaint im' bhachlainn,
- é ag líonadh an spáis ar ais
ar ghabh tú tríd -
is póg a fhágaint
ar an láithreog san
a chuimil le do bheolaibh féin.

II

Am más ann - ní hann dá raibh,
ní hann dá mbeidh. Ach táim ann
anois meandar bhreactha an nóta so
le seoladh chughat le rá arís
gur ann,
gur aoibhinn liom gur ann duitse leis,
gur ann dúinn beirt an neomat so
anois, san am atá - is gurb amhlaidh
san am atá le teacht, má tá; gurb amhlaidh dúinn
- ifreann a bheadh in am ded' cheal.
Don Ghiúdach a d'imigh

Dhún sé a mhála, chroith lámh liom, d'fhág slán!
Gan aon agóid a d'imigh sé.... Inniu
A thuigim san; caithfidh gurbh ionadh leis
Gur mise, an Críostaí, a lig dó imeacht.
A cheann cromtha, an mála aige á iompar,
Chuaigh sé an bealach go hAuschwitz, don bhás,
Gan aon agóid.... Caithfidh gurbh ionadh leis
Gur mise, an Críostaí, a lig dó imeacht.
Is lá éigin labharfaidh a mhac lem mhacsa,
Cuirfidh sé ceisteanna, an fhírinne lorgóidh.
Tostfaidh mo mhacsa.... is ní bheidh air ach ionadh
Gur mise, an Críostaí, a lig dó imeacht.
Mhothaíomar trua, bhailíomar airgead,
Is cuid againn a dhein na páistí a chosaint.
Ach bhí Auschwitz ann! Sea, cad eile tá le rá?
Ach gur mise is tusa... a lig dó imeacht.


Al la Juda Foririnto

Li fermis la kofron, manpremis - adiau!
Sen ia protesto li iris... Hodiau
mi tion komprenas; li povis nur miri,
ke mi, la kristano, lin lasis foriri.

Kun kapo klinita la kofron li portis.
Li iris la vojon al Auschwitz kaj mortis
sen ia protesto... li povis nur miri,
ke mi, la kristano, lin lasis foriri.

Kaj iam la filo kun filo parolos,
kaj tiu demandos, la veron li volos.
La mia silentos... kaj povos nur miri,
ke mi, la kristano, lin lasis foriri.

Ni sentis kompaton, kaj monon kolektis,
dum kelkaj el ni la infanojn protektis.
Sed Auschwitz ekzistis! Nu, kion plu diri?
Ke mi kaj ke vi... ni lin lasis foriri..


Seán Ó Riain a chuir an dán thuas faoi mo bhráid, mar léiriú ar chumas an Esperanto.
Eag.


© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta