22 Meitheamh 2001
An lá is faide sa bhliain ar shiúl, lá gréine gile. Faoiseamh ann féin a
leithéid de bhuaic ar an séasúr. Anois is féidir aghaidh a thabhairt ar an
ngeimhreadh crosta fuar.
Seanchuimhní ag líonadh im mheabhair, ag líonadh agus ag rince: ar Fergus
Largan, ar Dugald Huggins, ar Bhaile an Átha. Fergus, an t-ainm a bhí
greanta ar bhrollach léine fhear an bheáir, b'shin a sheol mo smaointe ar an
mbóithrín seo aréir. Fergus ab ainm don chéad chara a bhí agam, mo chéad
pháirtí.
Ait mar a mhaireann eachtraí id intinn. Ní cuimhin liom cad iad na focail a
ghlaos chuige an lá úd, seachas 'Fergus!, Fergus!', ach maireann an lá fós
im chuisle. Caithfidh nach rabhamar puinn níos mó ná cúig bliana d'aois: ní
fada in aon chor a bhíomar ag freastal ar scoil.
Bhí an bheirt againn amhrasach faoi Dugald an tráthnóna úd. Bhí faitíos
orainn roimis. Bhí sé a dhá oiread níos mó ná sinne, balcaire teann as rang
níos airde. Bhí tuairim mhaith againn gurb é a bhí i gceist aige ná léasadh
maith a thabhairt dúinn, nuair a mhol sé go mbeadh troid againn, tástáil le
slata sailí, mar dhea is gur ag súgradh a bhíomar.
Bheadh sé fial agus féaráilte: throidfeadh sé an bheirt againn. Thabharfadh
sé slata sailí dúinn, fiú. Féach, bhí siad bainte cheana aige. Bíodh ár
rogha againn, bheimis armtha chomh maith leis féin.
Fós féin bhí leisce orainn. Easpa misnigh. Ní raibh aon seans againn ina
choinne siúd, a dúramar le meas bréige. Bhí sé rómhór dúinn. Agus ní raibh
sé ceart a bheith ag troid mar seo.
Chuaigh Dugald dian orainn: 'An rabhamar meata?' 'Ní fheicfeadh éinne an
cath' - ach b'shin rud a chuir ábhairín lenár neirbhísne. 'Ní bheadh ann ach
cath cairdiúil ar aon nós.' Chuaigh sé i gcionn orainn: ghéilleamar.
Sheas mé féin agus Fergus guala le gualainn i dtús báire, ach bhí an amhailt
os ár gcomhair róláidir dúinn, agus thuigeas gan mhoill gur mhó de chosaint
dúinn é dá scarfaimis, seachas seasamh go meata le chéile, agus ligint dár
gcéille comhraic buntáiste a chuid nirt agus raon a láimhe a imirt ar ár
loirgní beirt in éineacht.
Timpeall ar chúl Dugald liomsa, má sea, Fergus faoi thréanionsaí aige, agus
tharraingíos chomh láidir agus bhí i mo chorp ar chúl a cholpaí, a haon, a
dó, a trí, agus aŠ. Chas Dugald ormsa. Chúlaíos uaidh go tapaidh, ag glaoch
ar Fergus an comhar catha a íoc liomsa an dreas seo, rud a dhein gur
iompaigh Dugald ar ais air féin.
Ach má fuair Fergus drochbhuille nó dhó uaidh, fuair Dugald a dhá oiread
uaimse, go raibh air casadh le cnead arís chugam. Bhí faobhar sna buillí
faoi seo nach raibh iontu i dtús báire, agus d'fhulaingíos féin cúpla sceilp
phianmhar, ach i dteas an chatha ní raibh deis féintrua ann.
Bhí Fergus tagtha isteach ar an oirbheartaíocht faoi seo, agus ghabh an cath
ar fud an bhóthair, ionsaí agus cúlú ar luas, an fód a sheasamh ansan gur
tháinig do pháirtí aníos ar chúl an namhad. Bhí an t-arrachtach á
thraochadh.
Dhein Dugald iarracht Fergus a chloí uair de dhroim ionsaí leanúnach, ach
ghabhas de leadhbanna slaite chomh dian ar chúl a ghlún air nach bhféadfadh
sé gan aghaidh a thabhairt ormsa ar ais, agus ansin go tobann bhí sé ag
screachaíl agus ag léimrigh sall agus anall idir an bheirt againn, fearg
agus pian ina ghlór, a bhreithiúnas caillte aige agus a chuid ionsaithe ag
dul amú, fad a bhí buille i ndiaidh buille uainne á aimsiú.
Suas an bóthar leis de ruaig ag smúsaíl agus ag screadaíl, fearg tríd an
ngol, fearg gur lig sé do bheirt bheag é a shárú. B'é bua na Beinne Boirbe
againne é.
Níor chuamar sa tóir air. Bhí ár ngaisce déanta, an cath briste ag an éirim
ar an neart. Sheasamar agus d'fhaireamar as ár bhfaoisimh. Ní rabhamar chun
é a shaghdadh ar fhaitíos go gcasfadh sé ar ais orainn. Ba mhaith nár
dhírigh sé ar bhua chríochnúil thapaidh a bhreith ar dhuine amháin againn ón
tús. Thuigeamar san. Bheimis scriosta aige dá ndéanfadh agus a eagla san a
spreag fuinneamh ár n-ionsaithe cúil. Chuaigh na screadanna fill agus feirge
i léig, pé ní, agus fágadh láthair an chatha fúinn. Ábhairín náire a bhí
orainn.
Bliain nó dhó eile a chaitheas i mBaile an Átha. Ghabh daichead bliain thart
sarar leagas cos arís ann. Bhuaileas le Fergus, mo pháirtí catha. Ní
aithneoinn é. Mhalartaíomar eolas. Phléamar coraí an tsaoil. Ag seasamh ag
cúinne na sráide a bhíomar ag breathnú suas an bóthar mar a rugamar ár mbua.
Mheabhraíos san dó. Ní raibh cuimhne ar bith aige air, cuimhne dá laghad.
'Nach foréigneach an maicín a bhí ionat?' ar seisean.
'Mise a shábháil tú an lá úd,' a deirimse.
Is ait an iníon í an chuimhne.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|