rogha as Feasta, Meán Fomhair 2001
- Triúr na Colóime -

Eagarfhocal - Meán Fomhair 2001



Níl fhios ag aon duine beo cad é an chéad chor eile a thiocfaidh i bpolaitíocht chasta an Tuaiscirt. Níl sé ach mí ó shin ó bhíomar ag rá anseo go rabhamar ag súil go dóchasach le ráiteas ó John De Chastelain maidir le haontú an IRA le díchur a gcuid arm. Bhí an ceart againn sa mhéid sin.

Tháinig an ráiteas, ach má ba dhóigh leat go raibh céim chinniúnach tógtha bheadh breall ort - ní den chéad uair é. Níor léirigh na hAondachtaithe ach a ndoicheall, mar ba ghnách leo. Sa deireadh cuireadh an Feidhmeannas ar fionraí ar feadh lae agus tharraing an IRA a dtairiscint siar.

Táimid ar ais, mar sin, mar a rabhamar mí ó shin, ag feitheamh le spriocdháta eile. Ach ní chuige sin atáimid, i ndáiríre, an mhí seo.

Fearacht go leor eile níl fhios againn cad a bhí an triúr úd ag déanamh sa Cholóim. Ní dóigh linn go raibh siad ann ar mhaithe lena sláinte nó ag breathnú ar na radharcanna. Níl fhios againn an baill nó iarbhaill nó neamhbhaill de Shinn Féin nó den IRA iad, ach más baill de Shinn Féin iad níl an páirtí sin chomh hoilte i bpolaitíocht agus a bhí á thabhairt le tuiscint againn san eagrán deireanach.

Is é is mó is cás linn ná an cineál tuairisciú a deineadh ar na meáin chumarsáide uile, beagnach, anseo in Éirinn. Bhí an triúr ag plé le drugaí, le buamaí, ag traenáil sceimhlitheoirí agus gach uile shórt níos measa ná a chéile. Cén t-údar a bhí acu leis an tuairimíocht seo? Bhí siad ag brath den mhórchuid ar fhoinsí eolais, foinsí slándála agus seirbhisí rúnda sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Bhí an tuairisciú thar a bheith gáifeach, agus go minic foinse amháin ag bréagnú foinse eile. Ní haon ní nua an cineál seo tuairisceoireachta anseo nuair a thagann sé go dtí cúrsaí an Tuaiscirt. Tuigtear go bhfuil naimhdeas leathan in aghaidh Shinn Féin i measc na meán anseo sa Phoblacht.

Tá an cead sin acu, agus ní hé nach bhfuil Sinn Féin le lochtú go minic. Ach i gcás chomh tábhachtach le buanú na síochána sa Tuaisceart tá sé thar a bheith riachtanach go ndéanfaí iarracht ar chuntas barántúil a thabhairt ar eachtra, in áit a bheith ag brath ar dhreamanna a bhfuil a gcamchláir féin acu. Níor mhiste go ndéanfaí iarracht ar léargas a thabhairt ar an gcineál rialtais atá sa Cholóim, agus ar an tacaíocht a thugann na Stáit Aontaithe don rialtas sin. Ba mhaith, leis, go dtabharfaí eolas éigin neamhchlaonta ar na reibiliúnaithe FARC, in áit glacadh leis an leagan a thugann an CIA.

Is dóigh linn, i ndáiríre, gur chóir tuairisceoir a bheith ar an láthair ag na páipéir laethúla anseo, agus go háirithe ag RTÉ. Nach minic a chuireann siad tuairsiceoirí i bhfad ó bhaile ar ghéabhanna níos neamhthairbhí. Cá raibh Charlie Bird in am an ghátair?

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta