rogha as Feasta, Meán Fomhair 2001
Smaointe Polaitíochta

Déarfaidh staraithe amach anseo murach an IRA nach bhféadfadh Albert Reynolds agus Bertie Ahern, gan trácht ar Garret FitzGerald, agus Státseirbhísigh iontacha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus i Roinn an Taoisigh, an dul chun cinn a dhéanamh a rinneadar.

le Proinsias Mac Aonghusa (Craoltóir agus iriseoir gairmiúil)


An féidir anois a bheith ag réiteach le slán a fhágáil ag an IRA (Sealadach) a tháinig chun cinn de bharr ghéarchéim an Tuaiscirt i 1969/1970 agus a throid go calma ar son prionsabail náisiúnacha agus cearta phobail? An bhfuil an tArm stairiúil sin a chuir an cogadh is mó agus is faide riamh ar fhórsaí armtha na Breataine Móire in Éirinn le séith agus saoire atá tuilte go maith aige a fháil, fé mar a dúirt Gearóid Mac Ádhaimh.

Is mór go deo an cáineadh a dhein a chuid námhad sa Bhreatain agus in Éirinn ar an Arm seo; níl deireadh in aon chor leis an gcáineadh sin. Is í fírinne an scéil go bhfuil na Sealadaigh le moladh. D'athraigh siad polaitíocht an oileáin seo chomh mór céanna is a d'athraigh na hÓglaigh a chuaigh rompu idir 1916 agus 1923, an tír.

Fórsa úr Óglach a bhí iontu ar ceapadh gá a bheith leis; nuair a bunaíodh na Sealadaigh bhí deireadh ag teacht mar fhórsa míleata leis an IRA ar a raibh Cathal Goulding mar cheann fóirne. D'fheil a raibh ar siúl ag Cathal do na 26 Chontae agus don chaoi ina raibh an Stát theas san am. Ach in ainneoin a cheangal dlúth le bunú Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta, níor thuig sé fíricí barbartha an tuaiscirt; níor thuig sé go lá a bháis nach aigne 20ú aoiseach ach intinn a bhain leis an 17ú haois a bhí ag a lán de ghnáth-Aontachtóirí Uladh. Níor thuig siad réasún; thuig siad an lámh láidir.

Duine maith ab ea Cathal Goulding a raibh leas mhuintir na hÉireann ar fad i gceist aige. D'fhulaing sé cuid mhór ar son a chuid prionsabal. Ar feadh i bhfad bhí an bheirt againn thar a bheith mór le chéile ach, cé nár thiteamar amach le chéile ar fad, tháinig fuacht ar an gcairdeas de bharr ár leagain amach difriúil ar fhorlámhas na Sasanach ar na Sé Contae.

Laochra a bhí iontu siúd a sheas in aghaidh na Sasanach agus a gcomhghuaillithe Éireannacha nuair a bhí pobal náisiúnach an Tuaiscirt faoi léigear. Tiocfaidh an lá fós ina mbeifear ag trácht ar na Sealadaigh mar an dream ba éifeachtaí dár chuir riamh i gcoinne réimeas Gall sa tír seo.

Is iad na Sealadaigh a bhris toil na Sasanach troid leo ar son flaitheas ar an Tuaisceart. Déarfaidh staraithe amach anseo murach an IRA nach bhféadfadh Albert Reynolds agus Bertie Ahern, gan trácht ar Garret FitzGerald, agus Stát Sheirbhísigh iontacha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus i Roinn an Taoisigh, an dul chun cinn a dhéanamh a rinneadar. Is ar éigean a thuigeann an pobal go fóill méad agus maitheas na hoibre maidir leis an gceart a chur i réim ó thuaidh a dhein Státseirbhísigh. Tabharfaidh an stair a gceart dóibh.

Ní dóigh gur faoi láthair an uair is feiliúnaigh chun cur síos a dhéanamh ar dhearmaid agus ar uafáis réimeas Liam Mhic Cosgair, Conor Cruise O'Brien, Paddy Cooney agus na coileacha féinghlóracha eile a bhí i mbun Rialtais idir 1973 agus 1977, agus ar an dianchinsireacht a chuir fírinní agus fíricí choimhlint an Tuaiscirt as a riocht, ná ar bhrúidiúlacht institúideach Heavy Gang an Gharda Síochána le linn Rialtas Fine Gael agus Labour.

Déanfar sin amach anseo go mion agus go minic. Seans go scríofar go garbh fúthu siúd nár sheas le pobal a bhí faoi bhrú laethúil sna Sé Contae. B'fhéidir gur easpa tuisceana ba chionn tsiocair lena lán de na tuaiplisí oifigiúla i mBaile Átha Cliath thar na mblianta. An mbeidh cosaint Nuremburg ag cuid de chéasadóirí an Heavy Gang? Cá bhfios? Ar aon nós, ní inniu an lá chun scrúdú a dhéanamh agus breithiúnas a thabhairt orthu siúd, ná ar na bligeaird sna nuachtáin agus ar raidio agus teilifís a chuir an oiread sin bréaga ar Phoblachtánaithe agus ar an bPoblachtánachas agus an Náisiúnachas le 33 bliain.

Bhí agus tá bréagadóirí gairmiúla gnóthach ar na hoileáin seo; íocadh go maith cuid díobh. Marach na dílseoirí aondachtacha a chuir chomh tréan agus chomh brúidiúil sin in aghaidh imeachtaí síochánta Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta sna blianta 1968 agus 1969, i dtaca leis an RUC agus na B-Specials, ní bheadh gá ar bith le hÓglaigh na hÉireann a athbheochan agus a athchruthú.

Níor chóir go mbeadh aon ghá le harm rúnda in aon tír dhaonlathach. Ach, ar ndóigh, ba bheag daonlathas a bhain leis an Stáitín Oráisteach i dTuaisceart Éireann ó tháinig sé ar an bhfód sa bhliain 1921. Sa bhliain 1968 bhí na poblachtánaithe eagraithe ag dul ar bhóthar agóide sibhialta bunaithe ar leagan amach Martin Luther King i Meiriceá agus ar smaointe a tháinig chucu ó shóisialaigh agus chumannaigh i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Bhí daoine de chineál Seán Garland, Mick Ryan, Roy Johnston, Cathal Goudling, Tomás Mac Giolla, Eoghan Harris, Des Geraghty, Máirín de Búrca ag scrúdú fhíricí Éireann as an nua. Thuigeadar tábhacht anailís Karl Marx ar eacnamaíocht tíre; thuigeadar an gá le ceangail agus cairdeas a bheith ann lena lán eagraisí agus gluaiseachtaí a bhí ag dul go ginearálta sa treo céanna. Bhí uatha an tír a athrú agus a fheabhsú agus sin a dhéanamh gan leas a bhaint as an lámh láidir.

Dream ar fónamh a bhí iontu agus ina mbráithre. Bhí plé ar leith acu le bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann. Ach tháinig fuath agus biogóideacht na n-antoisceach Oráisteach aniar aduaidh orthu agus níor thuigeadar é. Shéid stoirm na staire as an tslí iad de réir a chéile. Nílid le cáineadh, ach sa mhéid go ndeacha siad ag comhoibriú le frithnáisiúnaigh ina n-aghaidh siúd a chuaigh ag cosaint an phobail sna Sé Chontae.

Is de bharr na n-ionsaithe barbartha ar agóideacht shibhialta, agus diúltú bunchearta do Chaitlicigh mar Chaitlicigh, a bhí ar Sheán Mac Stiofáin, Ruairí Ó Brádaigh, John Kelly, Jimmy Drumm, Billy McKee, Séamus Twomey, Dáithí Ó Conaill agus roint tírghráthóirí praiticiúla eile, tabhairt arís ar chogaíocht. Bhunaigh siad arm nua as an bpíosa, geall leis, agus de réir a chéile thugadar dúshlán fhórsaí armtha na Sasanach in Éirinn, agus ionadaithe eile Shasana san tír seo, níos dána ná mar a déanadh sin cheana.

Is de bharr a ndílseacht dá muintir a fuair daoine ar nós Joe McCann, Máire Drumm, Mairéad Farrell, Bobby Sands, Patsy O'Hara, Diarmuid Ó Néill, Frank Stagg agus na céadta eile bás. Is dá bharr a d'fhulaing na céadta móra príosúnacht, céasadh, briseadh croí.

Is de bharr Óglaigh na hÉireann (Sealadach), agus an obair a bhí rialtaisí éagsúla Éireannach ábalta a dhéanamh ar ghuailne na nÓglach, a athraíodh na Sé Chontae ó bhun go barr. Sin agus misneach ghnáthnáisiúnaithe ó thuaidh. Agus an cúnamh stairiúil a tháinig ó Ghaeil Mheiriceánacha: tá moladh a r leith tuilte acu siúd. Ná déantar dearmad ar an Uactharán Bill Clinton; is eiseann an t-aon Uachtarán Meiriceánach a thuig cúis na hÉireann agus a bhí toilteanach a dhícheall a dhéanamh ar son na córa.

Ní tharlóidh sé arís go gcaifear le Caitlicigh sna Sé Contae mar dhaoine den tríú grád. Is chun cinn agus chun cinn ó bhliain go bliain a bhéas an phobal náisiúnach agus poblachtach ag dul. Beidh ómós do John Hume agus do Gerry Fitt agus do Austin Currie ar son nithe ar leith a dheineadar in amannaí éagsúla. Ach tuigfear dá fheabhas iad nach iad is láidre a bhí ábalta seasamh ar son na Poblachta agus aisling stairiúil náisiúnaithe Éireann ach Gerry Adams, Martin McGuinness, Gerry Kelly, Pat Doherty, Rita O'Hare, Bairbre de Brún, Martin Meehan, Mitchel MacLaughlin agus a gcomrádaithe.

Níl an tír seo aontaithe fós; níl aisling Wolfe Tone agus Napper Tandy agus Thomas Russell tagtha i gcrích go fóill. Ach táthar ar an tslí chuige. Níl gá le gunnaí ná le pléascáin ná le cogaíocht a thuilleadh. Tá an obair sin déanta. Nuair a bhéas fórsa inghlactha póilíní ar fud an Tuaiscirt in ionad an fhórsa sheictigh atá ann leis an fhad seo, nuair a thuigfear i gcoitinne nach bhfuil aon cheart ag Sasana sa tír seo agus nach raibh riamh, nuair a bhéas dlíthe claonta bainte de liostaí an dlí, nuair nach mbeidh aon cheart ag eagrais rúnda nó leathrúnda creidimh, Caitliceach nó Protastúnach, ach an ceart céanna atá ag gach saoránach, beidh daoine sásta. Is féidir anois a rá gur dóigh go dtiocfaidh seo i gcionn gan a thuilleadh marú nó milleadh. Táthar ag dul i dtreo an daonlathais, i dtreo Phoblacht Tone in Éirinn ar fad.

Céard a bhéas baill onóracha de Óglaigh na hÉireann (Sealadach) 1969-2002 a dhéanamh as seo amach? Beidh siad sa pholaitíocht, sna póilíní, sa státseirbhís, sa rialtas áitiúil ina na gairmeacha, i mbun gnó, in áiteacha gur beag fáilte a bhí roimh Chaitlicigh sa bhliain 1968 agus 1969. Ní miste domsa a rá nach de bharr léamh amháin a scríobhaim agus a deirim nithe áirithe inniu. Mhaireas trí na lán dár tharla; chonaiceas le mo shúile féin imeachtaí Éireann iomlán, thuaidh agus theas, le fada an lá.

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta