rogha as Feasta, Meitheamh 2001
- Reifreann Nice - Eagarfhocal - Meitheamh 2001

Padraig Mac Fhearghusa


Cé a chreidfeadh go dtarlódh a leithéid - go ndiúltódh muintir na hÉireann glacadh le conradh de chuid an Aontais Eorpaigh? Nach dána an mhaise dúinn é agus sin inár nEorpaigh mhaithe go dtí seo. Sé an chéad rud is cóir a rá faoin toradh seo ná go bhfuil sé tuillte go maith ag an rialtas. Is lagiarracht cheart a bhí san fheachtas a d'eagraigh siad i bhfábhar Chonradh Nice.

Ach cad díreach a chiallaíonn an diúltú seo? Seo rogha freagraí - diúltú atá ann do leathnú an Aontais; diúltú atá ann d'arm Eorpach agus do dhíleá ár neodrachta; is leithleachas amach is amach é - is cuma linn faoin Eoraip nuair a thagann deireadh leis an airgead; is vóta é in aghaidh an ghinmhillte. De bhrí nach bhfuil aon duine cinnte cad a chiallaíonn an diúltú, níl aon duine cinnte cad is cóir a dhéanamh anois.

Deir an Páirtí Glas, a bhí go tréan in aghaidh an chonartha, go gcaithfear 'filleadh ar an gclár líníochta', pé brí atá leis sin. Maidir le Sinn Féin, bhí íoróin agus fiú greann ag baint lena raibh le rá acu faoi arm dá chuid féin a bheith ag an Aontas. Ach beidh siad siúd breá sásta leo féin, ní hamháin de bharr thoradh an reifrinn, ach níos mó fós le toradh an toghcháin ó Thuaidh. Dúramar anseo, le déanaí, go raibh an tAontas ag brú leasuithe agus athruithe polaitíochta orainn róthapaidh agus rómhinic, agus dá thoradh sinn go raibh daoine ag éirí imníoch faoi rólárnú cumhachta sa Bhruiséal. An féidir gurb é sin an fáth gur diúltaíodh don chonradh seo?

Is ait linn nár deineadh aon tagairt le linn an fheachtais don Euro, agus don drochthionchar a bheadh ag diúltú ar an gcóras airgid sin. Is le déanaí leis a dúramar go raibh sé faoi shíorionsaí ar na margaí airgid. Ó tháinig torthaí an reifrinn amach tá sé tar éis titim arís go leibhéal an-íseal in aghaidh an dollar. Ní thuigeann na saineolaithe cen fáth go bhfuil an Euro chomh lag, mar tá cúrsaí eacnamaíoch an Aontais i staid mhaith, fiú i gcomparáid le heacnamaíocht na Stát Aontaithe. An amhlaidh go bhfuil comhcheilg in aghaidh an Euro ag lucht an airgid, cosúil le George Soros agus a chairde, faoi mar a tharla nuair a bhí ar an rialtas i Londain an punt Sasanach a thógaint amach as córas airgid na hEorpa.

Ach b'fhéidir nach bhfuil i gceist ach go bhfuil bonn guagach go leor leis an Aontas Eorpach, agus go léiríonn diúltú conartha Nice é sin. B'fhéidir, mar a deir an Páirtí Glas, go gcaithfear filleadh ar an gclár líníochta úd.

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta