Ós rud é ná rabhas féin i láthair nuair a tharla an eachtra ba mhó b'fhéidir
a thuill clú agus cáil do Sheáinín i dtús na nóchaidí, d'iarras ar a
dheirfiúr mionsonraí na heachtraíochta úd a mheabhrú dhom - eachtra a bhí,
dála an scéil, lasmuigh de chúrsaí iomána, ar mhóréachtaí Thiobraid Árann
lena linn, roimh a ré nó ina dhiaidh. Tharla a ré a bheith thart le dhá
bhliain, go ndéana Dia trócaire air, tá sé tuillte aige go mairfeadh a
chuimhne faoi chló na heachtra sin.
'An cuimhin leat cathain a tharla sé?' a deirim.
'Is cuimhin, cinnte!' a deir sí, 'mar bhí chéad mhac m'iníne ina leanbh an
uair sin - agus, mar gheall air sin, ní raibh ar chumas na máthar ná ar mo
chumas féin a bhí ag cuidiú léi ag an am, páirt mhór a bheith againn san
imeacht - agus tá an mac céanna naoi mbliana d'aois ó mhí Dheireadh Fómhair
seo caite! Ionann sin is a rá gur sa bhliain 1992 a tharla an sealbhú agus
an díshealbhú!
Agus is mar seo a thosaigh sé:
Ón gcéad lá tar éis gur fhilleadar ó na Stáit ocht lá roimhe sin bhí sé mar
nós rialta aige glaoch gutháin a dhéanamh ar uimhir an tí sin a luaithe a
thiocfaidís isteach tar éis geábh feirmeoireachta nó tamall sa bhaile mór nó
cuairt a thabhairt ar ár muintir sa leath thuaidh dár gcontae dúchais. Cad
eile a bheadh ar a aigne, agus gur mar gheall ar an gcruachás inar fágadh é
i leith an tí nua ar cheann theas an Locha a bhíodar tagtha abhaile an tráth
sin, seachas níos déanaí sa bhfómhar mar ba chleachtach leo roimhe sin? I
bhfianaise ar tharla don teach breá úd ba mhór an trua é nár éirigh leo
fanacht in Éirinn leis an dá bhliain roimhe sin.
'Seo do sheans,' a dúirt Teiréas iníon an chara béal dorais mar fhreagra ar
an nglaoch gutháin uaidh tar éis dúinn moill siúladóireachta iar-aifrinn a
dhéanamh cois Locha.
'Táid imithe leo sa tacsaí agus an chuma orthu nach mbeidh siad ar ais
róluath ach oiread agus an lá faoi dheireadh nuair nár fhilleadar go dtí tar
éis meán oíche.'
Lena leithéid d'fhógra a bhí sé ag fanacht agus tharla Lá le Muire sa
bhFómhar a bheith ann an Satharn sin níor thráth moille é.
Bhí an mheitheal eagraithe agus ar faireachas, gan uathu ach gaoth an
fhocail. Chaithfeadh na ba fanacht go dtí trátha déanacha na hoíche den dul
seo nó bhí na mná tar éis a rá go ngabhfaidís a gcúram orthu féin, is é sin,
an méid díobh nach n-éireodh leo páirt dhíreach a bheith acu san éirí amach;
arae theastaigh uathu go léir a bheith i dtús cadhnaíochta ann. Ach dúradh
linn ná hoirfeadh an láthair chatha ach don chuid ab aclaí de na fir agus
níor mhór glacadh leis sin.Bheadh sé féin ann níor ghá a rá. Bheadh an triúr
deartháireacha a bhí ina gcónaí sa cheantar ann agus mac an té ab óige acu.
Bheadh mo mhac féin ann agus fear chéile agus beirt mhac mo dheirféar. Chuir
Pádraig anseo glaoch ar a pháirtí ón gceann eile den pharóiste i gCarraig an
Chomhraic agus bheadh seisean ann. Bheadh fear chéile m'iníne ann, a athair,
a dheartháir óg rua agus deartháir eile. Bhí fonn fíochmhar ar mhac agus ar
fhear chéile duine de na deirfiúracha i Sasana Nua teacht go hÉirinn gan
frapa gan taca agus a bheith i lár an aicsin ach amháin nárbh fhéidir an gnó
a chur siar chun a ndeis dea-chroí a thabhairt do bheirt dár laochra thar
toinn, beirt nár ráinig chugainn mar sin!
Bheimisne mná ag guí, ag réiteach ceapairí, ag cócaireacht agus ag ceann
líne gutháin; bheinnse mar dheirfiúr na buanpháirte aige ar láthair an ghleo
dá mbeadh breith mo bhéil agam, ach d'iarr a bhean Máire orm a bheith in
éineacht léi féin i dteach na deirféar eile láimh le Béal an Átha agus is
ann a ghabhas i dteannta m'iníne agus a linbh ná raibh an bhliain go hiomlán
fós aige.
Chuathas ag labhairt leis na Gardaí agus b'é comhairle a tugadh d'úinéir an
tí gan aon doras ná fuinneog a bhriseadh san iarracht seilbh a ghlacadh agus
gan aon bhuille a bhualadh agus ar chraiceann a dhá chluas gan seilbh a
ghéilleadh arís do na háititheoirí ná iad a ligean thar geata isteach ar
chúis ná ar chuireadh.
****************
Shroich Seáinín an áit agus is ar éigean a bhí an comharsa béal dorais
toilteanach labhairt leis in aon chor. Ní bheadh sé féin ná a bhean ná aon
duine den chlann páirteach a thuilleadh san eachtra. Chaithfidís sin a
bheith ina gcónaí ansiúd arís amárach ach oiread is an lá inniu ní ionann is
an chuid eile againn!
'Tá do chuid déanta agat cheana féin!' a dúirt Seáinín leis os coinne an
chupáin tae sciobtha. 'Níl aon duine ag súil lena thuilleadh uaibhse, a
Thomáis. Gan tú féin agus Teiréas ní bheimis anseo in aon chor.'
D'imigh Tomás i mbun a ghnó féin sa bhaile mór agus nuair a d'éalaigh sé
abhaile arís isteach ina theach is os íseal a thug sé faoi deara conas mar a
leagadh amach an t-imshuí. Chonaic sé áfach go raibh an léigear faoi lán
seoil: beirt ar an ngeata dúnta amuigh; beirt eile istigh sa chlós nach
bhfeicfí ón mbóthar ach duine gach ra sea; beirt eile ag gabháil síos suas
an bóthar amuigh ag faire amach don tacsaí a raibh a thuairisc ar bharra na
méar acu. Thabharfaidís sin focal rabhaidh agus fógra do bheirt an gheata
agus iad sin amhlaidh don chuid eile ar fad.
Bhíothas tar éis doras an tí a dhúnadh anois beag tar éis go raibh sé ar
leathadh nuair a bhí Tomás ar a shlí isteach. Neasán - an té ab aclaí de na
deartháireacha an uair sin - a thug faoi deara (a dúradh i gcogar le Tomás
tríd an bhfál!) gur fágadh fuinneog (chúil) an tseomra folctha ar
faonoscailt agus a dhreap isteach go caolfháiscthe le cabhair uchtóige agus
a d'oscail an tslí isteach do gach duine eile. B'in an deartháir óg ba
ghaire den chlann a lean céimeanna saoil Sheáinín agus bhí Seáinín bródúil
dá réir as a ghaisce dreapadóireachta.
Bhíodar ann ó mheán lae agus bheidís ann pé fad ba ghá chun an bheart a
thabhairt i gcrích. Bhí beirt eile istigh agus iad ag faire amach ar a raibh
ar siúl sa chlós agus ar an mbóthar sa mhéid gur léir aon ní a bheith ar
siúl amuigh ar an mbóthar. Mí Lúnasa a bhí ann agus bhí an gnáth-thrácht
broidiúil ann ó ba cheantar bád agus duántachta é ach b'iad an bheirt
fhoraire ba mhinice a nocht trí chrainn agus sceacha ar thaobh an bhóthair.
Bliain mhaith turasóireachta a bhí inti a dúradh.
Níor ghá go bhfanfadh an carrlucht amuigh go dtí am mhairbh na hoíche faoi
mar ba nós leo leis na cúig mhí ó lonnaíodar sa chomharsanacht - an fear
agus a bheirt bhan. Dá réir sin, bhí ábhar míshuaimhnis ar an gcuid ab óige
den mheitheal faire agus ní fheadar siad cathain a bheadh greim le hithe acu
agus fógra a fháil mar seo teacht láithreach an cúig mhíle fhichead ó cheann
eile an Locha go ceantar Chill Dalua. Ach seo chucu fear mo dheirféar agus
lán gluaisteáin de cheapairí agus de shlisní toirtín agus ceithre fhlaigín
tae aige a ruaigfeadh féar gorta agus míshuaimhneas na hóige. Bhíos fhéin
tar éis sciar díobh a réiteach don ócáid, tig liom a rá!
****************
Trí mhíthapa a tharla sé agus trí dhea-chroí agus iomarca suáilcis agus
comhair comharsan. Ceantálaí ab ea deartháir bhean de chliamhaineacha mo
dheirféar agus is air a cuireadh an cúram an teach a dhíol thar ceann
Sheáinín. Agus bhíomar go léir buíoch de ag an am. Ba dheacair aon teach a
dhíol ar aon phraghas ceart an t-am sin.
Fear tacsaí a bhíodh ag gabháil thar bráid sách rialta a thug suntas don
bhungaló toisc gan aon duine a bheith ag cur faoi ann. Chonaic sé an fógra
díolacháin nuair a cuiureadh in airde é ach d'aithin sé roimhe sin gur
theach díomhaoin a bhí ann. Bhí suim aige sa teach. Ba mhaith leis breathnú
air. Bhí an ceantálaí gnóthach agus custaiméir freagrach aige. Cinnte
thabharfadh sé an eochair dó ach chaithfeadh seisean í a fhágáil ar ais aige
an tráthnóna sin. Dhéanfadh cinnte. Ach tharla ansin nár fhág - ós rud é gur
thaitin an teach leis. Agus nuair nár tugadh an eochair ar ais tar éis
roinnt laethanta cuireadh a tuairisc:
'Thaitin an teach go mór liom,' a deir fear an tacsaí. 'Fág agam í tamall
eile mar tá brath agam é a cheannach.' Agus fágadh.
Thaitin an teach lena bhean freisin agus le hiníon na mná. Dúradar le Tomás
é. Bhí i gceist aige an teach a cheannach nuair a bheadh an t-airgead
éarlaise curtha in eagar aige sa bhanc. Bhí an diabhal ar na bainc le moill.
I dtosach báire bhí Seáinín an-sásta go raibh a theach breá ar ligean agus
nárbh fhada go mbeadh a luach aige ina chuntas ach tháinig an imní in áit na
sástachta nuair nach raibh aon airgead ag cur leis an bhfocal pláis. Ba léir
fadó go rabhthas i mbun gnó agus an chuid ab fhearr den mhargadh ag fear an
tacsaí. Níor mhór an mhoill gur thug Tomás faoi deara gur athraíodh na glais
ar na doirse agus gur cuireadh boltaí slándála ar na fuinneoga. Crochadh
pictiúir agus athraíodh pictiúir timpeall de réir scéime nár scéim
shealadach ná scéim Sheáin. Saothraíodh an garraí agus leagadh amach
bláthcheapacha nach raibh aon ghair ag an bponcán ar a leagan amach faoin am
gur chinneadar filleadh ar na Stáit, ar an gcompord agus ar an airgead. Ba
léir gur thaitin an teach leo; an ceantálaí coinníollach agus a úinéir i
bhfad ar shiúl sna Stáit. Agus bhí cúrsaí gnó á gcur chun cinn ar shlí
cheart sheasmhach.
****************
D'imigh an t-am thart go mall leadránach ach amháin don siúinéir agus dá
chúntóir mic a bhí istigh ar an dara duine sa teach agus a chás uirlisí
réidh chun oibre aige. Bhain sé anuas na glais nuashuiteáilte agus chuir
malairt glais arís i ngach doras agus fuinneog agus luigh ar an urlár
cruaidh taobh thiar den phríomhdhoras ag fanacht go mbeadh an puililiú
bóthair ann amach san oíche. Bhí a sealanna tae agus ceapairí acu ina bpéire
agus fear an tí ag dul i gcomhar rialta leis an teach béal dorais roimh nod
a thabhairt don chéad phéire nó triúr eile. Cuid acu a ghlac an muga tae
agus an píosa toirtín ina seasamh le balla nó ina suí faoi scáth crainn. Bhí
an lá an-fhada go dtína sé a chlog agus b'fhaide fós an oíche; gach duine ar
tinneall agus míshuaimhneach agus éadaithíoch ar an saghas seo ócáide ach
meanma láidir foirne le brath ag an té a thugadh na ceapairí agus na
flaigíní athlíonta chucu i rith an lae agus i rith an tráthnóna agus i rith
na hoíche. Na haithreacha ag cur comhairle ar an gcuid ab óige a bheith
staidéartha agus socair agus gan an cloigeann a chailliúint ba chuma cad a
dhéanfaí nó a déarfaí leo. Mhisníodar a chéile de réir mar a bhí an
tráthnóna á chaitheamh agus ba léire ná riamh nach raibh sé i gceist ag an
meitheal an cluiche seo a chailliúint.
****************
Bhí an tae deireanach acu thart ar a deich a chlog san oíche agus cinneadh
nach mbeadh aon chupán eile tae ann go dtí go mbeadh an chontúirt curtha
díobh acu i ndiaidh an mheáin oíche. Is beag carr a bhí le feiscint anois ar
an taobh-bhóthar ar a raibh an teach ó bhí trátha móréilimh na dtábhairní
tagtha cé gur chlos monabhar agus torann leanúnach thrácht an mhórbhóthair i
bhfoisceacht leathmhíle den áit ina rabhadar. D'éirigh carranna an
taobh-bhóthair chomh gann le huibheacha seisiúin agus b'ionann agus
géarchéim é aon uair a scoith carr lucht airneáin teaghlaigh comhartha
bóthair an phríomhbhóthair tamaillín lastuaidh de Chnocán an Éinín ar a slí
go Cill Dalua. Ní raibh aon mhoilliú á dhéanamh acu agus iad ag teacht i
ngar don teach ach iad ag géarú leo siar sa tslí gurbh éigean do na forairí
léimint isteach an uair a bhíodar róthógtha le teannas an fheithimh.
Bhí an áit an-chiúin agus gan solas le feiscint thart ar an teach ach amháin
solas na dtóirsí a lastaí agus a mhúchtaí láithreach arís ar eagla
sceitheadh orthu féin. Bhí Seáinín tar éis fógra foirceannta a iarraidh ar
Bhord Soláthair an Leictreachais nuair a tuigeadh dó gur ina ainm féin a bhí
an cuntas i gcónaí agus dá réir sin b'éigean d'áititheoirí an tí a bheith
sásta dul a chodladh mós luath agus bheith i dtuilleamaí na soilse láimhe.
Faoi dheireadh agus faoi dheoidh, áfach, bhraith gach aon duine go rabhthas
chucu nuair a nocht carr timpeall an chúinne agus, de rogha ar ghéarú, nuair
a mhoilligh sé síos go hiomlán. Stop an carr agus tháinig an tiománaí amach
aisti agus chuaigh i dtreo an gheata sa dorchadas. Ní raibh duine ná deoraí
le feiscint ach oiread is aon oíche eile. Ach faoin am gur chuir sé a lámh
ar an ngeata bhí dosaen tóirse ag scalladh isteach sna súile air agus baicle
fear storrúil láidir i dtacaíocht le gach solas acu! Cé mhéid acu a bhí ann?
Bhí seisear nó seachtar. Gheobhadh sé na Gardaí. Ní raibh dealramh ar bith
leis seo. É leathuair tar éis an mheáin oíche agus é féin is a bhean is a
chlann ag filleadh ar a dteach ón mbaile mór! D'éirigh sé neirbhíseach agus
eagla air go mbuailfí buille air.
'Céard é seo? Cad tá ar siúl anseo? An gceapann tú gur tú John Wain?' a deir
sé le Seáinín i mbéal an gheata. Bhí Seáinín, an créatúr, an-bhródúil as an
leasainm sin nuair a mheabhraíodh sé é ní ba dhéanaí agus an cath a bheith
thart.
'Is liomsa an teach seo! Tá socraithe agam é a cheannach! Tá maoin agus
infheistíocht agam anseo. Gadaíocht atá ar siúl agaibhse ar mhuirín
mhacánta. Cuir an bhaicle gadaithe sin abhhaile go dtína dtithe féin!'
'Ní leatsa an teach agus tá deireadh feicthe agat de. Bailigh leat anois tú
féin is do chuid ban go dtí pé áit as a dtáinig sibh leathbhliain ó shin!'
'Bailígí libh as seo agus bíodh a theach féin ag an bhfear seo,' a deir trí
nó ceithre ghuth as a chéile leis.
Tharla, ar shlí fhánach éigin, go raibh scuadcharr stoptha ar an mbóthar os
comhair an tí.
'Anois, déan do ghearán leis na Gardaí,' a dúirt duine de shinsir na
meithile leis, agus chas sé i leataobh i dtreo an chairr chun a ghearán a
dhéanamh.
Níor dhein an Garda ach aon fhéachaint mhór fhada amháin a dhéanamh ar a
raibh de shoilse lóchrainn dírithe ar fhear an tacsaí agus bailiú leis i
dtreo Chill Dalua.
'Cad dúirt an Garda leis?' a d'fhiafraigh Tomás a bhí ag breathnú amach tríd
an bhfál.
'Dúirt sé leis gur gearánadh an cás leis na Gardaí agus nach dtabharfaidh
siad aon tacaíocht do lonnaitheoirí falsa agus nach bhfuil le déanamh anois
acu ach a gcuid a fháil agus imeacht ó láthair go beo,' a deir Seáinín.
Ansin d'iompaigh sé ar fhear an tacsaí:
'Gach rud a bhaineann leat fágfar amuigh ar an mbóthar é amárach ar a haon a
chlog. Tóg nó fág é. An dtuigeann tú an méid sin?'
'Díolfaidh tú as seo, bloody John Wain!' a deir fear an tacsaí.
Bhí sé ar ais sa tacsaí cheana féin agus é míshocair go maith agus é ag
iarraidh an scéal a mhíniú dá chuid ban.
'Is olc an ball é!' a deir Joe, athair fhear chéile iníon an deirféar.
****************
'Agus cén chríoch a bhí ar an eachtra?' a deirim leis an deirféar naoi
mbliana ina dhiaidh sin.
'Thángadar ar an am a bhí ceaptha an lá ina dhiaidh sin ar an 16 Lúnasa sa
bhliain 1992. Bhí an t-uafás trioblóide ag gabháil leis an nglanadh agus
chun a chinntiú go raibh a gcuid maoine ar fad amuigh ar an mbóthar dóibh ar
a haon a chlog. Bhí an cuisneoir lofa tharla an leictreachas a bheith
gearrtha orthu le seachtain. Samhlaigh cén riocht ina raibh an cuisneoir!
Agus a raibh d'fheistis éagsúla - agus gach feisteas acu ní ba ghalánta ná a
chéile - ag an mbean! Deineadh amach gur bhean áirithe ab ea í den chineál a
dhéanann a cuid oibre san oíche mar óstach. Bhí sí an-sásta, a dúirt sí, gur
bhean eile a bhí ag láimhseáil a cuid galántais, seachas aon duine eile!'
'Agus, an dóigh leat, gur chladhaire a bhí sa bhean freisin fad is a bhain
leis an teach a shealbhú agus mar sin de?'
'Ní dóigh liom é. Is cosúil go raibh iontas ar an mbeirt bhan a fháil amach
nár cheart dóibh a bheith sa teach in aon chor. Ba chosúil go raibh an bhean
ag díol cíosa ar an teach, dar léi féin! Chuireadar a bpictiúir féin in
airde ar na ballaí agus mhalartaíodar timpeall pictiúirí a bhí ann cheana
féin. Agus go fiú nár leagadar amach bláthcheapacha ar aghaidh agus ar
thaobh an tí. Ní raibh aon chuimhneamh acu ach go raibh tamall agus
aoibhneas mór le caitheamh acu ann. Ní rabhadar buíoch in aon chor do
chuilceach an tacsaí a raibh oiread sin fabhar aige uathu! Agus, chun a
léiriú dhuit cén sórt fir é fear an tacsaí: is cuimhin liom, nuair a tháinig
an tacsaí an lá dár gcionn faoi dhéin a gcuid earraí, ní fhágfadh sé an carr
ar ór ná ar airgead ach ligean dá chuid ban an obair shuarach a dhéanamh ar
a shon! Bhí eagla air, is cosúil, agus lig sé do na mná a raibh le tabhairt
chun siúil a luchtú iad féin! Cuilceach ceart a bhí ann! Agus b'in an uair a
labhair an bhean liomsa agus a dúirt sí í a bheith sásta i dtaobh bean a
bheith i mbun réiteach a gáirmintí!'
****************
'Ach ar ndóigh, bhí codladh na hoíche ag an meitheal ón a dó a chlog ar
aghaidh ar a laghad?'
'An chuid acu nach raibh orthu fanacht i seilbh an tí chodlaíodarsan ar an
urlár taobh istigh den doras agus pé áit a bhí sách glan le codladh a
dhéanamh ann. Bhí ar dhuine a bheith ar faire i rith na hoíche go léir ar
eagla go dtiocfaí ar ais le breis saighdiúirí agus lóin cogaidh.'
'Is maith mar a thuill Seáinín an leasainm John Wain! Bhain sé an-sásamh i
rith a bhliana drochthinnis arú anuraidh as an tslí inar éirigh leis féin
agus lena mheitheal an bheart a chur i gcrích gan buille bog ná buille
feille a bhualadh!'
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|