Bhí ceannairí spéisiúla minic go leor cheana ag Fine Gael, agus má mhaireann
an páirtí fé mar atá sé faoi láthair nó faoi chraiceann éigin eile is dócha
go mbeidh ceannairí maithe eile i gceist amach anseo. Is duine Gaelach
náisiúnach deá-mhéineach é Micheál Ó Nuanáin; baineann sé le traidisiún
Risteárd Ó Maolchatha, náisiúnaí tréan agus Gael dílis nach bhfuair a cheart
go fóill.
De bharr chuid de imeachtaí an Chogaídh Chathartha, agus go háirithe an
pháirt an-lárnach a bhí aige i marú príosúnaigh cogaidh gan chúisiú, gan
triail sna blianta 1922 agus 1923, bhí gráin ar leith air. Bhí a lán nár
mhaith an choir sin dó riamh; sin an t-údar nach raibh William Norton sásta
glacadh leis mar Thaoiseach sa bhliain 1948 agus gur roghnaíodh John A.
Costello mar cheann ar an gcéad Chomhrialtas. Ach ba duine ar leith é
Risteárd Ó Maolchatha a dhein a ndearna sé ar son na hÉireann agus an
daonlathais, mar a facthas dósan é. Ní chuimhnítear i gcónaí gur eisean a
bhí ina Cheann Fóirne ar Óglaigh na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse.
Chaith an stair go holc leis. Ach tiocfaidh a lá fós, b'fhéidir.
Tá Mícheál Ó Nuanáin anois beagnach mí ina Cheannaire agus tá sé tugtha le
fios aige ón tús nach ionann in aon chor a leagan amach ginearálta agus
leagan amach John Bruton. Is spéisiúil an rud é go bhféachann sé ar Fhine
Gael mar ghluaiseacht náisiúnta agus ní mar pháirtí polaitíochta amháin. Sin
díreach mar a d'fhéach an fear eile sin as Luimneach, Éamon de Valera, ar
Fianna Fáil, agus ar Sinn Féin roimhe sin.
Ní chaillfidh an Nuanánach leis sin ach a mhalairt ar fad. Is léir fís a
bheith aige agus muinín ann féin. Tá cosúlacht cheannaire air, rud a
thuigfear go coitianta nuair a chuirfeas an pobal eolas níos fearr air. Ní
miste a rá go raibh fís freisin ag céad Cheannaire Fhine Gael, Eoin Ó
Dufaigh. Ar an 8 Meán Fómhair 1933 bunaíodh Fine Gael, comhpháirtíocht idir
Cumann na nGaedhael, An Páirtí Láir, a bhí faoi cheannas James Dillon agus
Frank MacDermot, agus an Garda Náisiúnta (Na Léinte Gorma) faoi cheannas an
Ghinearál Eoin Ó Dufaigh.
Roghnaíodh Ó Dufaigh mar cheannaire ar Fhine Gael, cé nach teachta Dála a
bhí ann ach iar-Choimisinéir an Gharda Síochána, a briseadh as a phost an
Feabhra roimhe sin. W.T. Cosgrave, a bhí ina Uachtarán ar rialtas Chumann na
nGaedhael nó gur chaill an páirtí sin toghchán 1932, a bhí ina cheannaire
parlaiminte ag Fine Gael, agus Frank MacDermot agus James Dillon mar
leas-cheannairí.
Níor éirigh le Fine Gael riamh toghchán a bhuachaint. Ach sa bhliain 1948,
agus an páirtí lag go leor, chuaigh Fine Gael i bpáirt leis an Lucht Oibre,
an Lucht Oibre Náisiúnta, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan, agus James
Dillon, a bhí um a dtaca seo ina Neamhspleách, chun Fianna Fáil a chur as
oifig. Thug an cinneadh sin saol nua d'Fhine Gael agus chuaigh an páirtí
chun cinn go mór ó shin. Bhí sé sé uaire mar phríomhchuid de rialtaisí idir
1948 agus 1997. Ach go dtí an lá atá inniu ann, seachas tamall faoi cheannas
Garret Fitzgerald, is mion-pháirtí a bhí ann i gcomórtas le Fianna Fáil.
Sé gnó Mhichíl Uí Nuanáin casadh a thabhairt don stair agus dul chun cinn ar
Fhianna Fáil, nó ar aon nós a theacht gar deo. Sin obair chrua. Sílimse go
ndearna Risteárd Ó Maolchatha beart iontach, nuair a chuidigh sé leis an
gcéad Chomhrialtas a chur le chéile, agus nuair a ghlac sé leis gan i cheist
nach mbeadh sé féin ina Thaoiseach.
San am sin bhíodh an focal 'Comhrialtas' ina fhocal brocach sa pholaitíocht!
Dar liom, dhein Cathal Ó hEochaigh beart iontach freisin nuair a chuir
seisean ina luí ar Fhianna Fáil dul i gComhrialtas leis an bPáirtí
Daonlathach, ar mholadh Mary Harney mar a tharlaíonn. Cé go bhféadfadh
Fianna Fáil go teoriciúil tromlach iomlán a bhaint amach sa chéad toghchán
eile, ní móide sin agus glactar leis nach bhfuil seans dá laghad ag aon
dream eile sin a dhéanamh.
Is dócha gur Comhrialtais a mbeidh Fianna Fáil nó Fine Gael ina bhun is mó a
bhéas san Stát seo sna blianta romhainn gur féidir iad a mheas. Ach níl aon
chinnteacht sa pholaitíocht.
Ar a lán údair is in ísle brí a bhí Fine Gael ag dul ó bunaíodh an páirtí go
dtí 1948. Ní shin le rá nach ndearna W.T. Cosgrave a dhícheall. Ach bhí sé
de mhí-ádh air a bheith in aghaidh de Valera an tráth a raibh cáil agus cliú
de Valera ag méadú sa bhaile agus i gcéin. Níor theastaigh ó fhormhór an
phobail filleadh orthu siúd a bhí i rialtas Chumann na nGaedheal sna Fichidí
agus go dtí 1932. Bhí cuma an dul chun cinn ar Fhianna Fáil, cuma na hóige
agus na húire ar an bpáirtí, agus cuma seanda sotallach orthu siúd a bhí i
gceannas Fhine Gael. Níor éirigh leis an gCosgarach a bheith in aon rialtas
arís tar éis 1932. I Meitheamh 1944 tháinig Risteárd Ó Maolchatha i
gcomharbacht air.
Is eisean a thug Fine Gael isteach as an bhfuacht agus a chuir an páirtí i
mbun rialtais. B'fhuaire an fuacht sin ná fuacht an lae inniu; ba mhó de
cheannaire Éamon de Valera ná Bertie Ahern; ba lú páirtí Fhine Gael san am
ná anois. Níl a bhfuil le déanamh ag Micheál Ó Nuanáin chomh deacair agus a
bhí gnó Risteaird Uí Maolchatha.
Nó go dtáinig John Bruton ar an bhfód b'é James Dillon, mac John Dillon,
ceannaire deiridh an pháirtí Éireannach san House of Commons, an t-aon
cheannaire de chuid Fhine Gael nár bhain le traidisiúin Sinn Féin. Toghadh
an Diolúnach sa bhliain 1959, nuair a d'éirigh Ó Maolchatha as an
gceannaireacht. Óráidí cumasach a bhí ann agus duine geanúl go deo. Leagan
amach Angla-Mheiriceánach a bhí aige sa pholaitíocht. Coimeádach den
tsean-déanamh ar fad ab ea é a bhain níos mó le saol a athar ná lena
thréimhse saoil féin.
Ní ró-mhaith a d'éirigh le Fine Gael faoi na chúram cé go ndearna sé tús
maith. Throid Fine Gael dhá thoghchán agus an Diolúnach i gceannas. Chuir sé
seacht suíochán breise le líon Fhine Gael sa bhliain 1961, ach níor cuireadh
leis sin sa bhliain 1965. D'éirigh sé as an gceannaireacht ar an toirt tar
éis an toghcháin sin. Mar sin féin, is 26.6 faoin gcéad de na vótaí a bhí ag
Fine Gael, nuair a déanadh Ceannaire de agus bhí 33.9 faoin gcéad aige i
dtoghchán 1965. Bhí amhras áirithe ag an Lucht Oibre ar Shéamus Ó Diolún
agus ní rabhthas sásta dul i gComhrialtas, go fiú is dá mb'fhéidir sin, agus
eisean i gceannas. Níor phoblachtánach in aon tslí an Diolúnach, agus bhí
poblachtánachas áirithe ag baint le Labour san am.
Marach na pléascáin a caitheadh i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig 1972,
bheadh Liam Mac Cosgair, a tháinig i ndiaidh an Diolúnaigh, díbrithe ag an
bpáirtí parlaiminte. Bhí comhcheilg ann ina choinne de bharr é a bheith
chomh mór sin ar an eite dheis. Ach chuir na pléascáin, narbh eol cé a
chaith iad, sceon sna Teachtaí Dála a bhí bailithe chun scórnach an
Chosgaraigh a ghearradh. Fágadh ann é agus faoi cheann roint mhíosa bhí sé
ina Thaoiseach agus Fine Gael arais i rialtas den chéad uair ó 1957.
Thosaigh an rialtas sin maith go leor ach chríochnaigh sé go hainnis. Thug
an pobal an buille ba mhó dó dár tugadh riamh d'aon rialtas Éireannach sa
bhliain 1977. D'éirigh na hAirí, idir Labour agus Fine Gael, fíorshotalach
go deo, agus sheasadar le brúidiúlacht as cuimse i mbearraic Gardaí ón Heavy Gang.
Ba dhona go deo an dream iad na hAirí seo; bhí meon deachtóireachta ag
cuid díobh agus bhí cuid eile chomh lag sin is nár chuireadar ina gcoinne.
Is scéal uafáis scéal rialtas an Heavy Gang nach bhfuil scríofa i gceart go
fóill. Bhí Garret FitzGerald, an chéad cheannaire eile ar an bpáirtí agus a
gcéad Taoiseach eile freisin, ina chomhalta de rialtas an Heavy Gang.
Thabharfadh Garret Liobrálach ar féin.
Is rud í an bhrúidiúlacht agus an meon deachtóireachta a bhaineann le Fine
Gael agus a ndeacha roimhe, agus ar gá do Mhicheál Ó Nuanáin é a sheachaint
amach agus amach. Bhí Micheál Ó Nuanáin féin ina Aire Dlí agus Cirt tráth.
Is cinnte go mbeifear ag scrúdú gach ar tharla le linn dó a bheith sa phost
casta sin sna míosa agus na blianta romhainn. Is cinnte freisin go mbeifear
ag scrúdú gach a ndearna sé le linn dó a bheith ina Aire Sláinte.
Rinne an Gearaltach iarracht éigin páirtí daonlathach sóisialach ar an múnla
Eorpach a dhéanamh de Fine Gael. Bhí leagan amach Just Society Declan
Costello de dhíth ar an Stát, dar leis. Ach bhí croí lucht leanúna
thraidisiúnta an pháirtí ar dheis, cé gur fíor nach ionann a leagan amach
agus leagan amach faisisteach na Léinte Gorma. Bhí leagan amach liobrálach i
ndáiríre ag Alan Dukes, náisiúnaí agus Gael agus tírghráthóir. Níor tugadh
morán seans dósan. Nuair a d'éirigh chomh dona sin le Austin Currie i
dtoghchán uachtaránachta 1990, d'íbríodh as an gceannaireacht é gan trua,
gan taise, gan tuiscint. An féidir a rá gur eisean an Taoiseach a b'fhearr
nach raibh againn?
Bhí sé ina dhea-Aire ina dhiaidh sin tar éis titim Michael Lowry agus seans
maith go mbeidh sé arís ina Aire má bhíonn Fine Gael i mbun rialtais as seo
go ceann cúpla bliain. Is é John Bruton a cuireadh ina ionad. De thimpist ar
fad, mar a admhaíonn sé féin, d'éirigh le John a bheith ina Thaoiseach nuair
a dhein Labour feall ar a chomhpháirtí rialtais, agus gur cuireadh Albert
Reynolds de dhroim seoil. Bhí sé ceart go leor mar Thaoiseach ach go
ndeireadh sé nithe amaideacha scaití, nach raibh tuiscint dá laghad aige ar
chúrsaí Thuaisceart Éireann, gur comhairleoirí frithphoblachtach ar nós
Eoghan Harris a bhíodh aige - is ó Eoghan a fuair sé an democratic
centralism a dhein an oiread sin dochair dó taobh istigh den Pháirtí
Oireachtais - agus gur mhór aige daoine a raibh teidil acu, ar nós an
Phrionsa Séarlas. Ba dhuine lághach é go pearsanta ach bhí sé amadánta
ró-mhinic. An raibh aon tuiscint aige d'Éireannachas? An raibh tuiscint ar
bith aige do thábhacht na Gaeilge?
Ní foláir do Micheál Ó Nuanáin a mhíniú do phobal na 26 Contae céard é Fine
Gael. Níor éirigh le duine ar bith a bhí i gceannas le tamall fada sin a
dhéanamh, cé gur chuir Garrret FitzGerald a mharc áirithe féin ar an bpáirtí
ar feadh roinnt bhlianta. Marc an tseilmide atá anois air, cé go bhfuil
bóthar tugtha ag Micheál Ó Nuanáin don tseilmide féin. Is feasach an pobal
Fine Gael a bheith in aghaidh Fhianna Fáil. Ach dá dtabharfaí cumhacht arís
dó, céard a dhéanfadh sé nach bhfuil Fianna Fáil agus na Daonlathaigh á
dhéanamh go maith faoi láthair?
Páirtí daonlathach sóisialta atá Mícheál ag iarraidh a dhéanamh d'Fhine Gael
seachas páirtí coimeádach. Is i gcoimhlint leis an Lucht Oibre, le Sinn Féin
agus leis na Glasaigh atá sé ar bhealach, seachas le Fianna Fáil agus na
Daonlathaigh. Nach í an phríomhfhadhb ná go bhfuilid ar fad ar an téad
céanna nach mór? An bhfuil Micheál Ó Nuanáin ar son neodracht mhileata na
hÉireann, dála an scéil?
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|