rogha as Feasta, Meán Fomhair 2001
Dánta mí Mheán Fomhair

le Bríd Ní Mhóráin



Don Spideog

A éinín, ar an líne
ag gliúcaíocht orm
trí m'fhuinneog isteach,
ar sheol rí na ndúl
chugam d'ucht taibhseach
is do leathshúil dhána
go musclófá mo mhisneach?
Gabh buíochas leis
ar mo shon.
Abair amhrán.

-----------------------------

An Mhíorúilt

Agus é ceithre bliana
Chrith an talamh fé Ismael,
Bhí corp a dheirféar fairis
In uaigh a dtí.
I ndiaidh sé lá
Tugadh é chun solais
Os comhair súile an domhain,
An tarna Lazarus.

--------------------------------

An Nollaig san Iorua

Lonraigh criostail an oighir
fé réalta seaca Oíche Nollag,
mar bhláthfhleasc fhuar,
ar uaigh Ingrid, i reilg Löten.
Chuir sí ógánaigh le gealaigh,
gearrchaile seo na ndual fionn,
ar thóir a cnis mar shneachta.
D'imigh sí ar nós Per Gynt
go dtí cúirt rí an tsléibhe,
áit ar ól sí an deoch tairgíodh dí,
gur dhearmad sé cérbh í féin.
Lasadh coinneal bhán ar a feart
chun a hanam uasal a théamh
le solas na cuimhne.

Nóta:-
Is nós le muintir Löten, paróiste atá in aice le Lillehammer san Iorua, dul go dtí an relig Oíche Nollag agus coinneal a lasadh ann i gcuimhne na marbh.

1986 - Caidreamh - 2001

Má bhíonn tú liom anocht
bronnfaidh mé ort
airde Shliabh Mis de chion
ar mhiasa criostail;
taoscfaidh mé an fharraige
d'fhonn a bhfuil d'airgead
i ngarraí an iascaire
roinnt go fial ort,
déanfaidh mé bláth órga
den ghrian, mar choróin
chuirfidh mé ar do bhaithis,
is níor lú a blaes
ná solas do shúl.

Nuair a chas an barda timpeall orm
gur thógas trí choischéim
amach as mo chorp,
bhí i ngreim daingean
ag gaineamh súraic na nimhe,
d'inis an dath liathbhuí
tháinig ar do phluic dhearga
os mo chionn anairde,
narbh aon ghrá é seo
thug an t-uan don gcaora,
ach téad crua tarrthála
nár lig síos mé in am an ghátair
is nár bhris, nuair a bhíos
i mbaol mo shlogtha, gan tuairisc.

Nóta:-
('Blaes', ó 'blaze' an Bhéarla, a úsáidtear coitianta sa Ghaeltacht)


© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta