An chéad chuid de Scéal Grá a bhfuil ceithre roinn agus iarmhír leis. Scéal
traidisiúnta de chuid na nAtsugébhuí ó thuaisceart Chalifornia é, inste agus
ceadaithe ag an Dr. Darryl Wilson, duine den treibh sin. Míniú atá ann ar
chruthú an domhain agus deasghnátha an tsaoil, chomh maith le scéal.
Oisín
********************
Tá tír ann lastall de na réalta. Sí ár dtír dhúchais uilig í ó thús. Is
ansin a chruthaigh Cúon an uile ní don bheo. Chruthaigh, agus chonaic gur
mhaith sin. B'shin a dhualgas - saol agus beatha a fheabhsú, a dhéanamh níos
taithneamhaí. Ach bhí Seamol ann leis.
Seamol, anois, bhí seisean in éad le Cúon: bhí sé nimhneach leis an éad. Dob
áil leis-sean a bheith ag cruthú. Ach bhí teorainn lena chumhachtsan - ní
raibh sé ach in ann rudaí a athrú. Is b'shin a dheineadh sé. Gach ar
chruthaigh Cúon, d'athraíodh Seamol é - chun feabhais, a déarfadh sé féin.
Ba chosúil gurb é an t-aon 'dualgas' a theastaigh ó Sheamol ná gach a
chruthaigh Cúon a athrú. D'fhanadh sé. D'fhaireadh sé. Chruthaíodh Cúon
bláthanna, bláthanna áille ar gach uile dhath. Ritheadh Seamol anall agus
dheineadh iarracht iad a athrú go bán uilig, ach bheadh air rith anonn arís,
féachaint le rud éigin eile a athrú, sara gcríochnódh sé an obair sin.
Chruthaíodh Cúon crainn darach, iad íseal agus dearcáin mhóra róstaithe
orthu. Anall ansin le Seamol sa rith agus rinne crainn mhóra mhillteacha
astu a raibh dearcáin bheaga bhídeacha orthu, iad amh is crua. 'Mar sin,
beidh ar dhaoine obair go dian dúthrachtach,' a deireadh sé. 'Coinneoidh sin
saor ón bpeaca iad,' ar seisean. Ach ansin, bhí air deifriú amach le 'peaca'
a chruthú!
Chruthaigh Cúon fia agus bradán a bhí saillte agus tarsainn luibheanna orthu
cheana féin. Seamol ba chiontaí le righneas fheoil an fhia is an deacracht í
a chogaint. Eisean faoi deara leimhe an bhradáin - ní bheadh de bhlas air
feasta ach blas bradáin. Anuas air sin, chuir sé an salann i bhfolach, go
mbeadh sé anróiteach teacht air. 'Go ndéanfaidís tochailt' ar seisean. Ní
raibh deireadh lena spidiúlacht.
Tharla, lá, nach raibh Cúon in ann an stró uilig a fhulaingt níos mó. Gach
aon ní a chruthaíodh sé, d'athraíodh Seamol é. Deireadh Seamol: 'Fearrde
seo. Táim ag cabhrú leat mar seo.'
D'fhéach Cúon thart le go bhfeicfeadh sé cá rabhadar uilig. Nuair a mheas sé
nach raibh éinne ag breathnú cheil sé é féin laistigh dá chillín - seama-a,
cillín na ndeasghnátha agus teach cónaithe. D'ardaigh sé clí an chillín agus
d'amharc síos. B'fhada, fada an t-achar síos. Rinne sé cadhla as amhráin
agus cheangail d'úrlár an tseama-a é. Síos leis ansin agus an chlí curtha
thar n-ais aige trína chumhacht. Bhí sé ar a choimeád ó Sheamol.
Ar an tslí anuas, scrúdaigh Cúon an follús ábhalmhór. Bhí rud éigin ag lonrú
i bhfad Éireann thíos faoi. Thug sé aghaidh ar an loinnir is dá ghiorra a
dhruid sé léi is amhlaidh a chuaigh sí i méid. Ba ghairid go raibh sé anseo
ar domhan. B'uisce ar fad a bhí ar an domhan an t-am sin - sin an fáth go
raibh sé lonrach. Nuair a chonaic Cúon an t-uisce go léir, rith sé leis go
mbeadh a bhata siúil áisiúil. Fuair sé anuas é agus chomhardaigh sé ar
dhromchla an uisce é gur shuigh sé air. Tharraing sé anuas an cadhla amhráin
ina dhiaidh ionas nach mbeadh Seamol in ann é a leanúint. D'fhan sé ansin
ina shuí agus chrom ar chantaireacht agus ar rinnmhachnamh. Chan sé agus
chan sé go dtí gur tháinig ann d'oileáinín beag.
Ansin chan sé arís go dtí go raibh seama-a ar an oileáinín. Faoi sheo agus
faoi dheireadh! Bhí cónaí nua ag Cúon agus é saor ó Seamol. Bhreathnaigh sé
thart. 'Tig liom domhan deas álainn a chruthú anseo' a cheap sé dó féin.
Chuaigh sé chomh fada leis an oileán ar a bhata siúil, isteach leis sa
seama-a nua agus thosaigh ag ligint a scíthe.
Sa domhan eile thuas, lastall de na réalta, bhí Seamol sna feirglinntí, ag
rith soir siar. Ag cuartú Cúon a bhí sé. D'iarr sé ar na carraigreacha 'Cá
bhfuil sé?' Ní raibh fhios acusan. D'fhiafraigh sé de na scamaill. Ní raibh
fhios acusan ach oiread. Bhí Seamol le ceangal.
Chuaigh sé isteach i seama-a Chúon, ag cuartú. 'Muise.' Thug sé faoi ndeara
cliabh bheag shailí ina suí ar fhraigh. 'A chléibhín shailí, tá fhios agat
gurbh í an tine an chumhacht is mó atá agam. Is tá fhios agat go bhfuil
fhios agamsa gur feasach duit cá bhfuil Cúon. Dófaidh mé thú mura n-insíonn
tú dom cá bhfuil Cúon! Inis dom láithreach bonn!' Ag díriú ar chlí an
chillín, d'inis Cléibhín Sailí dó 'Síos ansin a chuaigh sé.'
Rug Seamol go grod ar an gclí, srac aníos de phreab é agus léim tríd an
bpoll. Bhí sé sa bhfolús, ag titim, ag titim.
Ansin, plab. Thuairteáil Seamol anuas ar bharr seama-a nua Chúon. Ghliúc sé
tríd an bpoll deataigh. Chonaic sé Cúon. 'Mhuise anseo atá tú.' Thit an lug
ar an lag ar Chúon nuair a chonaic sé Seamol. Lig sé cnead.
Bhí obair le déanamh ag Cúon: domhan úr nua a chruthú, domhan a bheadh go
maith don uile dhúil bheo a bhíodh lastall de na réalta. Bhídís uilig ag
teacht anonn anseo le cur fúthu. Bhí an domhan le bheith breá feiliúnach don
duine daonna leis cé nár smaoiníodh air siúd go nuige seo.
Ba ghairid go rabhadar beirt thar n-ais ar a seanléim. Chruthódh Cúon rud;
d'athródh Seamol é. Chruthódh Cúon rud éigin eile; rithfeadh Seamol anall is
d'athródh sé é chomh tapaidh is a d'fhéadfadh sé.
Bhí fadhb mhór ag Cúon agus cúnamh a dhíth air. Shuigh sé síos agus
thosnaigh ag machnamh. Smaoinigh sé is smaoinigh sé arís. Sara fada tháinig
neach chuige. Ainiceadal a bhí ann, earc luachra críonna. Bhí sé ag eitilt
thart thuas ansin, ach de bharr go raibh a bholg gorm ní raibh aon radharc
air. Chuala Ainiceadal smaointe Chúon, áfach. Gan mhoill, nochtadh Aléum
taobh leis, trína draíocht. Ba bhanscáil-loscann í, a bhíodh in ann Seamol a
ainliú, cuid mhór.
Chuala sí faoin bhfadhb is tháinig chun cuidithe. Tharla lá go raibh
Se-passa, an dordghealbhain, ag scinneadh leis tríd an bhfolús, é ina
chrithir airgeadúil. Chuala seisean smaointe Chúon is thuirling. Bhí neacha
go leor ann anois, de réir dealraimh. Ní bheadh mórán oibre aige, ach mar
sin féin, d'fhan Se-passa is é ag scinneadh agus ag lascadh leis.
Ba ghá an t-oileán a mhéadú. Bheadh mórchuid neacha ag maireachtáil ann.
Cheap Cúon 'Cuaillí fada' is bhí dhá chuaille fhada lena ais ar an bhomaite
- ceann dó féin agus ceann do Sheamol.
Chuadar beirt, Cúon agus Seamol, i mbun oibre leis na cuaillí. Bhrúdar agus
shíneadar amach talamh an oileáin chun an domhan a mhéadú. Cheap Cúon
'Cuaillí níos faide' agus b'ann dóibh láithreach. Mar sin, d'oibrigh sé féin
agus Seamol, ag síneadh amach talamh an oileáin chuig na ceithre hairde.
Bhíodar ag obair leo go dian dúthrachtach.
Lá amháin agus é ag brú na talún ní 'b'fhaide amach uathu leis na cuaillí
fada, a chuala Cúon glór éigin san adhmhaidin. Amhrán a bhí ann. B'álainn an
t-amhrán é.
D'éist sé. Aidhe, sin é é, amhrán álainn. Gach uair a d'éist Cúon, gach uair
a chuimhnigh sé ar an amhrán álainn sin stadadh chuile rud. Staonadh gach
uile dhuine ón obair. Thosaíodh Cúon ag obair arís agus thosaíodh gach duine
eile leis. Ach bhíodh a chluasa bioraithe ag Cúon go gcloisfeadh sé an
t-amhrán.
Maidin lá arnamhárach tháinig Cúon amach óna seama-a. Bhain sé searradh as
féin agus d'fhéach soir. Bhí néal ann. D'fhéach sé ó dheas. Bhí néal ansin.
D'fhéach siar. Néal ann. Ar deireadh, d'fhéach sé ó thuaidh. Bhí néal ansin.
B'amhlaidh a bhí sé ag canadh amhrán fíorálainn. Thit támhnéal ar Chúon agus
ní raibh de neart ann ach éisteacht leis an amhrán.
- Pearsanra an scéil -
Cúon: Sionnach Airgeadliath, neach a cruthaíonn agus atá cumhachtach. Bhí
sé sa scéal eile.
Seamol: Seanchadhóit, cleasaí, neach gan chaoi, gan chuma, síor-fústrálaí.
Aléum: Banscáil-loscann, seiftiúil, go maith ag lámhseáil agus ag ainliú.
Se-passa: Dord-dreoilín, a cheap an tuar ceatha mar chuimhniú ar an ngrá.
Ainiceadal: Earc luachra críonna, neach an-chumhachtach, seiftiúil.
Cmebhé A-lú: Ainnir-Scamall, an t-amhránaí.
Etbhuí-Minú: Banscáil-Iolar, Ainnir-Scamall mar a bhíodh, amhránaí, grá
geal Chúon.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|