Níl ach cúpla mí ann ó dúramar anseo gur san Aontas Eorpach a bhí ár
ngeallúintí polaitíochta tugtha. Ní rabhamar ag súil, ar ndóigh, go mbeadh
an tAontas céanna ag cur inár leith go raibh na geallúintí sin á mbriseadh
againn, ach sin atá tarlaithe maidir le buiséad deireanach an Aire
McCreevey. An raibh an ceart ag an Aontas?
Is cosúil go raibh ar a laghad cuid den cheart ann. Sí an tuairim choiteann
i measc na saineolaithe eacnamaíochta ná, má mhéadaítear an soláthar airigid
sa chóras go méadaítear ar an mboilsciú, peaca marfach i súile na
saineolaithe. Má bhí an tAire ag súil go maolófaí ar éilimh ar arduithe pá
dá laghadódh sé rátaí cánach, bhí dul amú air ansin freisin. Maidir le
fainic an Aontais, áfach, seans gurb é is mó a bhí i gceist ná a chur in iúl
go raibh dliteanas ag an Aontas i leagan amach polasaithe airgeadais na
mballstát uile. B'fhearr a d'oir sé é sin a dhéanamh i gcás tír bheag mar an
tír seo ná i gcás na n-ollsát mar an Fhrainc nó an Ghearmáin.
Ní mór smaoineamh leis ná fuil sé ach dornán míosa go mbíonn córas nua
airgeadais i bhfeidhm i bhformhór thíortha an Aontais. Sé teacht an Euro an
chéim is mó agus is cinniúnaí dá bhfuil tógtha san Eoraip ó bunaíodh an
Comhargadh. Dá dtarlódh go dteipfeadh air, bhí an tAontas scriosta. Ní
cosúil go dtarlóidh sé sin, ach ní bheadh a fhios agat. Cheana féin tá sé
faoi ionsaí ar mhargaí airgid an domhain. Bhí sé ráite go mbeadh an Euro ag
dul i ngleic leis an dollar uilechumhachtach. Is deacair a shamhlú go mbeadh
na Meiriceánaigh an-sásta leis sin. pé ní, tá sé riachtanach go ndéanfadh an
tAontas deimhin de ná ligfí d'aon bhallstát baint ó mhuinín san Euro. Seans
gurb í sin ba mhó ba chúis le foláireamh na Bruiséile.
Is ait gur ón mBreatain a tháinig an tacaíocht is mó don Aire McCreevy. Ach
tá a ndearcadh siúd débhríoch ar fad ó thaobh an Aontais de. Níl siad
páirteach san Euro, ná ní fios an mbeidh. Is le doicheall atá siad san
Aontas ar aon chor. B'fhearr leo a bheith leis na Stáit Aontaithe, mar a
léiríodh arís le déanaí nuair a bhuamaíl siad araon Baghdad. Níl aon amhras
ná go mbaineann seasamh na Breataine ó chreidiúint an Euro. Bheadh níos mó
muiníne ann dá mbeadh sí páirteach. Ní le holc don Bhreatain é a bhfuil
ráite. Seachas aon tír eile b'fhearr don tír seo go mbeadh sí páirteach san
Euro. Cén chiall atá leis go nglacfaí lenár gcuid airgid i mBerlin, i bPáras
nó sa Róimh, ach ná déanfaí amhlaidh i mBéal Feirste.
Mar is gnách, phreab na meáin anseo in Éirinn ar an Aire maidir le fainic
seo na Bruiséile, ach tá namhdas follasach ina measc siúd don aire seo.
D'ainneoin a bhfuil ráite againn is maith gur sheas sé an fód agus gur chuir
sé a chás go soiléir sa Bhruiséal. Ní hé an scéal is mó ar domhan é.
Baineann sé le nádúr an Aontais go mbeidh air é sin a dhéanamh arís agus
arís eile sna blianta atá romhainn.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|